Is dócha go bhfuil aithne againn uilig ar dhuine den tsórt seo, a gcuireann sioscarnach na leathanach i leabhar nua nótaí gliondar croí orthu, a gcuirtear drithlíní áthais orthu as bheith ag scríobh le peann dúigh ar pháipéar bán, agus atá chomh sásta leis an gcat san uachtarlann sa rannóg stáiseanóireachta sa siopa leabhar.
Táim féin ina measc, agus an iomarca airgid caite agam i gcaitheamh na mblianta ar dhialanna, leabhair nótaí, agus pinn ghalánta. Cé go ndearna an dúil seo i bhfad níos boichte mé, rinne sé saineolaí díom chomh maith.
Mar sin, seo daoibh deich mbronntanas don té i do shaol atá gafa le stáiseanóireacht ghalánta. Soláthraithe Éireannacha uilig a gheobhaidh tú ar an liosta seo, ar féidir a gcuid earraí a ceannacht ar líne.
Bloc scríbhneoireachta Wrendale ó Thigh Standún, An Spidéal

Cupán agus leabhar nótaí ó Shannonbridge Pottery, Droichead na Sionainne

Leabhar nótaí Van Gogh ó O’Mahony’s, Luimneach

Beart scríbhneoireachta ó The Book Centre, Loch Garman


Bloc scríbhneoireachta ó Connect the Dots Design, Béal Feirste

Leabhar nótaí ó Helen Magee Design, na Clocha Liath

Leabhar nótaí bréidín ó Made in Cloughjordan, Cloch Shiurdáin

Leabhrán póca ó Lydia’s Wildlife Art, Luimneach

Peann feá, Donegal Pens, Leitir Ceannainn

Stáiseanóireacht phearsantaithe, Fold and Seal, Eachroim


Pinn phearsantaithe luaidhe ar fáil anseo ar €18.00
Leabhar pearsantaithe nótaí ar fáil anseo ar €15.00