Is í Caoimhe Ní Chathail, nó “Caoimhe Chats” mar is fearr aithne uirthi ar líne, atá i gcathair an 60 soicind an tseachtain seo.
Agus saol na hollscoile san ardchathair fágtha ar a cúl, tá an Conallach cainteach seo ag baint sult as a post úr mar fhísiriseoir leis an tseirbhís nuachta ar líne Meon Eile i mBéal Feirste.
Labhair sí linn faoin méid atá ar siúl sa chathair cois cuain, faoi laoch mór dá cuid ar léigh sí leabhar leis ar na mallaibh, a post aislingeach ag ceol ar stáitse Broadway!
1. Cárb as duit?
Leitir Ceanainn i dTír Chonaill.
2. Cad iad na trí rud is fearr faoi do cheantar dúchais?
Mo theaghlach, mo chairde agus an áilleacht nach bhfaighfeá aon áit eile in Éirinn!
3. As na tíortha ar fad ar thug tú cuairt orthu, cén ceann is fearr leat agus cén fáth?
An Chatalóin – Barcelona go sonrach. An chathair is fearr liom mar gheall ar an bhia agus na foirgnimh áille.
4. An t-amhránaí is fearr/ab fhearr leat?
Cha dtiocfadh liom duine amháin a phiocadh – Mairéad Ní Mhaonaigh agus Beyonce! Beirt bhan láidre a bhfuil guthanna dochreidte acu.
5. Trí rud mhaithe faoi bheith i do chónaí i mBéal Feirste?
– Pobal na Gaeilge
– Bíonn imeacht éigin ar siúl achan lá den tseachtain
– Tá mé ar ais i mo chónaí i gCúige Uladh. Hup!
6. Fíon nó beoir?
Fíon le dinnéar, beoir agus mé sa teach tábhairne.
7. Cad a dhéanfá mar shlí bheatha muna mbeifeá ag obair sna meáin Ghaeilge?
Bheinn i m’aisteoir i gceoldrámaí. Bhí sé i gcónaí mar aidhm agam a bheith ar Broadway….cá bhfios an dtarlóidh sin go brách!
8. An bhfuil aon aiféala ort?
Nár fhoghlaim mé cén dóigh an pianó nó giotár a sheinm. Seinnim an fheadóg mhór ach níl sé ró-fhurasta tionlacan a thabhairt duit féin ar an fheadóg mhór agus tú ag canadh!
9. Céard é an chuimhne is mó a sheasann amach ó d’óige?
An teaghlach uilig sa charr ag imeacht linn go trá éigin nó go dtí na hArdaí nó Gleann Bheatha agus ag siúl na mílte fada.
10. Dá mbeifeá ag casadh le duine den chéad uair ar oíche chleamhnais cén sórt oíche a d’eagrófá?
Dinnéar ..mar gheall gur bia agus comhrá an dá rud is fearr ar an domhan seo.
11. Seisiún nó ceolchoirm?
Ceolchoirm mar go mbíonn fonn damhsa orm i gcónaí.
12. Leabhar maith a léigh tú ar na mallaibh?
D’imigh Sin agus Tháinig Seo le Séamus Mac Seáin. Laoch de mo chuid.
13. An tsraith teilifíse is fearr leat?
Gilmore Girls
14. An tréith dhaonna is tábhachtaí dar leat?
Flaithiúlacht
15. Amhrán a thugann spreagadh duit?
16. Dá mbeadh €20 fágtha sa chuntas agat, céard a dhéanfá leis?
Cheannóinn eitilt go Glaschú agus rachainn go cluiche Celtic ar bhealach éigin!
17. Céard é an chéad tír eile ar mhaith leat cuairt a thabhairt uirthi?
An Íoslainn mar go bhfuil cuma dhochreidte ar an tírdhreach ann agus sílim gur eispéireas iomlán éagsúil a bheadh ann.
18. Cad é an rud is fearr i do vardrús?
Léine a bhfuil prionta liopaird air ó Topshop. Déarfainn go gcaithim barraíocht é!!
19. An bhfuil drochnós ar bith agat?
Easpa foighid ..Uaireanta!
20. Buaicphointe saoil go dtí seo?
Poist sna meáin Ghaeilge a fháil ..Ó WAC go Raidió na Gaeltachta go Meon Eile go Nuacht RTÉ/TG4, seo díreach a bhí uaim nuair a chuir mé tús le céim sa Ghaeilge agus san Iriseoireacht in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath.