12 bhronntanas don éanbhreathnóir

Spideoga ag súgradh, dreoilíní ag damhsa, seinm na smólach…chaithfinn uaireanta fada an chloig ag baint lán mo shúl as a leithéid de shiamsaíocht sa ghairdín cúil!

Nílim im m’aonar sa chaoi seo ach oiread. Tá muintir na hÉireann ag baint suilt as a bheith ag breathnú ar na créatúir chleiteacha seo ó thús ama, mar is léir ó ainmneacha galánta na n-éan, a thugann an oiread le fios dúinn faoi na créatúir úd, ón gcabaire breac go dtí an lasair choille. 

Bhí éanbhreathnóirí inár measc i gcónaí, agus thabharfainn m’fhocal go bhfuil níos mó againn anois ann ná mar a bhí riamh, tar éis laethanta fada Covid. I ndiaidh na míonna a chaitheamh sa bhaile, gan tada le déanamh againn ach breathnú amach an fhuinneog, tá muid tar éis titim i ngrá lenár n-éiníní arís. 

Is mó an seans anois ná riamh, mar sin, go bhfuil éanbhreathnóir i do shaol agus más ea, tar éis bronntanais a fháil ón liosta seo thíos, is iad a bheidh chomh sásta le rí (rua!) an Nollaig seo.


Éin Neamhchoitianta na hÉireann, Native Circles Art, Cill Mhantáin

Ar fáil ar €45 anseo.

Ealaín ó Amelia’s Irish Design, Leitir Ceannainn

Ar fáil ar €40 anseo.

Fáinne cluasa dreoilín ó Chou’s Cottage, Cluain Meala

Ar fáil ar €15 anseo.

Leabhar Glynn Anderson ó Kenny’s, Gaillimh

Ar fáil ar €16.94 anseo.

Gloiní ó CJ Wildlife, Baile Átha Cliath:

Ar fáil ar €99.99 anseo.

Sparán bréidín ó Made in Cloughjordan, Cloch Shiurdáin

Ar fáil ar €13.50 anseo.

Beathadáin éan ó Willow Baskets by Sarah

Ar fáil ar €40 anseo.

Éin gháirdín na hÉireann, Helen O’Higgins Design, Baile Átha Cliath

Ar fáil ar €27.20 anseo.

Smólach Ceoil ó Kilkenny Design

Ar fáil ar €64 anseo.

Muga Shannonbridge Pottery ó Chairde Éanlaith Éireann

Ar fáil ar €7.50 anseo.

Ar fáil ar €20.40 anseo.

Puifín Nollag, Tilly and Puffin, An Daingean

Ar fáil ar €16.62 anseo.

SCÉALTA EILE