10 nEochair Don Sonas

Ba é inné, 20 Márta, Lá Idirnáisiúnta an tSonais agus chuir sé ag smaoineamh muid ar na bealaí is féidir linn saol sona sásta a chothú.

Mar chuid den cheiliúradh i mbliana luaitear 10 n-eochair a chuidíonn linn ar fad an saol folláin sona sin a chruthú.

Rialacha ginearálta iad a bhaineann leis an dóigh a gcaithimid le gnáthimeachtaí an lae agus leis an dearcadh atá againn ar an saol.

Ar an rud is fearr ar fad faoin 10 n-eochair seo, atá bunaithe ar leabhar atá scríofa ag Vanessa King, ná gur féidir linn tarraingt orthu inár ngnáthshaol laethúil anois chun difear dearfach a mhothú.


1) Cuidigh le daoine

Helping

Bí flaithiúil le d’am, le d’fhuinneamh agus le d’acmhainn.

Is iomaí bealach ar féidir linn cuidiú le daoine.

Agus léiríonn taighde tar éis taighde go gcuireann muid lenár sláinte agus sonas féin nuair a dhéanann muid amhlaidh.

Má dhéanann muid ar fad é, tógfaimid pobail láidre shona.


2) Cumarsáid

Is foinsí tábhachtacha sonais, tacaíochta agus grá iad na caidrimh atá againn le daoine eile.

Léirítear go bhfuil daoine a bhfuil caidrimh láidre acu le cairde agus le daoine muintire leo níos sásta ná daoine nach bhfuil.

Déan iarracht caidreamh dearfach a thógáil agus a choinneáil leo siúd timpeall ort.


3) Aclaíocht 

Má tá muid ag súil le bheith sona, is gá aire a thabhairt don chorp.

Ciallaíonn sé sin gur ceart dúinn a bheith ag ithe go sláintiúil agus a bheith ag aclaíocht go rialta.

Tá aclaíocht ina cabhair má bhíonn muid in ísle brí agus tugtar spreagadh don intinn, breis fuinnimh don chorp agus fad saoil dúinn chomh maith.


4) Aireachas

Evening wonders.

Déan iarracht gan a bheith ag smaoineamh chun tosaigh an oiread sin agus gan a bheith gafa le do smaointe inmheánacha féin.

Mothaíonn muid níos fearr má tá muid ábalta fanacht san aimsir láithreach agus an intinn a chiúnú.

Tabhair áilleacht na timpeallachta faoi deara agus tú amuigh ag siúl, tosaigh ag cniotáil nó suí go ciúin gach lá ar feadh 10 nóiméad – beidh na cleachtais sin ina cuidiú againn.


5) Foghlaim

Coinnigh ort a bheith ag foghlaim agus a bheith ag triail rudaí nua anois agus amach anseo.

Tá an saol mór iontach amuigh ansin agus is mór an spreagadh é.


6) Spriocanna

Gold fish jumping out of small to big fishbowl

Is fiú spriocanna réalaíocha a leagan amach agus a bheith ag tnúth le rudaí.

Tugtar ardú meanman dúinn nuair a éiríonn linn sprioc a bhaint amach.


7) Acmhainn

Bíodh sé d’acmhainn againn teacht ar ais ón anás.

Is furasta é a rá ar ndóigh, ach tar éis tinneas a bheith ort, cailliúint nó fulaingt de shórt ar bith, cuideoidh sé leat má tá modhanna againn (aclaíocht, ceol, cairdeas) chun teacht ar ais chugat féin.


8) Dearfacht

Is cuidiú é más féidir linn díriú ar na rudaí dearfacha sa saol.

Bímis ag súil le thuas seal thíos seal, le hamanna maithe agus tréimhsí crua ach má tá muid buíoch agus dearfach faoina bhfuil againn sa saol, beidh muid níos sásta.


9) Bí sásta i do chraiceann féin

Happy

Níl duine ar bith againn foirfe ach taispeáin grá duit féin.

Ní fiú dúinn muid féin a chur i gcomparáid le daoine eile, bíodh sin ar eolas agat.

Níl aon mhaith ann.


10) Bí páirteach i rud éigin

Bíodh sé i do shaol oibre nó pearsanta, tá fianaise ann go bhfuil daoine atá paiseanta faoi rud éigin, nó rudaí ar leith, níos sásta agus go mbíonn níos lú brú, struis agus imní orthu.

Aimsigh do chaitheamh aimsire nó cúis!

SCÉALTA EILE