Beidh peata eagarthóir NÓS, an turtar Mícheálangaló, le feiceáil ar eagrán na hoíche anocht den chlár Peataí a chraolfar ar BBC Two NI. Labhróidh eagarthóir na hirise, Maitiú Ó Coimín, leis an láithreoir Tessa Fleming faoin turtar beag atá aige le sé bliana anuas.
Buailfidh muid le turtar @maitiuocoimin, a bhfuil ainm ar leith air, sa chéad eagrán eile de Peataí! le @tessa_niadh.
— BBC GAEILGE (@bbcgaeilge) January 8, 2021
22:00 Luan @BBCTwo NI@nosmag @_BigMountain @niscreen #ILBF pic.twitter.com/P09UQiqxQI
Cuireadh tús leis an tsraith Peataí ar BBC Two NI an tseachtain seo caite, sraith ceithre clár ina gcaitear súil ar pheataí éagsúla i ‘tob-chlinic’ san Ard Farm i mBaile Nua na hArda i gContae an Dúin. áit ar chuir tréidlianna agus saineolaithe eile ainmhithe fáilte roimh úinéirí peataí le ceisteanna a chur orthu faoi dhrochiompar, drochanáil, dea-bhia agus dea-ghrúmaeireacht.

Ar chlár na hoíche anocht, inseoidh Maitiú do Tessa faoin aire agus cúram a bhíonn ag teastáil ón turtar muisc atá aige, chomh maith leis an dúil atá ag an ainmhí beag i gceol Billie Eilish.
Beidh an clár á chraoladh ag 22.00 anocht ar BBC Two NI.
