Is í Lisa Nic an Bhreithimh, scríbhneoir buach agus craoltóir, atá linn le tabhairt faoin dúshlán 60 Soicind.
Cé gur nós le Lisa a bheith i gcathaoir an agallóra agus ‘Fada is Fairsing’ á chur i láthair aici ar Raidió na Life, chuir sí uirthi hata an agallaí le fonn agus d’inis sí dúinn faoina splancscéal ‘Peacach’ a bhuaigh duais mhór ar na mallaibh, faoina seal i Meiriceá ag teagasc na Gaeilge agus faoina buaicphointe saoil go dtí seo… #comhionannasabú!
1. Cárb as duit?
Glas Naíon i mBaile Átha Cliath – Is bean bhródúil Bhleá Cliathach mé!
2. Cad iad na trí rud is fearr faoi do cheantar dúchais?
– Na daoine
– An chraic
– An Chanáil Ríoga
3. Céard í an chuimhne is mó a sheasann amach ó d’óige?
Bhuail carr mé nuair a bhí mé ceithre bliana d’aois.
Is é sin an chéad chuimhne atá agam.
Fuair mé amach le déanaí go raibh na dochtúirí ag smaoineamh ar an gcos a bhaint, bhí sé chomh dona sin.
Ach bhí an t-ádh orm!
4. As na tíortha ar fad ar thug tú cuairt orthu, cén ceann is fearr leat agus cén fáth?
Tá an-ghrá agam do na Stáit Aontaithe toisc gur chónaigh mé ann, i gConnecticut, ar feadh bliana agus mé ar scoláireacht Fulbright roinnt blianta ó shin.
Bhí bliain den scoth agam ag múineadh na Gaeilge, ag obair le Cumann Gaelach na hOllscoile agus i mbun ranganna scríbhneoireachta.
Cé go bhfuil fadhbanna sa tír faoi láthair, tá daoine an-mhaithe ann le croíthe móra agus is breá liom an bealach a réitíonn Éireannaigh is Meiriceánaigh le chéile, is léir go bhfuil gaol láidir idir an dá thír!
5. Cuir síos ar an stíl atá agat?
Is breá liom éadaí ón tseanré, rudaí a oireann do mo cholainn féin, éadaí geala daite agus caithim éadaí compordacha i gcónaí!
6. An píosa éadaí is mó a chaitheann tú?
Mo chuid éadaí spóirt toisc go ndéanaim a lán damhsa Zumba na laethanta seo! ☺
7. Inis dúinn faoin splancscéal ‘Peacach’ a scríobh tú, a bhuaigh an chéad duais i gComórtas Gearrscéalaíochta Uí Mháine ar na mallaibh.
Leis na scéalta uafásacha a bhí ag teacht amach le tamall anuas faoi na leanaí i dTuaim, agus na scéalta uile faoin eaglais, faoi na neachtlanna Maigdiléana is mar sin, spreagadh mé chun rud éigin a scríobh.
Bhí idir fhearg agus bhrón orm faoin mbealach a caitheadh le mná agus mheas mé go raibh sé tábhachtach scéal a insint faoi agus b’fhéidir comhrá a thosú faoi trí Ghaeilge.
Scríobh mé scéal darb ainm ‘Peacach’ faoi bhean fhicseanúil a bhí ag súil le leanbh i neachtlann agus an saol a bhí aici.
Níl ann ach gearrscéal gearr, nó splancscéal más maith leat, bunaithe ar chúpla uair ina saol ach chaith mé an-chuid ama ag smaoineamh faoi na mothúcháin a bheadh aici, an crá croí a bheadh uirthi, na rudaí a tharlódh di is mar sin.
8. An scríbhneoir is fearr leat?
Ó, tá sé ródheacair roghnú – is breá liom Margaret Atwood agus Patrick McCabe, ar bhealaí éagsúla.
