Ar mhothaigh tú riamh go gcuireann tú barraíocht ama amú gach lá?
Má tá saol gnóthach agat, nó má chuireann tú laethanta fada oibre isteach go rialta, nó fiú má tá tú ag staidéar go dian, tá mé cinnte gur mhothaigh tú go dtiocfadh leat a bheith ag déanamh le huair a’ chloig nó dhó breise chun do chuid oibre a chur i gcrích.
Seo trí leid a chuideoidh leat níos mó rudaí a fháil déanta, agus a bheith níos seiftiúla le do chuid ama, tús áite a thabhairt do na rudaí tábhachtacha agus níos lú ama a chaitheamh leis na rudaí a chuireann do chuid ama amú!
Bainim féin úsáid as na seifteanna seo go laethúil agus mé i mbun oibre in ACLAÍ i gCorcaigh, agus is mór a chuidíonn siad liom cothromaíocht a bhaint amach i mo shaol oibre agus i mo shaol pearsanta.
1. Sábháil ‘Am’ seachas ‘Airgead’
Nuair a bhunaigh mé ACLAÍ in 2013, thosaigh mé amach ag déanamh na hoibre ar fad mé féin: dearthóireacht, páipéarachas, oiliúint, díolacháin, cumarsáid agus glantóireacht.
Ní raibh aon bhealach eile ar eolas agam ag an am ach an jab a dhéanamh mé féin, ach nach orm a bhí an dallamullóg.
Bhí mé ag rá liom féin go raibh orm é a dhéanamh mar nach raibh mé chun bheith ag caitheamh airgead luachmhar ar chúntóir ná ar ghlantóir ná ar dhuine eile.
Bhí dul amú orm mar nár thuig mé gur chóir domsa a bheith ag díriú mo chuid airde ar na rudaí nach féidir le héinne eile a dhéanamh – is é sin na rudaí a raibh mo chuid saineolais féin ag teastáil ina leith leis an ghnó a thógáil agus an t-airgead a thabhairt isteach sa dóigh is go mbeadh an fhís in ann teacht le chéile.
De réir mar a d’éirigh mé níos gnóthaí le dualgais éagsúla, rith sé liom go bhfuil i bhfad níos mó luacha le ham i gcomparáid le hairgead.
Dá gcaithfinn mo chuid ama ar na dualgais a shaothraíonn airgead, agus airgead a chaitheamh ar na rudaí a shábhálann am, bheadh an gnó níos rathúla, agus bheadh níos mó am saor agam i rith an lae.
Is féidir leat an ceacht seo a úsáid i do shaol féin trína chur i bhfeidhm ar na rudaí beaga a mbíonn ort iad a dhéanamh go rialta. Má tá cónaí ort in árasán a bhfuil sé iontach deacair éadaí a thriomú ann tar éis an níocháin, tabhair suas chuig an ionad glantóireachta iad!
Má tá coincheap nua agat le haghaidh suíomh idirlín, aimsigh dearthóir gréasáin agus fostaigh é nó í seachas foghlaim cén dóigh le suíomh a thógáil tú féin.
Caith do chuid ama ag saothrú seachas ag caitheamh.
2. Déan an rud is tábhachtaí ar dtús
Bíonn rath níos fearr ar ár gcuid iarrachtaí ag pointí áirithe den lá. Is ulchabháin iad roinnt daoine a n-éiríonn leo cuid mhaith a dhéanamh san oíche.
Domsa faoi láthair, bím níos tairbhiúla ar maidin agus i rith an tráthnóna i gcomparáid leis an oíche.
Déanaim mo chuid traenála idir 7-11 ar maidin, scríbhneoireacht agus léitheoireacht tar éis sin, agus bíonn na coinní comhairliúcháin ar fad agam idir 4 agus 8 i.n.
Go hiondúil bíonn liosta ‘le déanamh’ agam gach lá, agus mholfainn liostaí a úsáid a chuideoidh leat cuimhneamh ar na rudaí atá le déanamh agat.
Ar an chomhairle is mó ar fad atá agam daoibh, b’fhiú machnamh ar an aon rud amháin atá ar an liosta sin a thabharfaidh tú níos cóngaraí do do sprioc – agus ansin é a dhéanamh.
Ní fiú a bheith ag déanamh do bhealach síos do liosta ar nós gurb ionann gach uile rud atá le déanamh agat sa lá. Tá roinnt rudaí níos tábhachtaí ná rudaí eile, agus tá rud amháin ann atá níos tábhachtaí ná achan rud eile!
Aimsigh an rud amháin sin, agus déan é.
Dom féin, uair amháin a dhéanaim an ‘rud amháin’, is bónas sa bhreis é gach rud eile sa lá!
3. “Déan, nó ná déan”
Tá an spás sin idir rud a dhéanamh agus gan rud a dhéanamh ar an áit is míthairbhiúla inar féidir leat a bheith.
Déanaim mo sheacht ndícheall an méid is lú ama a chaitheamh istigh sa phurgadóir sin, óir mothaíonn sé go bhfuil tú dul i mbá sa láib.
Mar shampla, abair go raibh mé múscailte go mall arú aréir, agus go raibh lá an-ghnóthach os mo chomhair amach, ach go raibh sé ar intinn agam dul chuig an aclann le seisiún traenála a dhéanamh.
Ar maidin, b’fhéidir go ndéarfainn liom féin go ndéanfaidh mé an seisiún ag meán lae.
Ag meán lae chuirfinn siar é go dtí a trí a chlog.
Ag a trí, chuirfinn siar arís é go dtí a sé a chlog, ansin a hocht a chlog.
Ag a hocht, bheinn scriosta, agus ní dhéanfainn an diabhal ruda ar chor ar bith!
Tá ciall ceannaithe agam faoin tráth seo agus anois bainim úsáid as an mhana, ‘déan é, nó ná déan é’.
Má mhothaím go bhfuil baol ann titim isteach sa dol seo, cuirim an seisiún ar ceal go borb agus go gasta.
Sa dóigh seo, tá mé saor chun díriú isteach ar an obair, agus gan a bheith ag mothú ciontach faoi an seisiún a bhrú amach, amach, amach.
Déan an cinneadh, déan go gasta é agus beidh saoirse agat!