Cuireadh casadh eile i scéal imeacht Chailtín Nic Aoidh anocht nuair a chuir láithreoir nua darb ainm ‘Caitlín Eile’ tuar na haimsire i láthair ar TG4.
Bhain an bhean fhionn nua siar as lucht féachana na réamhaisnéise agus dúirt go raibh sí ann in áit Iníon Nic Aoidh, a d’imigh go tobann as amharc Oíche Shamhna le linn di a bheith ag déanamh thuar na haimsire beo ar an aer.
Ní fios go fóill cén áit a bhfuil an láitheoir aitheanta as Dún na nGall ach dealraíonn sé anois go bhfuil bean ionaid faighte ag an stáisiún.
“Bhí mé ag déanamh VOs le cúpla lá agus tá lúcháir mhór orm bheith le feiceáil anseo ar an scáileán,” arsa Caitlín Eile anocht.
“Agus mar a fheiceann sibh tá uasghrádú déanta againn ar Chaitlín Nic Aoidh.”
Lean Caitlín Eile léi ina dhiaidh sin agus thug sí an réamhaisnéis na haimsire ina hiomlán.
Tugadh faoi deara go bhfuil cosúlachtaí idir an láithreoir nua agus Iníon Nic Aoidh agus tá féidearthacht láidir ann gur bhunaigh sí a stíl láithreoireachta ar bhean Thír Chonaill.
Beidh le feiceáil cé a bheas ag láithriú ‘An Aimsir Láithreach’ amárach ach, idir an dá linn, tá TG4 ag cur fáilte roimh aon eolas faoin áit a bhfuil Caitlín Nic Aoidh i láthair na huaire.