Agus mé i m’ógánach i mBéal Feirste sna nóchaidí, bhí mé an-chóngrach le m’athair mór, atá ar shlí na fírinne le tuairim is sé bliana déag, go ndéana Dia trócaire ar a anam.
Bhaileodh sé mé ón scoil, cheannódh sé roinnt milseán dom ón siopa agus rachadh muid thart ar thithe na gcomharsan.
Bheinn ag cuidiú leis, mar dheá, agus é i mbun oibre ag cóiriú tithe, i mbun meicneoireachta agus obair leictreora, ag péinteáil geataí, ag crochadh doirse… i bhfírinne, cibé rud eile a bhí le déanamh, dhéanfadh sé é.
Má tá tú chun rud a dhéanamh, níl le déanamh agat ach cinntiú go ndéanann tú mar is ceart é, a déarfadh sé.
Agus sin comhairle atá greanta go daingean i m’intinn go dtí an lá atá inniu ann.
Fionn Mac Cumhaill, Oisín, Cú Chulainn, Ferdia, Conchúr mac Neasa, Oscar… agus m’athair mór Frank.
Is fir iad sin a líonann miotaseolaíocht na nGael agus a thaispeánann eiseamláir laochúil do Ghaeil óga an lae inniu.
Láidir, lúfar, cróga, glic, cliste, agus dóighiúil den chuid is mó!
Feictear dom áfach go bhfuil cuid de na tréithe dearfacha a bhí ag na fir seo dearmadta againn agus go bhfuil scileanna faoi léith ann atá nach mór tréigthe go hiomlán anois.
Cinnte go n-athraíonn an tsochaí ach d’fhéadfaí a rá go bhfuil claonadh ag an bhfear nua-aimseartha a bheith níos ‘boige’ ná na glúnta a bhí romhainn.
Tá lámha míne ag an bhfear comhaimseartha, géaga laga agus súile cearnógacha óna bheith ag stánadh ar scáileán an ríomhaire, áit a dtarlaíonn formhór an tsaoil na laetha seo.
Barraíocht suí, bia gan mhaith, gan go leor gluaiseachta, agus easpa aicsin!
Seo mar sin 5 scil shamplacha a bhíodh ar chumas d’athar mhóir ach go bhfuil seans maith ann nár chleacht tusa iad riamh, nó ar a bheagán.
1. Litir lámhscríofa
Anois agus an rphost i réim, agus formhór na cumarsáide idir daoine ar líne, feictear dom go bhfuil ár gcuid scileanna scríbhneoireachta nach beag imithe in éag.
Thosaigh mé ag scríobh litreacha beaga chuig daoine anseo is ansiúd ar na mallaibh.
Is deas an rud é litir phearsanta a scríobh chuig seanchara, ball teaghlaigh nó comrádaí, agus nach aoibhinn an rud é nóta a fháil ar ais uatha?
Bain triail as.
2. Sconsa a thógáil
An bhfuil aon rud níos fearúla na sconsa mór maith a thógáil taobh amuigh den teach a chosnóidh an teaghlach ó rógairí agus ó ainmhithe fiáine?!
Ba gheall gur thóg do sheanathair sconsa nó dhó ina lá.
Casúr, sábh, adhmad, tairní, scriúnna, agus druilire leictreach.
Mothaím an téististéarón ag cur thar maoil cheana féin! Grrr!
3. Troscán a dhéanamh
Thóg athair mór s’agamsa méadú tí do mo Mhamó, ráillí staighre, leapacha, agus an chistin iomlán lena lámha loma.
Cé a thógann fiú tábla cistine na laetha seo? Duine ar bith… sin cé!
Cuir ord ar an gharáiste sin, déan spás don cheardlann adhmadóireachta agus tóg rud éigin úsáideach a chladhaire!
4. Féasóg a fhás
Smaointigh ar Shéamas mór rua ón scannán Braveheart. Féasóg mhór fhiáin.
Ruairí Dáithí Mac Easmainn, féasóg den scoth.
Agus is cosúil go raibh fás maith ar aghaidh an Ardrí lúfair, Brian Bóirmhe, a throid go misniúil i gcoinne na Lochlannach ag Cluain Tarbh.
Tá an fhéasóg Ghaelach ag teacht ar ais a chairde.
Cuimhnigh ar fhoireann peile Thír Eoghain – féasóga tiubha dorcha a chuirfeadh bród ar an Niallach féin agus ar a chomrádaithe Spáinneacha.
Tá a háit ag an fhéasóg i saol an fhir Ghaelaigh!
5. Gléasadh go snasta
Anois, seo ceann atá beo beathach ag ár ndeartháireacha Albanacha.
Bhí mé thall i nGlaschú na hAlban anuraidh le himirt i gCorn Cholm Cille, agus cé go raibh an lámh in uachtar ag Fir Uladh sa chluiche comhrialacha iomána / camanachda, bualadh muid go héasca ar pháirc na stíle.
Filleadh beag, stocaí arda, bróga leathair, léine, carbhat, agus geansaí ola ar gach duine acu ag an chéilí an oíche sin.
Gan bheith ag trácht ar an scian bheag dhubh a bhí i bhfostú sa stoca deas ag roinnt acu, ní mór a rá ach gur imigh siad leo le mná an chéilí!
Ach tá Gael Éireannach amháin a bhíonn gléasta níos snasta ná an chuid is mó againn na laetha seo, agus sin an trodaí fiachmhar Conor McGregor… a bhfuil féasóg den scoth aige chomh maith!
Bhuel sin mo chomhairle más mian leat do chuid fearúlachta a fhorbairt… ar aghaidh libh le bród agus mórtas na bhfear Gaelach!
Is saineolaí sláinte agus aclaíochta é Ainle Ó Cairealláin le ACLAÍ.