60 Soicind le…
Gráinne Bleasdale

Is í Gráinne Bleasdale atá i gcathaoir na 60 soicind an tseachtain seo. Aisteoir, stiúrthóir agus ceoltóir is ea Gráinne agus is í an ball is nua í den sárghrúpa Spats Colombo. Faoi láthair tá Gráinne i mbun stiúrthóireachta ar chartún agus bhí sí le feiceáil ar stáitse na Taibhdheirce sa dráma ‘Fornocht dá Chonac’ le déanaí.

Labhair sí linn faoin mhana ‘go slow’ atá ag muintir na Beilíse, faoina hucailéile nár seinneadh fós, agus faoi na tréithe daonna is tábhachtaí dar léi.


1. Cárb as duit?

Ros an Mhíl, ach tá mé i mo chónaí i mBaile Átha Cliath faoi láthair.

2. Cad iad na trí rud is fearr faoi do cheantar dúchais?

– Na siúlóidí cois farraige

– An garraí mór ar chúl an tí – iontach le haghaidh pocáil thart le camán agus sliotar

– Na réaltaí – ní mórán réaltaí a fheiceann tú nuair atá tú i do chónaí i lár na cathrach, ach sa mbaile tá siad dochreidte!

3. As na tíortha ar fad ar thug tú cuairt orthu, cén ceann is fearr leat agus cén fáth?

An Bheilís. Oileán darb ainm Caye Caulker. Níl carr ar bith ann, is é an gliomach an príomh-mhias atá acu, agus is é an mana atá acu ann ná ‘Go slow’.

Níl áit ar bith chomh deas leis ar domhan!

4. Cé hí/hé an t-amhránaí is fearr leat?

Is breá liom Mick Flannery, Cat Power, Laura Marling, Little Green Cars, Fleet Foxes, alt-J… Leanann an liosta ar aghaidh…

5. Cad é an t-amhrán is fearr leat?

Ní fhéadfainn ceann amháin a roghnú?

‘Every Other Freckle’, le Alt-J

agus Crystalized – The xx agus The Apple Of My Eye – BellX1

6. An molfá leabhar maith a d’fhéadfá a bheith sáite ann ar feadh uaireanta fada agus tú ar laethanta saoire?

Captain Corelli’s Mandolin le Louis de Bernières – an leabhar is fearr liom.

7. Fíon nó beoir?

Braitheann sé – fíon le béile agus beoir ag an mbeár. Mar sin, an dá cheann!

8. Cad a dhéanfá mar shlí bheatha mura mbeifeá i do láithreoir/cheoltóir?

Níl a fhios agam. Is fuath liom suí ag deasc ó 9-5 Luan go hAoine, mar sin rud éigin cruthaitheach. Ealaíontóir, b’fhéidir? Nó rud éigin atá bainteach le faisean.

9. An bhfuil aiféala ort faoi aon rud?

Fuair mé ucailéile mar bhronntanas Nollag anuraidh agus níor phioc mé suas í ach uair nó dhó. Tosóidh mé ag cleachtadh anocht!

Nó amárach. Nó b’fhéidir an tseachtain seo chugainn…

Grainne

10. Céard é an chuimhne is mó a sheasann amach ó d’óige?

Chan mé amhrán ar Raidió na Gaeltachta nuair a bhí mé trí agus bhuaigh mé T-léine ‘Réaltóg’!

11. Dá mbeifeá ag casadh le duine den chéad uair, cén sórt oíche a d’eagrófá dó?

Rachainn amach le haghaidh béile, icebreaker iontach é bia. Nuair nach bhfuilim á ithe, bím ag cuimhniú air nó ag caint air.

Agus ansin cúpla pionta Guinness le seisiún ceoil, dár ndóigh. É sin nó cluiche boird!

12. Seisiún nó ceolchoirm?

Seisiún!

13. Céard é an scannán is fearr le linn 2016, dar leat?

Captain America: Civil War.

Tá fhios agam; is nerd mé!

14. Cé hé/hí an t-aisteoir is fearr, dar leat?

Helena Bonham Carter agus Johnny Depp. Ó agus Jim Carrey!

15. Cén phearsa stairiúil is mó a chuaigh i bhfeidhm ort?

Níl a fhios agam i ndáiríre.

Mo thuismitheoirí, is dóigh. Tá siad cineál sean, mar sin ciallaíonn sé sin go bhfuil siad stairiúil! (Ná taispeáin an freagra sin do Mham!)

16. Na tréithe daonna is tábhachtaí, dar leat?

Flaithiúlacht agus dea-mheas, le do thoil.

17. Dá mbeadh €20 fágtha sa chuntas agat, céard a dhéanfá leis?

Bia!

18. Céard é an chéad tír eile ar mhaith leat cuairt a thabhairt uirthi? Cén fáth?

Bali, san Indinéis. Tá aithne agam ar dhaoine a bhí ann agus deir siad go bhfuil sé dochreidte.

Ba bhreá liom Meiriceá Theas a thaisteal chomh maith.

Bhí mé i Meiriceá Láir anuraidh agus ba bhreá liom níos mó den taobh sin den domhan a fheiceáil.

19. An bhfuil drochnós ar bith agat?

Tá mé uafásach ag cur rudaí ar an méar fhada.

Grainne eile eile

20. Buaicphointe saoil go dtí seo?

An jab is fearr a bhí agam riamh ná a bheith mar phuipeadóir ar Dig In Diner ar RTÉjr.

An puipéad a bhí mé ag lámhseáil ná Cornsuela – arbhar Meicsiceach a bhíonn ag cócaireacht agus ag canadh i mbanna ceoil.

Diva ceart a bhí inti!

Bhí an oiread spraoi agam ar an gclár sin agus casadh an oiread daoine cáiliúla orm chomh maith a bhí mar aíonna speisialta againn.


Beidh Gráinne agus na Spatadóirí eile ag casadh sa Spidéal i mí Lúnasa agus b’fhéidir ag an Phicnic Leictreach! Bígí ag faire ar an leathanach Facebook

Agus beidh Gráinne le feiceáil sa dráma ‘Fornocht do Chonac’ ar stáitse na Péacóige in Amharclann na Mainistreach i mí na Samhna, agus ag an Oireachtas.