60 Soicind le…

Is é an Conallach ildánach Ciarán Ó Maonaigh atá i gcathaoir an 60 soicind an iarraidh seo, an fhidil faoina ascaill aige, réidh d’oíche mhór cheoil ag Gradam Ceoil TG4 san oíche anocht!

Labhair sé linn faoina laoch ceoil, faoi na tíortha iontacha ar thug sé cuairt orthu agus faoin draíocht a tharlaíonn mall san oíche nuair a thagann baicle Gael le chéile! #fiántas!


1.Cárb as duit?

Gleanntáin ghlas’ Ghaoth Dobhair

2.Trí rud a gcuimhníonn tú orthu nuair a shamhlaíonn tú do cheantar dúchais?

– daoine muinteartha,
– an cultúr áitiúil,
– daonnacht, nádúr agus dúchas

3. Ceolchoirm nó Seisiún?

Ní thig liom ceann amháin a roghnú…an dá cheann!

4.) As na tíortha ar fad ar thug tú cuairt orthu, cad iad na cinn is fearr leat agus cén fáth?

Albain, an Íoslainn agus an Iorua – tá na tírdhreacha galánta, na daoine go hálainn agus an chraic go fairsing sna tíortha sin ar fad!

5.) An ghig is mó a thaitin leat, cén fáth?

Féile Celtic Colours ar Oileán Cheap Bhreatainn. Bhí an ceol agus craic ar fheabhas, ach fosta bhí an bricfeasta ar fáil óna dó a chlog ar maidin go dtí a dó a chlog sa tráthnóna. Bhí tú ábalta bricfeasta a fháil ag dul a luí duit agus arís agus tú ag éirí. Tá a fhios acu siúd cad é an dóigh le ceoltóirí a shásamh!

6.) An t-amhrán nó píosa ceoil is mó a chuireann tú ar siúl?

‘Bonnie Kate’ á sheinm ag John Doherty – níl deireadh leis an mhéid ceoil atá ann. Ba ghnách leis ‘Boney Kate’ a thabhairt air.

7.) Cad a dhéanfá mar shlí bheatha mura mbeifeá i do cheoltóir/léiritheoir teilifíse?

Níl barúil agam. Rud éigin a bhaineann leis an chultúr, tá mé cinnte.

8.) An bhfuil aon aiféala ort?

Níl.

9.) Céard í an chuimhne is mó a sheasann amach ó d’óige?

Cóisirí teaghlaigh ceolmhara ag amanna speisialta den bhliain. Tá na daoine muinteartha liom lán craice agus spraoi agus d’íocfainn airgead ar bith le bheith leofa ag aimsir na Nollag nó a macasamhla.

10. Cad é an rud is mó a chuireann ag gáire tú?

Is maith liom daoine a chuireann iad féin amach ansin leis an chraic a chur ag dul.

Sílim go dtarlaíonn rud éigin draíochtúil mall san oíche, nuair atá achan duine in ardghiúmar, nuair nach bhfuil an chuma ar an áit go mbeidh sé ag dúnadh go luath.

Tosaíonn achan duine ag dul ar fiáin. Tarlaíonn seo go nádúrtha le baicle Gael le chéile in áiteanna cosúil le hInis Oírr nó áiteanna eile faoin tuath. Sin an rud a chuireann ag gáire mé.

11. Dá mbeifeá ag eagrú date do Chaitlín álainn, cén sórt oíche a eagrófá?

Bialann dheas nó lón fancyáilte in áit speisialta.

12. Leabhar maith atá léite agat ar na mallaibh?

Leabhar Tommy Peoples – Ó Am go hAm

13. An t-aisteoir is fearr leat?

Breandan Gleeson

14. Céard é an rud is fearr faoi bheith i do Ghael?

Tá meon aigne dár gcuid féin againn. Tá fuascailt intinne agus radharc eile ar chúrsaí an tsaoil againn. Ní ghlacann muid leis an chacamas ná leis an chur i gcéill a chuireann an rialtas ná na húdaráis anuas orainn. Sílim go bhfuil muid stiúrtha ag an intleacht a thagann leis an chultúr, an ceol agus an teanga.

15. Scannán maith atá feicthe agat?

Neart scannán, ach ní fhanann siad liom. Cláracha draíochtúla ceoil a fhanann liom ar nós The Magic Fiddle a rinne Davy Hammond do Channel 4 ag tús na 90í agus an clár faoi Nioclás Tóibín ar TG4 roinnt blianta ó shin.

16. Dá mbeadh €20 fágtha sa chuntas agat, céard a dhéanfá leis?

Cheannóinn bláthanna do Chaitlín agus rachainn síos go dtí Tí Hiúdaí Beag leis an mhéid a bhí fágtha chun pionta a ól.

17. An tréith daonna is tábhachtaí dar leat?

Nádúr agus dúchas

18. Laoch ceoil s’agat?

John Doherty

19. An bhfuil drochnós ar bith agat?

Ag ithe mo chuid ingne agus ag piocadh mo ghaosáin

20. Buaicphointe saoil go dtí seo?

Ag pósadh mo ghrá geal, Caitlín


Tá muid ag dúil le Ciarán a fheiceáil ar an ardán lena aintín álainn, Maireád Ní Mhaonaigh, buaiteoir Cheoltóir na Bliana san oíche anocht ag Gradam Ceoil TG4, a bheas á chraoladh ag 9.30in.

Fosta, beidh sraith nua de ‘Sé Mo Laoch’, faoi stiúir Chiaráin, ag tosú ar TG4 ar an Domhnach, an 26 Feabhra ag 9:30in! YEOOOO! 

SCÉALTA EILE