10 moladh don eachtraí gan charr in Éirinn

Tá borradh mór tagtha faoi líon na ndaoine atá ag cur spéise i spórt eachtraíochta le dhá bhliain anuas. Tá na mílte daoine anois ag tarraingt ar cheantracha áille na hÉireann ó cheann ceann na bliana agus iad ag iarraidh dul ag siúl sna cnoic, ag rothaíocht trí na gleannta, agus ag snámh sna cuanta aoibhne atá ar fud na hÉireann. 

Bíonn an mhaith agus an t-olc ann i ngach scéal, áfach, agus níl le déanamh ach súil a chaitheamh ar charrchlós Choill an Chorráin i gCill Mhantáin, nó ar na bóithre timpeall ar Chuilceach i bhFear Manach, nó an Prom i mBóthar na Trá le tuiscint go bhfuil an spéis nua seo ag cur go mór le fadhbanna na gcarr in Éirinn. Bíonn bóithre beaga tuaithe plúchta ag carranna sna háiteacha is mó tóir agus níos measa fós cuireann na hastaíochtaí agus torann na gcarr isteach ar an gcomhshaol sna háiteacha leochaileacha seo. 

Ach an féidir áilleacht na hÉireann a fheiceáil gan an carr? Ar ndóigh is féidir! Chuaigh mé chun cainte le daoine a mbíonn ag siúl, ag rothaíocht, agus ag snámh ar fud na hÉireann le fáil amach cé na háiteacha is áille is féidir a bhaint amach ar an gcóras iompair poiblí. Tá mé fíorbhuíoch go háirithe de Ellie Berry ó Tough Soles agus Diarmuid Coffey.

Dá mhéad daoine a fhágann an carr sa mbaile is ea is mó spáis a bheidh sna háiteacha seo do na daoine a dteastaíonn carr uathu i bhfírinne. 


Slí Shléibhte Bhaile Átha Cliath

Tá an tsiúlóid seo ar cheann de na Slite Náisiúnta Slímharcáilte is mó tóir sa tír, agus is dóigh go bhfuil baint ag a ghaire is atá sí don phríomhchathair leis sin. Is féidir an cosán 43km a leanacht ón tSeanchill cois cósta go Tamhlacht in iardheisceart Bhaile Átha Cliath. Tógann sé dhá lá ar an ngnáthdhuine an bealach ar fad a shiúl, ach is féidir tosú chaon taobh de agus stopadh in áiteacha éagsúla ar feadh an bhealaigh – tá seirbhísí ann a stopann i nGleann Cuilinn (44B) agus an Chéim (47). Más maith leat tosú i dTamhlacht, téigh ar an Luas Dearg chomh fada leis an gCearnóg agus más maith leat tosú sa tSeanchill, téigh ar bhus ar bith a stopann taobh amuigh de Brady’s i lár an bhaile. 

Slí Cualann Nua

Is í seo an tSlí Náisiúnta Slímharcáilte is sine sa tír agus seans gurb í an ceann is mó cáil freisin. Síneann Slí Cualann Nua ó Pháirc Marley i ndeisceart Bhaile Átha Cliath chomh fada le Cluain na nGall i gCeatharlach. Tá an tseirbhís phoiblí timpeall ar Chluain na nGall go dona, ach mar sin féin is féidir taitneamh a bhaint as coda den tslí gan an carr a thabhairt leat. An bealach is éasca ná an chéad chuid ó Bhaile Átha Cliath go hÁth na Sceirí i gCill Mhantáin. Tá beagán le cois 25km i gceist leis an lá ach is féidir stopadh i nGleann Cuilinn agus an 44B a fháil ar ais chuig an gcathair leath bealaigh tríd. Téigh ar 16 go Páirc Marley más ag siúl ó dheas atá tú agus faigh an 44 as sin. Is féidir áiteacha eile – Cúirt na bPaorach agus Coill an Chorráin a bhaint amach ó Áth na Sceirí ach siúlóid <5km a chur díot freisin. 

Más maith leat an chéad chuid eile de Shlí Cualann a dhéanamh is féidir siúl ó Choill an Chorráin chomh fada leis an Tóchar (Bus 181) nó le hÁth na mBó (an bus céanna). 

Gleann Dá Loch

Tá Gleann Dá Loch féin ar Shlí Cualann Nua agus is féidir leanacht ar aghaidh ar an gcosán sin as seo, ach is iomaí bealach siúil ann a thaitneodh leis an turasóir lae. Is féidir St Kevin’s Bus a fháil ó Bhaile Átha Cliath nó an Nasc Áitiúil a fháil ó bhaile Chill Mhantáin chomh fada le hIonad Cuairteoirí Ghleann Dá Loch. Tá an t-uafás eolais ar fáil ón ionad céanna faoi na bealaí éagsúla siúil atá san áit – Slí na Mianadóirí, an Spinc, agus Poll an Easa ina measc. 

Slí na Tána 

Slí dheas ghairid í Slí na Tána i gceantar Cuailgne i gContae Lú. 40km ar fad atá an tslí agus ar ámharaí an tsaoil don siúlóir gan charr tosaíonn sí agus stopann sí san áit chéanna – Cairlinn (Bus 161). Tógfaidh sé dhá lá ar an ngnáthdhuine an bealach a chríochnú ach d’fhéadfaí é a dhéanamh in aon lá crua amháin. Más maith leat stopadh leath bealaigh, is féidir an bus 160 a fháil ó Ghleann na bhFiach go hIúr Cinn Trá nó Dún Dealgan.

