60 Soicind le…

Is é an fiontraí óg Pádraic Ó Griallais atá i gcathaoir 60 soicind an iarraidh seo.

Is de shliocht dhéantóirí poitín é Pádraic, a bhunaigh an mhicreadhrioglann Micil Poitín

Labhair sé linn faoina phoitín “misniúil mín”, faoin mhanglam is fearr leis, ‘An Searbhán’, atá “ró-éasca” le hól agus faoi na carachtair iontacha atá againn sa tír seo! 


1. Cárb as duit?

Rugadh agus tógadh mé in Indreabhán, i nGaeltacht Chonamara i gContae na Gaillimhe.

2. Cad iad na trí rud is fearr faoi do cheantar dúchais?

– An tírdhreach
– An pobal
– An cultúr

3. As na tíortha ar fad ar thug cuairt orthu, cén ceann is fearr leat agus cén fáth?

Ceist dheacair, thaitin siad ar fad liom ar chúiseanna éagsúla.

Thaitin Meiriceá Thuaidh go mór liom, tá an tír an-spéisiúil ar a lán bealaí.

Is dream iad a dtáinig a muintir ar imirce den chuid is mó.

Tá cathracha móra ann agus ceantair ann atá thar a bheith iargúlta.

Tá rogha dhochreidte rudaí le déanamh ann, bhí an-spraoi agam ann, aon chuairt dár thug mé.

4. An ball éadaigh is minic a chaitheann tú?

Ag brath ar an lá.

Más sa drioglann a bhím, caithim éadaí gur cuma iad a shalú. Nuair a bhím ag plé le custaiméirí nó ag déanamh poiblíochta caithim léine, bríste géine, seaicéad culaithe agus bróga snasta. Má bhíonn an ócáid níos foirmeálta, caithim culaith iomlán – veist agus carbhat srl.

Sílim go gcuirim béim ar ghléasadh maith – cabhraíonn sé le híomhá dhuine.

5. Cad í an chuimhne is mó a sheasann amach ó d’óige?

Ag déanamh obair feirme, thaitin ainmhithe agus feirmeoireacht liom riamh.

Tá an-spéis agam i gcúrsaí feirmeoireachta go dtí an lá atá inniu ann.

Tá cúrsaí bia agus dí an-tábhachtach dom, mar a shamhlófá.

6. Is bunaitheoir Micil thú. Cad é an rud is fearr leat faoin obair a dhéanann sibh?

Is breá liom nuair a bhím in ann athrú intinne a chur ar dhaoine faoi phoitín.

Síleann go leor daoine gur deoch garbh agus thar a bheith láidir é.

Nuair a bhlaiseann siad é, tá sásamh le baint as nuair a deir siad go bhfuil sé go deas nó níos fearr!

Níor chas mé le mórán nach raibh thar a bheith tógtha leis an manglam, ‘An Searbhán’.

Tá sé ró-éasca é a ól, sin é a deirtear liom ar aon chaoi.

7. Trí fhocal a chuireann síos ar do tháirge?

– Misniúil
– Barántúil
– Mín

8. Cad a dhéanfá mar shlí bheatha mura mbeifeá i do stiléir?

Bhí mé i mo mhúinteoir meánscoile agus i mo theagascóir tríú leibhéil sular thug mé faoin ngairm nua seo.

Is dócha go mbeinn fós ag plé leis an oideachas. Dá mbeinn fós ag plé leis an oideachas bheadh suim agam sa bhainistíocht.

9. Dá mbeifeá ag casadh le duine den chéad uair, cén sórt oíche a d’eagrófá di?

D’eagróinn béile ar dtús – bheadh tapas oiriúnach – Cava nó an Black Cat i nGaillimh. Ansin cúpla deoch i mbeár deas sa chathair – Tribeton nó a leithéid. Is túisce deoch ná scéal!

10. Seisiún nó ceolchoirm?

Ceolchoirm.

11. Cé hí/hé an t-amhránaí is fearr leat?

Calvin Harris.

12. Cad é an scannán is fearr leat?

Lawless – scannán faoin bpoitín (moonshine) i Meiriceá.

13. Cé hé/hí an t-aisteoir is fearr leat?

Bryan Cranston.

14. An bhialann is deise i nGaillimh dar leat?

Ceist dheacair, tá an oiread rogha ann. Ach Kai déarfainn!

15. Leabhar maith a léigh tú le déanaí?

The Tipping Point, le Malcolm Gladwell.

16. Dá mbeadh €20 fágtha sa chuntas agat, céard a dhéanfá leis?

Chaithfinn é ar bhéile deas.

17. An rud is mó a chuireann ag gáire thú?

Scéalta faoi charachtair áitiúla. Tá carachtair iontacha againn in Éirinn rud a chruthaíonn scéalta iontacha. Scéalta iad a bhíonn fíor ach ba deacair iad a thuiscint i gcultúir eile.

18. An bhfuil drochnós ar bith agat?

Tá neart… bím ró-dhearfach faoi rudaí éagsúla. An méid ama a thógfaidh sé rud a chur i gcrích, rud a chiallaíonn go mbíonn deifir orm sa deireadh ag iarraidh rudaí a chríochnú.

Oibrím go maith faoi bhrú, so ní chuireann sé isteach rómhór orm.

19. Rud amháin ba mhaith leat a dhéanamh an samhradh seo?

Barbaiciú a eagrú má bhíonn an aimsir sách breá.

20. Buaicphointe saoil go dtí seo?

Gan a bheith d’oireasa oibre aon uair!

Beidh Padraic ag reáchtáil dhá cheardlanna manglaim thar an deireadh seachtaine, mar chuid d’Fhéile Bhia na Gaillimhe. Tuilleadh eolais anseo.

SCÉALTA EILE