60 Soicind le…


Is é Conall ‘Craiceáilte’ Mac Corraidh (ar clé) atá i gcathaoir 60 soicind an iarraidh seo agus é ag ligean a scíth tar éis seachtain spleodrach i mbun imeachtaí Fhéile an Phobail agus a bhréag-bhainise.

Shuigh sé síos le labhairt linn faoin fhronsa mór aerach, faoin cheoltóir is fearr leis agus faoi bheart mór tábhachtach amháin eile atá le déanamh aige amach anseo! 


1. Cárb as duit?

Béal Feirste abú!

2. Cad hiad na trí rud is fearr faoi do cheantar dúchais?

– Na daoine cruthaitheacha, cairdiúla
– Gurb ionann muid ar fad
– Na tacsaithe dubha

3. Cad í an chuimhne is mó a sheasann amach ó d’óige?

A bheith ag imeacht chun na Gaeltachta gach samhradh.

4. Trí fhocal a chuireann síos ort.

– Gnóthach
– Gealgháireach
– Greannmhar

5. Bhí tú féin agus do pháirtí Críostóir ina réaltaí ag an fhronsa mór aerach a eagraíodh i mBéal Feirste Déardaoin seo caite. Inis dúinn faoi. 

Bhí an bhainis bhréagach thar cionn.

Tháinig go leor dár gcairde agus tháinig daoine eile le tacú linn nach raibh aithne ar bith againn orthu.

Bhí muid iontach tógtha faoi.

Ar aghaidh linn anois go mbeidh ár bhfíor-bhainis againn.

6. Cad ba bhreá leat a dhéanamh mar shlí bheatha mura mbeifeá i d’oibrí ealaíon don óige?

Bheinn i mo bhainisteoir camchuairte do Paolo Nutini.

7. An píosa éadaigh is mó a chaitheann tú?

Mo bhríste géine tanaí.

8. An rud is fearr faoi bheith i do Ghael?

A chóngaraí is atá an chuideachta.

9. An bhialann is deise is mBéal Feirste?

Sakura – áit sushi ar Botanic. Blasta!

10. Leabhar maith atá léite agat ar na mallaibh?

Skeleton Crew, le Stephen King

11. Cad é an t-amhrán is mó a chuireann tú ar siúl?

‘Candy’, le Paolo Nutini iontach.

12. An bhfuil aon drochnós agat?

Ag caitheamh seille ó am go chéile 🙈

13. Dá mbeifeá ag casadh le duine a raibh dúil agat iontu den chéad uair, cén sórt oíche a d’eagrófá?

Sceallóga agus iasc thíos ar an trá.

14. Má smaoiníonn duine eile ort, cad a rithfeadh leo dar leat?

Go bhfuil mé ar mire!?

15. An bhfuil aiféala ort?

A dhath ar bith.

16. Dá mbeadh €20 fágtha sa chuntas agat, cad a dhéanfá leis?

Líonfainn an carr le hola agus bhuailfinn an bóthar.

17. As na tíortha ar fad ar thug cuairt orthu, cén ceann is fearr leat agus cén fáth?

An Chróit, idir na daoine, an aimsir, an fharraige, an bia agus an tírdhreach, is iontach an tír í.

18. Cad í an chéad tír eile ar mhaith leat cuairt a thabhairt uirthi?

Peiriú.

19. Buaicphointe saoil go dtí seo?

Bréag-bhainis le Criostóir.

20. Rud éigin ba mhaith leat a dhéanamh amach anseo?

An fíor-phósadh le Criostóir!


Oibríonn Conall le Féile an Phobail i mBéal Feirste ag cur na n-ealaíon chun cinn i measc daoine óga. Tá féile mhór na bliana seo díreach críochnaithe ach coinnigh súil ar feilebelfast.com amach anseo le haghaidh nuachta faoi imeachtaí na bliana seo chugainn!

SCÉALTA EILE