Ó shroich mé Meiriceá tá tréith nua agam nach raibh agam sa bhaile – an tÉireannachas.
Is minic a labhraítear faoin gcuid sin díom. Táthar ann a bhíonn cráite aige, ach ní chuireann sé as domsa go ndéantar tagairt do mo náisiúntacht.
Admhaím, áfach, go mothaím cineáilín amscaí tar éis “I’m Oirish too!” a chloisteáil ó Mheiriceánach cruthaithe.
Ná bí buartha, bím tuisceanach agus lách leo i gcónaí. Cabhraíonn sé liom an grá atá agam do Mhaigh Eo, contae m’athar nach raibh mise i mo chónaí ann riamh, a shamhlú agus mé ag caitheamh leo.
Tuigim nach gceapann siad gur in Éirinn a rugadh iad, ach go bhfuil siad ag rá liom go bhfuil gaol acu le mo thír, agus gur cuid den dream céanna muid.
‘Cé leis thú?’ — ceist thábhachtach i dtír atá chomh scaipthe le Meiriceá.
Ceist amháin é an diaspóra, ach ceist eile ar fad é nuair a ghlacann duine leis an ‘Éireannachas’ gan gaol ar bith a bheith acu leis an tír.
Beidh toghchán in Chicago an mhí seo chugainn. Ar an bpáipéar ballóide feicfear go bhfuil duine darb ainm ‘Shannon P. O’Malley’ ag rith le bheith ina bhreitheamh.
Duine breá ‘Éireannach’ ó sheacht nglúin siar? Ní hé ná é. ‘Phillip Spiwak’ an t-ainm a bhí air don chéad 50 bliain dá shaol, go dtí gur athraigh sé a ainm.
In 1991 d’fhoilsigh an New York Times scéal a rinne cur síos ar an gcleas a bhí ag iarrthóirí in Chicago a bhfíorainmneacha a athrú go hainmneacha Éireannacha, ar mhaithe le tuilleadh vótaí a fháil.
Ná bac le taithí ná oiliúint, in 1988 dúirt cathaoirleach an Chicago Council of Lawyers féin “All too often, a familiar last name may be a candidate’s strongest asset”.
Ach cén fáth go mbeadh na hainmneacha Éireannacha chomh láidir sin?
Go stairiúil, deirtear go raibh sé de bhuntáiste ag na hÉireannaigh Béarla a bheith acu nuair a tháinig siad go Meiriceá, agus gur chabhraigh sé sin leo róil in oifigí poiblí a bhaint amach.
Ó shin i leith tá stair láidir ag na hÉireannaigh mar pholaiteoirí sna Stáit, agus tá leathanach Wikipedia iomlán dírithe ar pholaiteoirí Meiriceánacha de shliocht na hÉireann.
Rith Shannon O’Malley i dtoghchán in 2010 faoina fhíorainm Philip Spiwak, ach níor éirigh leis. Ansin in 2012 d’athraigh sé a ainm go hoifigiúil.
Dar le Shannon, is in ómós do mheantóir Éireannach a bhí aige, agus a d’imigh ar shlí na fírinne le hailse, a phioc sé an t-ainm Éireannach sin.
Dá mbeinn an-suarach ar fad thabharfainn suntas don ainm “Shannon”. Dar leat an ainm mná nó fir é sin?
Míníonn an staidéar “Judicial Primary Elections in Cook County, Illinois: Fear the Irish Women!” gur buntáiste mór é ainm Éireannach a bheith ar iarrthóir i dtoghcháin Chicago, agus ní hamháin sin ach go n-éiríonn níos fearr le mná.
Thosaigh an nós sin ainmneacha a athrú sna 80idí, agus d’éirigh sé chomh coitianta sin in Chicago gur cuireadh dlí stáit i bhfeidhm a chuir iachall ar iarrthóirí a sean-ainmneacha a chur ar an bpáipéar ballóide in éineacht leis an ainm nua.
Ní bhaineann an dlí leo siúd a d’athraigh a n-ainm níos mó ná trí bliana roimh an toghchán, áfach, mar sin ní bheidh ar Shannon O’Malley bacadh leis.
Cleas follasach seo, caimiléireacht, agus cur i gcéill?
B’fhéidir gur de shliocht na bpolaiteoirí Éireannacha atá siad tar éis an méid sin uile!