60 Soicind le…

I gcathaoir 60 Soicind an iarraidh seo tá sióg na meán sóisialta Loretta Ní Ghabháin. Bunaitheoir agus Stiúrthóir Lorg Media í Loretta, a bhíonn i mbun gréasáin shóisialta TG4 agus comhlachtaí ar fud na tíre. Labhair sí linn faoi laethanta a hóige i San Fran, faoina Cochaillín Dearg agus faoi na buaicphointí ina saol go dtí seo, ina measc Rúbaí agus Sophia, a cúpla beag gleoite!


1. Cárb as duit?

Rugadh i San Francisco mé ach is as Maigh Cuilinn dom.

2. Trí fhocal a thagann chugat nuair a shamhlaíonn tú do cheantar dúchais?

– Na daoine
– An Ghaeilge
– An tírdhreach

3. As na tíortha ar fad ar thug tú cuairt orthu, cén ceann is fearr leat agus cén fáth?

An Fhrainc. Is breá liom an muinín atá ag muintir na Fraince ina gcultúr agus ina dteanga féin. Gan a bheith thar fóir, tá féinmhuinín go mór le brath i measc daoine as Páras agus tá sé an-tarraingteach go deo!

4. An ball éadaigh is minice a chaitheann tú?

Mo chóta dearg – glaonn Páidí Ó Lionaird “Cochaillín Dearg” orm!

5. Cad í an chuimhne is mó a sheasann amach ó d’óige?

Páirc spraoi in aice le Droichead an Gheata Óir i San Fran, an ghrian ag spalpadh anuas ar m’aghaidh, grá mo mháthar i mo chroí, agus muid ag lapadaíl linn sa linn snámh amuigh faoin spéir.

“Níl ní ar bith is áille ná grian os cionn an tsáile…”

6. Is bunaitheoir agus stiúrthóir Lorg Media thú, comhlacht a chuireann seirbhísí sna meáin shóisialta ar fáil. Cad é an rud is fearr leat faoin obair a dhéanann sibh? 

“Brandaí á neartú le fonn agus díograis”, sin mana an chomhlachta s’againne.

Tá an t-ádh orainn a bheith ag obair le brandaí a bhfuil muid paiseanta fúthu.

Tugann Lorg Media deis dúinn an Ghaeilge a chur chun cinn agus lorg na Gaeilge a fhágáil ar bhealaí cumarsáide ar na brandaí ar fad a mbíonn muid ag obair leo, fiú má tá siad féin ar bheagán Gaeilge.

7. An bhfuil aon chomhairle agat do dhuine ar bith atá ag tosú amach sna meáin?

Bí ionraic leat féin agus is sona a bheidh tú má chloíonn tú leis an rud a dhéanann sona thú.

Ná bí aon imní ort do rud féin a dhéanamh.

Cinnte bíonn faitíos orainn ar fad faoi rudaí faoi leith ach ná géill dó.

8. Cad a dhéanfá mar shlí bheatha muna mbeifeá mar shióg na meán sóisialta?

Hmmm… bheinn ag obair ar bhealach éigin le cultúr na tíre seo a chur chun cinn, is cuma cá dtéann mé beidh sé sin i gcónaí ionam.

9. Dá mbeifeá ag casadh le fear den chéad uair, cén sórt oíche a d’eagrófá dó?

Béile, cúpla deoch agus seisiún ceoil nó ceolchoirm.

10. Seisiún nó ceolchoirm?

Seisiún, le neart amhrán ina lár.

11. Cé hí/hé an t-amhránaí is fearr leat?

Tá an oiread – ach faoi láthair táim ag éisteacht leis an gceirnín The Macalla Suite leis an chumadóir Michael Rooney.

12. Céard an scannán is fearr leat?

Gone With the Wind.

13. Cé hé/hí an t-aisteoir is fearr leat?

Matt Damon.

14. An bhialann is deise i nGaillimh dar leat?

Tá muid millte ar fad i nGaillimh – faoi láthair tá Brasserie on the Corner ag barr an liosta agam!

15. Leabhar maith a léigh tú le déanaí?

#AskGaryVee le Gary Vaynerchuck.

16. Dá mbeadh €20 fágtha sa chuntas agat, cad a dhéanfá leis?

Cheannóinn caifé ó Badger & Dodo do gach duine in oifigí Lorg Media, in aice le Bóthar Fhaiche an Aonaigh, i nGaillimh.

17. An rud is mó a chuireann ag gáire thú?

Daoine is mó! Mo chairde agus mo mhuintir.

18. An bhfuil droch-nós ar bith agat?

Tá neart! Faighim deacair in amanna NO a rá, táim ag obair air….

19. Rud amháin ba mhaith leat a dhéanamh an samhradh seo?

Seal beag a chaitheamh in éindí le mo mhuintir san áit a rugadh mo mháthair, in Dhá Dhroim taobh amuigh de Bhaile Chaisleán Bhéara, in Iarthar Chorcaí.

20. Buaicphointe saoil go dtí seo?

Tá péire agam – ní bheadh an dara ceann ann gan an chéad cheann!

Ian m’fhear chéile agus ár gcúpla, Rúbaí agus Sophia.


Is féidir Loretta, Lorg Media agus eachtraí Rúbaí agus Sophia a leanúint ar Snapchat ar lorettagavin. Tá Loretta ar Twitter anseo.

SCÉALTA EILE