23 bliain d’aois, oíche Dé Sathairn, agus jigsaw os mo chomhair

D’imigh mo chairde ar fad abhaile don deireadh seachtaine agus den chéad uair le cúpla mí anuas fágadh  liom féin i nGaillimh gan chara gan phlean. Dúirt mé liom féin go dtapóinn an deis le hobair agus staidéar a dhéanamh, mo sheomra a ghlanadh, dul chuig an trá, aclaíocht de chineál éigin a dhéanamh agus sult a bhaint as m’am saor. 

Bhí lear mór brú orm an tseachtain seo caite mar sin bhí mé ag dúil go mór leis an am seo a chaitheamh ag ligean mo scíth agus ag déanamh rudaí sultmhara. 

Ach mar a tharlaíonn i gcónaí, tháinig an Aoine agus ní raibh fonn orm mórán a dhéanamh. Chuir mé leath iarracht isteach an seomra a ghlanadh, chuaigh mé ar shiúlóid agus rinne mé dinnéar blasta dom féin, ach níorbh fhada gur ghéill mé agus go raibh mé ag amharc ar scannáin sa leaba. 

Bhí idir bhrón agus uaigneas orm nuair a chuala mé daoine ólta ag ceol agus ag caint ar a mbealach chuig na tithe tábhairne agus b’amhlaidh an scéal agus iad ar a mbealach ar ais. Ach in áit a bheith ag mothú trua dom féin, chinn mé go ndéanfainn rud éigin faoi an lá dar gcionn.

Mar a dúirt mé, bhí strus millteanach orm an tseachtain sin agus bhí mé ag cuartú dóigh le dul i ngleic leis. Tá a fhios agam go gcuidíonn aclaíocht go mór ach bíonn sé deacair dom an teach a fhágáil nuair atá strus mór orm, mar sin ní raibh mé in ann sin a dhéanamh.

 Taitníonn sé liom a bheith ag fuáil ach in amanna cuirim an oiread sin brú orm féin rudaí deasa a dhéanamh go bhfuil sé deacair sult a bhaint as agus mé faoi bhrú cheana féin. Mar an gcéanna le bheith ag scríobh, ag dathú rudaí agus lear mór rudaí cruthaitheacha ach sin scéal eile! 

Bhí mé istigh i siopa carthanachta agus chonaic mé go raibh míreanna mearaí (focal nua dom ansin) acu ar €2, agus déan tomhas cé mhéid a bhí i mo sparán agam?! €2 (maith thú féin! Níl aon duais ann.)

Mar sin cheannaigh mé é, ghlac mé liom é agus thosaigh mé air láithreach bonn. 

Chaith mé an lá ar fad Dé Sathairn ag dul dó agus mé ag éisteacht le phodchraoltaí agus d’imigh an strus agus t-imní ar fad uaim don lá sin. Bhí mé in ann na ribí gruaige liath a mhothú ag donnú arís agus an brú fola ag titim le gach píosa a chur mé isteach ann. 

Mhothaigh mé ciontach in amanna nach raibh mé ag déanamh obair ollscoile ach ag an am céanna bhí a fhios agam go raibh seo de dhíth ar mhaithe le mo shláinte féin agus go bhfuil sin níos tábhachtaí ná rud ar bith eile. 

D’imigh an lá agus tháinig an oíche agus arís, chuala mé ceol na gcóisirí agus daoine ag ceol agus ag caint taobh amuigh ach níor chuir sé isteach orm an oiread sin an iarraidh seo. Anois shílfeá nach mbeinn róshásta ag suí sa teach ag dul do mhíreanna mearaí agus mé 23 bliain d’aois ach i ndáiríre, bhí mé ag baint an-sult as!

Arís, De Domhnaigh thug mé cead dom féin giota beag a dhéanamh sular thug mé aghaidh ar an réaltacht. Mar a tharla sé, nuair a shuigh mé síos le hobair ollscoile a dhéanamh, bhain mé sult as é a dhéanamh den chéad uair le míonna anuas agus bhí mé iontach bródúil as. 

Tá sé ag cuidiú go mór ó thaobh imní de chomh maith agus is cinnte go mbeidh mé ag moladh do gach duine a bhuailim leo anois ceann a fháil. Súil agam anois go gcuireann sé leis an obair ollscoile agus na scrúdaithe atá le teacht in áit cur isteach orthu!

SCÉALTA EILE