Is í Emma Ní Chearúil, bunaitheoir Raidió na dTreabh agus An Bhanríon Rua, ar atá i gcathaoir 60 soicind na seachtaine seo.
Ba ag Comhdháil na nDaoine Rua i gCorcaigh ar na mallaibh a rinneadh banríon na treibhe rua d’Emma, a bheidh mar ionadaí ag an Chomhdháil agus ag Cumann Ailse na hÉireann ag imeachtaí éagsúla le linn na bliana amach romhainn.
Labhair sí linn faoina ról nua, faoi na háiteanna is fearr i nGaillimh le haghaidh scúp is damhsa agus faoina cíocras mórshléibhte na nAindéas a dhreapadh!
1) Cárb as duit?
Maigh Nuad, i gCo. Chill Dara.
2) Cad iad na trí rud is fearr faoi do cheantar dúchais?
– Mo chomharsanacht. Bhí óige álainn againn agus is cuid de mo dhlúthchairde i gcónaí iad na daoine a d’fhás aníos taobh liom.
– Seanchampas na hOllscoile le linn an Fhómhair. Tá sé galánta ar fad.
– An meascán deas a bhí againn idir saol tuaithe agus bheith sách gar do Bhaile Átha Cliath. Ba rud mór é bheith ceadaithe dul isteach chuig an Ardchathair linn féin den chéad uair!
3) As na tíortha ar fad ar thug cuairt orthu, cén ceann is fearr leat agus cén fáth?
An Iodáil gan amhras!
Tá clann agam ansin agus cuimhní áille agam di ó aois óg.
Tá an bia, an tírdhreach, na daoine agus an stíl mhaireachtála go álainn ar fad.
Ba bhreá liom seal a chaitheamh i mo chónaí ann.
4) Cad é an t-amhrán is fearr leat?
Ceist dheacair í sin. ‘Here Comes the Sun’ le The Beatles b’fhéidir.
5) Cad é an rud is fearr leat i do vardrús?
Péire buataisí dubha a cheannaigh mé cúpla bliain ó shin.
Níl siad deas ag breathnú a thuilleadh ach tá siad théis féilte, sléibhte, agus cúig bliana a shiúl liom agus iad fós á gcaitheamh inniu agam!
6) Cad é atá i gceist leis an ról nua atá agat mar Bhanríon na Rua?
Is ionadaí anois mé don Chomhdháil agus do Chumann Ailse na hÉireann ar feadh bliana, atá go hálainn mar ról.
Beidh mé ag freastal ar imeachtaí agus i mbun agallamh poiblíochta agus a leithéidí sin.
7) Fíon nó beoir?
Ceachtar acu! An dá cheann? Fíon le béile deas ach ní fhéadfá beoir le píotsa a bhualadh!
8) Cad a dhéanfá mar shlí bheatha mura mbeifeá ag obair mar ghníomhaí Gaeilge?
Deacair le rá, tá spéis agam i go leor rudaí éagsúla.
Taitníonn múinteoireacht liom… sílim go dtaitneodh laethanta saoire an mhúinteora liom chomh maith!
É sin ráite, mura raibh airgead tábhachtach chaithfinn mo chuid ama i mbun ceoil nó ealaíne.
9) Céard í an chuimhne is mó a sheasann amach ó d’óige?
Mo dhaid sa gcistin maidin Domhnaigh, Springsteen ag stácadh ón raidió aige agus ‘French Toast á la Daid’ á ullmhú aige.
10) Dá mbeifeá ag casadh le duine a raibh dúil agat iontu den chéad uair, cén sórt oíche a d’eagrófá?
Deochanna nó cupán caife fiú in áit éigin dheas gur féidir comhrá leo inti.
Ní maith liom an phictiúrlann mar chéad choinne, ní chuireann tú aithne ar an duine.
11) Leabhar maith a léigh tú ar na mallaibh?
Tá The Children of Greene Knowe á athléamh agam faoi láthair, ceann a thaitin le mo mham agus í ag fás aníos agus a léigh sí dúinn agus muid óg.
Bíonn luach difriúil agat ar leabhar agus ar scéal agus tú níos sine. Tá sé draíochtúil.
12) Bialann is blasta i gcathair na Gaillimhe a mholfá?
Dough Bros! Creole más mian leat bheith fancy! Tá paella agus easnacha den scoth acu.
13) An teach tábhairne is fearr le haghaidh scúp?
Áras na nGael! Róisín Dubh don damhsa i ndiaidh áfach.
14) An bhfuil pearsa sa stair a théann i bhfeidhm ort?
Elvis? Elizabeth O’Farrell? Braitheann sé.
Bhí mé gafa leis an mbanríon Nefertiti ón Éigipt agus mé níos óige, caithfidh gur fhág sí sin rian éigin orm!
Tuigim go bhfuil Aung San Suu Kyi beo fós, agus tá an-mheas agam uirthi sin freisin agus is cinnte go mbeidh cuimhne uirthi sa todhchaí.
15) Cé hé/hí an t-aisteoir is fearr dar leat?
Eddie Redmayne. Cuireann sé a chroí ‘s anam isteach sna róil a bhíonn aige agus bíonn tuiscint faoi leith aige ar mheon na gcarachtar a mbíonn á chur i láthair aige. Bhí sé iontach in The Danish Girl.
16) Dá mbeadh €20 fágtha sa chuntas agat, cad a dhéanfá leis?
Le bheith fírinneach, chaithfinn ar bhia é. Ní bhainim sult as rud ar bith eile nuair a bhíonn ocras orm.
17) Cad í an chéad tír eile ar mhaith leat cuairt a thabhairt uirthi? Cén fáth?
Tíortha Mheiriceá Theas. Léigh mé leabhar agus mé 7 nó 8 mbliana d’aois, The Secret of the Andes, agus ó shin is sprioc atá agam iad a dhreapadh.
Trasnaíonn siad níos mó ná tír amháin áfach!
18) Scannán clasaiceach ar fiú breathnú air?
La Vita é Bella.
19) An bhfuil drochnós ar bith agat?
Tá neart acu agam! Is annamh a ghlacaim sos, bíonn rud éigin ar siúl i gcónaí agam agus scaití bíonn strus nó tuirse orm dá bharr, mar sin is dócha gur drochnós é sin.
Ach táim buíoch den nós sin freisin, cuireann sé brú orm rudaí a dhéanamh!
20) Buaicphointe saoil go dtí seo?
Cuir ceist arís orm théis dom na hAindéis a dhreapadh. Há, nó, is cuma liom faoi ghradaim nó spriocanna ag deireadh an lae.
Tá tuiscint cheart faighte agam le deireanas ar chomh iontach is atá na cairde atá agam.
Tá an t-ádh liom, tá go leor daoine iontacha agus speisialta thart timpeall orm, fiú agus iad scaipthe ar fud an domhain anois!
Is féidir Emma a leanúint ar Twitter anseo.