D’fhógair an Taoiseach Leo Varadkar aréir nach ceadmhach do mhuintir na 26 chontae dul níos faide ná dhá chiliméadar óna gcuid tithe, ach amháin le bia agus earraí eile riachtanacha a cheannacht nó le dul ag obair i bpost ríthábhachtach.
Fágann na srianta nua a leagadh orainn nach mbeidh go leor daoine in ann a ngnáthbhealaí rothaíochta, reatha, ná siúil a leanacht idir seo agus Domhnach Cásca.
Mar sin féin, moltar dúinn am a chaitheamh amuigh faoin aer ar bhealach sábháilte más féidir. Tá aip ar líne cruthaithe ag fear darb ainm Dave Bolger a leagann ciorcal beag dearg timpeall ar áit ar bith ar léarscáil na hÉireann, a léiríonn an teorainn dhá chiliméadar atá timpeall ar an spota sin. Triail anseo é go bhfeice tú cé chomh fada ón teach is atá tú in ann dul.
Moltar duit fanacht sa teach an oiread agus is féidir le linn na géarchéime seo, agus gan dul amach ach amháin ar mhaith le píosa beag aclaíochta a dhéanamh uair sa ló. Má théann tú amach, déan cinnte go bhfanann tú le daoine a bhfuil tú in aontíos leo cheana féin agus nach mbíonn tú níos gaire ná dhá mhéadar ó dhaoine eile.
Tá cead agat dul níos faide ná dhá chiliméadar le bia a cheannacht nó a bhailiú.
Seo thíos an spás spraoi atá ag oifig NÓS i mBéal Feirste!