Bhuaigh an blag ‘Gaeilge le Glam’ trí mhórdhuais ag gradaim bhlagadóireachta Littlewoods aréir, ina measc ‘An Blag Gaeilge is Fearr’, ‘An Blag Nuálach is fearr’ agus ‘Blag na Bliana’.
Chaith an ceathrar blagadóirí, ar múinteoirí iad go léir, tucsanna ag an ócáid bhronnta, a bhí ar siúl in Duffy’s Circus, Dún Laoghaire, Baile Átha Cliath.
Tugadh aitheantas do na blaganna is fearr in Éirinn, i 23 rannóg ar leith, a chuimsíonn gach saghas ábhair ó chúrsa faisin agus aclaíochta go taistil, áilleachta agus saoil.
Bhí trí bhua ag Gaeilge le Glam ar an oíche agus iad buach sna trí rannóg ar ainmníodh iad iontu.
Sheol na blagadóirí glam teachtaireacht ar na meáin shóisialta ag rá gur “ónóir mhór” é an duais a thabhairt leo sa rannóg ‘Blag Gaeilge is Fearr’.
Dúirt siad fosta nár chreid siad gur sciob siad leo mórdhuais na hoíche, ‘Blag na Bliana’.
“Ní chreidimid é seo ar chor ar bith ach táimid an-sásta! Go raibh míle maith agaibh go léir!!”
Wow wow wow… #hattrick BLOG OF THE YEAR buaite againn!!! #LWIBloggies2016 @itwbn pic.twitter.com/hKldGuFAUT
— Gaeilge Le Glam (@GaeilgeLeGlam) 15 Meán Fómhair 2016
I measc na mblaganna Gaeilge eile a ainmníodh sa rannóg ‘Blag Gaeilge is Fearr’ bhí Bliain Leis na Dubs, Cosa gan Chompás agus iGaeilge.
Ceathrar cairde de bhunadh na Gaillimhe atá taobh thiar de ‘Gaeilge le Glam’ a tháinig ar an fhód breis agus bliain ó shin.
Díríonn an blag ar réimse leathan d’ábhar idir aclaíocht, cheol, dhrámaíocht, bhia, smideadh, leabhair, thaisteal agus eile.
Dúirt Aisling Ní Chormaic, duine de bhunaitheoirí an tsuímh, nuair a labhair NÓS léi agus an blag sna chéad laethanta tosaigh sin go raibh “éagsúlacht ollmhór suimeanna” ag an cheathrar a rachadh i bhfeidhm ar léitheoirí an bhlag.
Nach í a bhí cruinn ceart. Hup!
Comhghairdeas mór a chailíní Glam!
Is féidir cuairt a thabhairt ar Gaeilge le Glam anseo.