5 duine a fheicfidh tú ar Lá Fhéile Pádraig

Amárach, beidh Lá Fhéile Pádraig ann.

Lá mór ceiliúrtha é nuair a thagann na mílte amach ar na sráideanna chun ceiliúradh a dhéanamh ar ár náisiún agus gach rud a bhaineann le hÉireannachas.

Ach cibé áit ina mbeidh tú amárach, is cinnte go bhfeicfidh tú na daoine seo…


An Páidí Plaisteach

PaidiP

Ní féidir éalú uathu.

Is é Lá Fhéile Pádraig an dáta is mó i bhféilire an Pháidí Phlaistigh.

Bíonn an duine seo le feiceáil gléasta ó bhun go barr in éadaí glasa, hata buachaill bó agus seamróga air, agus b’fhéidir t-léine ar a bhfuil ‘Kiss Me I’m Irish’ brandáilte air.

Má bhíonn an t-ádh ort, cloisfear an Páidí Plaisteach tar éis cúig phionta, ag insint do chailín Meiriceánach go bhfuil Gaeilge líofa aige.

“Tá tú cailín álainn, tá súil deas agat”, a déarfaidh sé. Maith an fear.


An Duine Teaghlaigh

tuismitheoir

Feicfidh tú an duine teaghlaigh go luath ar Lá Fhéile Pádraig agus é/í ag iarraidh spota maith a bhaint amach don teaghlach chun amharc ar an Pharáid Mhór.

Armtha le mála ceapairí, teirmeas lán tae agus cúpla pingin sa phóca chun íoc as péinteáil aghaidhe do na páistí.

Is é sprioc an lae ná sult folláin ciallmhar a bhaint as an lá, agus a bheith ar ais sa bhaile roimh am tae.


An Tosaitheoir Luath

tosaitheoir

An Tosaitheoir Luath, nó is minice – An Phraiseach.

Chuaigh sceitimíní an lae i bhfeidhm an iomarca ar an chréatúr bocht seo, agus shocraigh sé/sí tosú ar na cannaí ar 11 ar maidin.

Ar ndóigh, ní i bhfad go mbíonn an tosaitheoir luath le feiceáil ina chodladh taobh amuigh den chipper, agus níl le déanamh ag cairde maithe ach é/í a chur i dtacsaí abhaile sula mbíonn luí na gréine ann fiú.


An Ceoltóir

ceoltoiri

Ní féidir dearmad a dhéanamh ar an Cheoltóir.

Cibé áit ina gcaitheann tú do lá, beidh ceoltóirí ann ag seinm do na sluaite, agus iad breá sásta gan ach cúpla deoch agus comhluadar beo bríomhar a bheith acu.

Baineann go leor ceoltóirí deis as an lá le dul amach ar na sráideanna agus cúpla uair a’ chloig buscála a dhéanamh le linn na féile fosta, mar sin bí cinnte cúpla bonn a chaitheamh ina dtreo mar bhuíochas as cur le hatmaisféar an lae.


An tOibrí Siopa/Tí Tábhairne

oibri

Smaoinímis ar an oibrí.

An duine uasal foighneach sin a chaitheann a lá taobh thiar de chuntar ag freastal ar na mílte i mbun ceiliúrtha.

Gan na daoine seo, ní dhoirtfí piontaí, ní dhéanfaí burgairí, agus ní bheadh muidne, na daoine ádhúla, in ann ár bhféile náisiúnta a cheiliúradh.

Is iadsan a bheas ag glanadh inár ndiaidh, dár gcoinneáil slán agus ag dul abhaile ag deireadh an lae tuirseach traochta!

Is laochra sibh!


Grianghraf bairr le Sébastien Barré.

SCÉALTA EILE