Ag an lá deireanach den bhliain buailte linn, caitheann NÓS súil siar ar ár mbuaicphointí féin le linn 2016.
1. Gradaim Cheoil NÓS
Cuireadh tús spleodrach le 2016 agus Gradaim Cheoil NÓS á reáchtáil den chéad uair sa Sugar Club i mBÁC.
Oíche speisialta cheoil, cheiliúrtha agus chuideachta a bhí ann inár tugadh aitheantas do cheoltóirí agus d’amhránaithe atá ag saothrú i ngort an nuacheoil Ghaeilge.
Ní i bhfad uainn Gradaim Cheoil NÓS 2017 a chairde agus tá muid ag tnúth go mór le héachtaí ceoil na bliana a cheiliúradh i bhur dteannta!
2. Amhrán na hAoine
Ag fanacht le cúrsaí ceoil, tháinig an mhír rialta ‘Amhrán na hAoine’ chun cinn i mbliana, mír a thugann ardán d’amhrán nua-chumtha Gaeilge ar leith.
Is ceann de bhuaicphointí na seachtaine é in oifigí NÓS cluas a thabhairt don amhrán úr agus seans cainte a fháil le cumadóirí bisiúla ar fud na tíre.
Buíochas mór leis na hamhránaithe a ghlac páirt ann le linn na bliana agus tá muid ag súil le fáilte a chur roimh níos mó agaibh sa bhliain úr. Hup!
3. Na Rubberbandits sa Phuball Gaeilge
Caithfear cuairt na Rubberbandits ar Phuball Gaeilge Electric Picnic a chur san áireamh i measc bhuaicphointí beo na bliana.
Tháinig na ropairí rubair amach ar an ardán gan choinne agus ‘Róisín, Ba Mhaith Liom Bruíon le d’Athair’ á cheol acu.
Is beag nár eitil an puball agus an uile Ghael laistigh ann in airde, a leictrí is a bhí an fuinneamh ann!
4. Ainmneacha comharsanachta na hÉireann
Déan dearmad ar ‘Humans of New York’, cás le ‘Gaeil na hÉireann’ ar an tseándóigh!
Bhí láithreoir TG4, Mícheál Michael Micí, aka Micheál Ó Ciaraidh, i measc na nGael breátha ar chas muid orthu ag an Oireachas agus iad ag oibriú amach a gcuid ainmneacha comharsanachta ar Snapchat NÓS.
Ghlac na scórtha páirt sa spraoi ar an oíche agus beidh tuilleadh faoin seanchóras ainmniúcháin seo againn sa bhliain úr a spreagfar tuilleadh againn iad a thabhairt ar ais i mbéal na ndaoine.
5. Gabháil Theach Apollo
Tharla gníomh éachtach i lár chathair Bhaile Átha Cliath an mhí seo nuair a thóg ceoltóirí móra agus gníomhaithe eile seilbh ar fhoirgneamh de chuid Nama, Teach Apollo, chun é a chur ar fáil do dhaoine gan dídean sa chathair.
Beart cumhachtach a bhí ann atá tar éis dul i bhfeidhm go mór ar mhuintir na tíre.
Labhair muid le Liam Ó Maonlaí a bhí ar an láthair oíche na gabhála agus a bhí páirteach sa cheolchoirm sráide a bhí ag tarlú taobh amuigh de Theach Apollo thar thréimhse na Nollag.
Bliain úr mhaith daoibh a chairde!