5 ban Gaeltachta nár chuala tú fúthu

Inniu Lá Idirnáisiúnta na mBan Tuaithe agus tá ceiliúradh á dhéanamh ar fud an domhain ar éachtaí na mban tuaithe agus ar an tionchar mór millteach a bhíonn acu ar an saol mór. Is minic a dhéantar dearmad ar éachtaí na mban trí chéile agus súil á caitheamh ar stair an chine daonna, ach fiú nuair a thugtar mná san áireamh agus scéal ár sinsear á ríomh, is minice go ndéantar dearmad ar mhná a bhí gníomhach amuigh faoin tuath. 

Ní gá gur réabhlóidithe armtha na mná tábhachtacha seo, cé gur iomaí bean tuaithe a throid ar son na hÉireann gualainn ar gualainn leis na fir, ach mná a rinne beart ar son a muintire féin, ar son a gcultúir nó ar son an chine daonna. Ba bhean Ghaeltachta an bhean tuaithe is cáiliúla in Éirinn, an seanchaí Peig Sayers, agus a cáil amuigh ó cuireadh leagan ciorraithe dá saothar ar shiollabas na hArdteiste fadó.  Ach seachas Peig is ar éigean go bhfuil ainm aon mhná Gaeltachta ón stair in airde in Éirinn. 

Seo duit cúigear ban Gaeltachta nár chuala tú fúthu

Eibhlín Ní Éigearta (1893-1979), Baile Bhuirne

Bhí Eibhlín Ní Éigearta ina múinteoir meánscoile i gClochar Loreto i Loch Garman go dtí 1915 nuair a chaill sí an post mar gur shíl na mná rialta a bhí i gceannas na scoile go raibh “aidhmeanna náisiúnaíocha” á múineadh aici ann. Ball gníomhach de Chumann na mBan a bhí inti ar bronnadh bonn uirthi as an méid a rinne sí in Inis Córthaidh le linn Éirí Amach na Cásca 1916. 

I ndiaidh di an post múinteoireachta a chailleadh ag deireadh na bliana 1915, bhíodh sí anonn is anall idir Londain agus Éire, agus obair ar bun aici le Conradh na Gaeilge agus Cumann na mBan. Bhí sí ar dhuine de cheannairí an gharastúin in Inis Córthaidh Seachtain na Cásca, an t-aon gharastún taobh amuigh de Bhaile Átha Cliath a choinnigh seilbh ar a n-áit ar feadh na seachtaine. 

D’fhill sí ar Shasana i ndiaidh an Éirí Amach agus bhí sí gníomhach arís in imeachtaí Chonradh na Gaeilge. I measc na ndaltaí Gaeilge a bhí aici bhí an t-aisteoir Micheál Mac Liammóir, an fear a bhunaigh Taibhdhearc na Gaillimhe in 1928. Tháinig sí ar is go hÉirinn nuair a phós sí in 1919 agus chuir fúithi i gCorcaigh go dtí a bás in 1979. 

Róise Mhic Grianna (1879-1964), Árainn Mhór

Amhránaí agus seanchaí a bhí i Róise Mhic Grianna a bhain cáil amach nuair a craoladh ábhar a bhailigh Proinsias Ó Conluain uaithi ar Radió Éireann in 1953. Ba é a hathair altramais Antain ‘An Búistéir’ Ó Gallachóir, an scéalaí mór deireanach a bhí san oileán, agus ba uaidh sin a fuair sí a cuid scéalaíochta. Tháinig an chéad duine a bhailigh amhráin agus seanchas uaithi chuici in 1940, an tUrramach Cosslett Ó Cuinn, agus thug cuairt an fhir eaglasta misneach di coinneáil uirthi ag gabháil den amhránaíocht agus don seanchas.

Os cionn deich mbliana ina dhiaidh sin, tháinig Pádraig Ó Cnáimhsí chuici agus bhreac sé 70 amhrán uaithi agus chuir scéala ar Choimisiún an Bhéaloidis agus Radió Éireann go raibh an seanchaí agus amhránaí mór seo in Árainn Mhór.  Tháinig ionadaithe ón dá eagraíocht sin chomh maith le fear mór an cheoil, Séamus Ennis, a thaifead ábhar uaithi don BBC. Cuireadh a seanchas i bhfoirm leabhar in 1983 agus eisíodh dlúthdhiosca dá hamhránaíocht in 1994. Tá sí ar dhuine de na daoine is mó a chaomhnaigh seanchas agus amhráin Thír Chonaill le linn an chéid seo caite. 

Mary Ellen Uí Bheaglaoich, (1916-2004) Corca Dhuibhne 

Amhránaí agus ceoltóir a thug a hoidhreacht agus a dúchas ar aghaidh chuig an gcéad ghlúin eile agus a chinntigh gur mairfeadh an Gaelachas i bhfad ina diaidh in iarthar Chiarraí. Bhí spéis nach beag ag tuismitheoirí Mary Ellen sa gceol agus san amhránaíocht agus ba fhidléir aitheanta é a seanuncail, Tom Ferris. Thug Mary Ellen seanamhráin agus ceol léi óna muintir agus mhúin dá clann: Máire, Eibhlín, Seosaimhín, Séamus agus Breandán go háirithe, iad. Ní gá a rá gur bhain na páistí sin a gcáil féin amach ina dhiaidh sin agus cáil anois ar chlann a clainne. Sa gcuntas ar a bás, a foilsíodh ar The Irish Times, tugadh the Carnegie Hall of West Kerry ar an halla ceoil ar léi agus lena fear céile é ar an Muiríoch, agus deirtear go raibh na sagairt go mór ina aghaidh. Tá glór Mary Ellen le cloisteáil ar an dlúthdhiosca Na Caipíní a d’eisigh Claddagh Records.

Bríd Uí Dhíreáin (1894-2003) Árainn

Bhain sí áit amach in Guinness Book of Records in 1998 agus í ceithre bliana le cois an chéid d’aois nuair a bronnadh céim mháistir uirthi in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, an duine ba shine riamh ar ar bronnadh a leithéid.  D’oibrigh sí mar fheighlí páistí in Árainn agus dhéanadh sí obair an tí nuair a d’fhág sí an bhunscoil agus í 14 bliain d’aois. Bhí aithne aici ar Phádraig Mac Piarais, Tomás Ághas, Éamonn Ceannt agus Joseph Mary Plunkett agus réitigh sí tae dóibh uilig agus í ina cailín óg in Árainn ag tús an chéid seo caite. 

D’fhág sí na hOileán Árann agus bhog go Tiobraid Árann, áit a ndeachaigh sí isteach i gCumann na mBan. As sin, chuaigh sí go Ospidéal Naomh Ultán i mBaile Átha Cliath le bheith ina haltra in ospidéal na leanaí. Mar chuid den chúrsa b’éigean di a bheith ina feighlí páistí i mBaile Átha Cliath freisin agus bhí sí ag tabhairt aire do pháistí Claude Chavasse nuair a thug na Dúchrónaigh ruathar faoina theach. Gabhadh iad beirt agus tugadh chuig an Bridewell ar dtús agus ansin chuig Carcair Mhuinseo iad. Chuaigh Bríd ar stailc ocrais naoi lá sular scaoileadh saor í. 

Cé go raibh sí in aghaidh an tSaorstáit le linn Chogadh na gCarad, chaith sí blianta fada ag tabhairt aire do theaghlach Risteáird Uí Mhaolchatha, ceannaire míleata an tSaorstáit, i ndiaidh an chogaidh. Chaith sí blianta fada i Stáit Aontaithe Mheiriceá freisin mar a raibh sí ina haltra i monarcha urchar agus ina haltra aerfhórsa le linn an Dara Cogadh Domhanda. D’fhill sí ar Árainn ag deireadh a saoil agus bhásaigh sí i nGaillimh agus í 109 bliain d’aois. 

Maighréad Nic Mhaicín (1899-1983), An Clochán Liath

Ba í Maighreád Nic Mhaicín, as Gaeltacht Thír Chonaill, an chéad mhúinteoir Rúisise i gColáiste na Tríonóide. Rugadh ar an gClochán Liath Maighréad ach bhí a teaghlach siúlach go maith agus chaith sí tréimhsí i mBéal Feirste, i mBaile Monaidh, i mBaile Átha Cliath, agus in Paris. Ba le linn di MA dhéanamh i bpríomhchathair na Fraince a chuir sí spéis ar dtús sa Rúisis. Ba í ba mhó a d’aistrigh ábhar ón Rúisis go Gaeilge.

Ba mhúinteoir cáilithe í ach níor thaitin seomraí ranga léi agus b’fhearr léi ceachtanna príobháideacha a thabhairt. Thosaigh sí ag aistriú scéalta thart ar an am céanna a d’éirigh sí as a bheith ina múinteoir ranga. Ba in 1932 a chuaigh sí chun na Rúise den chéad uair agus fuair obair ann mar aistritheoir. Phós sí Conallach eile, Pádraig Ó Breisleáin, ann nuair a thug sí cuairt eile ar an Rúis in 1935. Theastaigh uaithi a gcéad leanbh a thabhairt ar an saol in Éirinn agus rugadh a n-iníon Anna Maighréad i mBéal Feirste in 1938, ach níor thug an tAontas Sóivéadach cead di filleadh ar an Rúis agus níor thug siad cead dá fhear céile an tír a fhágáil. Ní fhaca siad a chéile riamh arís. Bhásaigh sé in 1942 agus é ina chimí in Kazan le linn an Dara Cogadh Domhanda.

Fuair sí post mar mhúinteoir Rúisise i gColáiste na Tríonóide in 1943, ach in ainneoin a saineolais ar an Rúisis agus ar litríocht na Rúisise níor ceapadh ina ceann roinne í toisc nár bhain sí aon cháilíocht fhoirmiúil amach sa Rúisis. D’aistrigh sí an t-uafás leabhar ón Rúisis go Gaeilge, ón nGaeilge go Rúisis agus ón Rúisis go Béarla agus vice versa. D’aistrigh sí leabhair eile ón mBéarla go Gaeilge agus ón bhFraincis go Gaeilge. 

SCÉALTA EILE