An Chloichín, Tiobraid Árann 

Tosaíonn trí shlí mharcáilte sa mbaile beag seo, nó gar go maith dó. Sin iad Slí Oidhreachta Thiobraid Árann, Slí Urmhumhan, agus Slí Abhainn Dhuibh. Stopann an bus 245 ó Chluain Meala go Corcaigh i lár an bhaile agus tús a chur leis na siúlóidí seo, nó an lá a chaitheamh san áit agus dul suas chomh fada le Béal Locha agus Bóthar na gCorr, dhá áit atá go hálainn don siúl. Más ar Shlí Oidhreachta Thiobraid Árann atá tú ag tabhairt aghaidhe, tá busanna agus fiú traenacha ann i mbailte eile ar an tslí sin – Caiseal agus an Chathair. Stopann an bus 245 (a thug ann thú) i Mainistir Fhear Maí freisin atá beagán níos faide siar ar Shlí Abhainn Dhubh, agus níl stáisiún traenach Mhala chomh fada sin ón gcosán ach an oiread (<5km). 

Slí na Bearú

Shiúil mé féin an bealach seo le linn na Dianghlasála i samhradh 2020 agus thaitin sé chomh mór sin liom gur mhaith liom é a dhéanamh arís i mbád agus arís eile ar rothar nó ar mhuin capaill. Ar ndóigh, leanann an tslí an Bhearú, an dara habhann is mó in Éirinn ó chontae Cill Dara go contae Chill Chainnigh. Mar sin, leanann sí iarnród Phort Láirge-Baile Átha Cliath freisin agus is iomaí áit ann ar féidir stopadh agus an traein a fháil – Baile Átha Í, Ceatharlach, agus Muine Bheag. Tá seirbhísí bus sa gceantar freisin. Más maith leat turas mór fada a dhéanamh de, d’fhéadfadh tú tosú ag Duga na Canála Móire i gcroílár Bhaile Átha Cliath agus an chanáil a leanacht chomh fada le Baile Átha Í sula n-aimseoidh tú an Bhearú féin. 

Slí Uíbh Ráthaigh agus Cnoc na dTobar

Tá Cnoc na dTobar tuairim is uair an chloig de shiúl na gcos ó Chathair Saidhbhín ach más féidir leat rothar a thabhairt leat ar an mbus (beidh ort glaoch ar Bhus Éireann roimh ré) níl ann ach 15 nóiméad. Stopann an Nasc Áitiúil (285) agus Bus Éireann (279a) i lár Chathair Saidhbhín. Tá Cnoc na dTobar ar cheann d’Oilithreachtaí na hÉireann agus is féidir do stampa a fháils an ionad cultúir cois abhann. Níl Cathair Saidhbhín ar Shlí Uíbh Ráthaigh (nó Slí Chiarraí más fearr leat) go hoifigiúil níos mó (cuireadh an tslí ar mhalairt treo le deireanas) ach tá eolas ar shuíomh oifigiúil an tsuímh ar nasc chuig an mbaile – siúlóid 11km.

Barr Trí gCom

Tá baile beag darb ainm an Curraichín cúpla ciliméadar siar an bóthar ó Thrá Lí agus is féidir an bus beag a fháil chomh fada leis an séipéal ann. Tá siúlóid mhaith ann suas Barr Trí gCom, áit ar féidir radharc a fháil ar Chonamara ar lá breá. 

Corca Dhuibhne 

Tá an nasc áitiúil anois ann i gCorca Dhuibhne agus is iomaí áit ar féidir a bhaint amach air – Dún Chaoin, Ceann Sibéal, Bréanann, Sliabh an Iolair agus Cruach Mhártain ina measc. Ar ndóigh tá dhá Shlí Shlímharcáilte ar an leithnis – Slí Chorca Dhuibhne féin (nach bhfuil comharthaíocht Ghaeilge uirthi níos mó) agus Cosán na Naomh. Tá Slí Chorca Dhuibhne os cionn 150km ar fad a thosaíonn agus a chríochnaíonn i dTrá Lí. Is féidir an traein a fháil chomh fada leis an mbaile sin agus tá busanna go leor ann i mbailte ar feadh an bhaile – Dún Chaoin, an Daingean, Lios Póil, agus Abhainn an Scáil ina measc. Is féidir coda de a shiúil ó bhaile an Daingin siar go Ceann Trá agus Dún Chaoin agus an Nasc Áitiúil a fháil abhaile nó dul an treo eile agus Bréanann a dhreapadh. 

Rinne mé féin Cosán na Naomh ó Cheann Trá tamall ó shin, agus cé go siúltar ón trá go Bréanann de ghnáth, tá sé níos éasca bus a fháil abhaile ó Cheann Trá agus mar sin b’fhéidir gurbh fhearr leat tosú ag an mBaile Breac. Tá siúlóidí deasa timpeall ar Abhainn an Scáil agus Lios Póil freisin – áit a stopann an Bus Éireann 275.  

Lúba Thigh na hÉille

Tá Tigh na hÉille i gCill Mhantáin ag deireadh Shlí Cualann Nua, slí a pléadh cheana. Anuas ar an tslí mhór náisiúnta, áfach, tá go leor oibre curtha isteach ag an gComhairle Contae agus muintir na háite i Lúba Thigh na hÉille (Tinahely Looped Walks). Stopann an Nasc Áitiúil 800 i dTigh na hÉille agus beidh siúlóid bheag ort (<5km) le tús na lúb a bhaint amach. Is féidir Bus Éireann 132 a fháil chomh fada leis an mbaile freisin. 


Níl anseo ach blaiseadh beag na háiteacha is féidir cuairt a thabhairt orthu gan carr a thabhairt leat. Níor luaigh mé áit ar bith i gConnachta ná in Ultaibh ach beidh moltaí eile agam daoibh gan mhoill. Mo bhuíochas arís le Ellie Berry agus Diarmuid Coffery faoin gcúnamh.