Is breá liom cruthaitheacht, mothúcháin láidre agus an scéal daonna a fheiceáil sna rudaí a léim, má tá siad sin ann, léifidh mé aon ní.
9. Leabhar maith atá léite agat ar na mallaibh?
The Girls, le Emma Cline, leabhar iontach le tú a chur ag smaoineamh faoin domhan ina mairimid.
10. An scannán is fearr leat?
Is breá liom Jimmy’s Hall agus The Lion King, nílim go maith ag roghnú ceann amháin!
Tá mé ag súil go mór le Jimmy’s Hall a fheiceáil in Amharclann na Mainstreach níos déanaí sa mhí.
Scéal den scoth é faoi fhear den chéad scoth.
11. An tsraith teilifíse is fearr a chonaic tú?
Le déanaí caithfidh mé a rá gurb é The Handmaid’s Tale an rud is fearr a chonaic mé – tá sé ar fheabhas, agus cé go bhfuil sé difriúil ón leabhar, is sraith láidir, chumhachtach í.
12. Gruaig in airde nó scaoilte saor?
Scaoilte saor ach tá mé ag baint feidhme as stíleanna nua ‘in airde’ an samhradh seo toisc na teochta laethanta áirithe!
13. Dá mbeifeá ag casadh le duine a raibh dúil agat iontu den chéad uair, cén sórt oíche a d’eagrófá?
Oíche le damhsa agus gáire i gceartlár Bhaile Átha Cliath!
14. Bialann bhlasta san ardchathair?
Is breá liom an bhialann bheag Indiach ‘Jewel in the Crown’ ar Shráid Mhic Liam Theas.
Tá sé saor, tá an bia blasta agus tá sé beag is ciúin i gcomhair comhrá le cairde!
15. Tae nó caife?
Caife ar maidin, tae sa tráthnóna.
16. Na rudaí is fearr leat a dhéanamh Dé Sathairn?
Is breá liom dul a shiúl le mo mhadra, suí sa ghairdín le cairde nó leabhar agus codladh maith a fháil!
17. Beoir nó fíon?
Beoir, ach b’fhearr liom jin agus tonaic!
18. Dá mbeadh €20 fágtha sa chuntas agat, cad a dhéanfá leis?
Déarfainn go gceannóinn bia leis, de chineál éigin.
18. Cad í an chéad tír eile ar mhaith leat cuairt a thabhairt uirthi?
Ceanada – tá go leor áiteanna iarghúlta áille i gCeanada nach bhfaigheann mórán aitheantais cé gur tír álainn í, ba bhreá liom am a chaitheamh ag taisteal na tíre.
Is é Montréal ceann de na cathracha is fearr liom freisin, álainn ar fad, mar sin ba bhreá liom filleadh air sin.
Bhí mé sa Veinéis le déanaí – cathair fhíorálainn í sin, thit mé i ngrá leis na gondolas ann!
19. iPhone nó Android?
Android i gcónaí. Tá mé ag ceannach Samsung le fada an lá toisc gurbh iad an chéad bhranda le Gaeilge mhaith ar na fóin!
20. Buaicphointe saoil go dtí seo?
An 22 Bealtaine 2015, an lá a d’éirigh leis an Reifreann ar Chomhionannas Pósta in Éirinn.
Caithfidh mé a rá nach raibh mé chomh bródúil sin as Éirinn riamh arís nó roimhe sin i mo shaol.
Bhí mé ag obair ar an bhfeachtas Gaeilge ‘Tá Comhionannas’ agus bhí uaireanta fada caite againn ag plé is ag caint le daoine faoin reifreann.
Ba mhór an rud é gur éirigh chomh maith sin leis an bhfeachtas ‘Tá’ agus ardú croí a bhí ann dom i dtír a bhfuil go leor fós le réiteach againn ón am atá caite.
Beidh Lisa ag siúl cuid den Camino de Santiago ar son an Peter McVerry Trust mí Mheán Fómhair. Is féidir tuilleadh a fhoghlaim faoin turas anseo.