60 soicind le…

Is feirmeoir óg í Paula Melvin atá chomh compordach céanna i lár chlábar na tuaithe agus atá sí i lár shaol gnóthach na cathrach. Insíonn sí dúinn anseo faoin tábhacht a bhaineann le ‘road frontage’ aon leaid a rachadh sí amach leis, a sála arda ‘cow print’ agus na muca a ghlac sí ar scoil léi!


1. Cárb as duit?
Is as Áth Cliath na nGael dom. Feirm i mBÁC 15. Is breá liom an áit gurb as dom. Is beag ceantar atá níos deise. Nílim ach thart ar 5 mhíle ó Bhaile Bhlainséir agus 10 míle ó Shráid Uí Chonaill ach fós féin, feicim amach m’fhuinneog agus tá sléibhte Átha Cliath, páirceanna glasa agus bólacht mo theaghlaigh os mo chomhar. “Best of both worlds,” mar a deirtear!

2. Trí rud a ritheann leat nuair a shamhlaíonn tú do cheantar dúchais?
– Mo mhuintir.
– Ár bhfeachtas (sin Pobal Gaeilge 15-Conradh na Gaeilge i mBÁC 15) chun Gaelcholáiste a bhaint amach don cheantar.
– Ba rua le hadharca fada (Salers).

3. Feirm nó cairpéad dearg?
Tá sála arda cow print agam… nach dtig liom an dá trá a fhreastal?!

4. As na tíortha ar fad ar thug tú cuairt orthu, cén ceann is fearr leat agus cén fáth?
Bíonn roinnt daoine ag siopadóireacht i bPáras. Chuaigh mé féin agus mo mhuintir chun na Fraince, chuig an Massif Central ar thóir na mbó is fearr. B’shin an turas ab fhearr liom.

Beidh mé ag dul go Strasbourg i gceann seachtaine chuig Coimisiún na hEorpa ag déanamh ionadaíocht ar fheirmeoirí óga na hÉireann le haghaidh Macra na Feirme… ag súil go mór leis!!

5. Cad í an ghig is mó a thaitin leat, cén fáth?
Is aoibhinn liom na gigeanna beaga a bhíonn ar súil i gClub an Chonartha, Sráid Fhearchair – an teach tábhairne is fearr ariamh agus an áit ina raibh mo 21ú agam.

paula-melvin-3

6. An t-amhrán/píosa ceoil is mó a chuireann tú ar siúl?
Cé nár chas mé léi, táim gafa le guth Emma Ní Fhíoruisce agus na hamhráin nua-aimseartha ar fad atá aistrithe aici go Gaeilge.

7. Cad a dhéanfá le do shaol muna mbeifeá ag plé le cur chun cinn na Gaeilge?
Is obair dheonach ar fad a dhéanann leis an nGaeilge agus ní thugann a dhath ar bith eile an sásamh sin dom.

Is feirmeoir páirtaimseartha mé agus bainim an-taitneamh as sin leis – ba dheas liom leanúint leis ach is mian liom a bheith ag obair sna meáin. Le linn an tsamhraidh bhíos ag cur críche le MA i Scríobh agus Cumarsáid na Gaeilge i gColáiste na hOllscoile, BÁC.

8. An bhfuil aon aiféala agat?
Níl iontu sin ach ceachtanna.

9. Céard í an chuimhne is mó a sheasann amach ó d’óige?
Tar éis dom an leabhar ‘Charlotte’s Web’ a léamh agus mé i rang a 3, d’iarr mé ar Dhaidí na Nollag muca a thabhairt dom, fuair mé dhá cheann, Muc agus Muckey.

An chuimhne is mó a sheasann amach dom ná iad a thabhairt chun na scoile liom.

10. Cad é an rud is mó a chuireann ag gáire tú?
GaelGÁIRÍ!

11. Dá mbeifeá ag casadh le duine den chéad uair, agus dúil agat iontu, cén sórt oíche a d’eagrófá?
Bheadh orm a road frontage a fheiceáil.

12. Trí rud ar mhaith leat a dhéanamh sula bhfaigheann tú bás?
– Tabhairt faoin gCamino.
– Tabhairt faoi PhD.
Herd number a fháil dom féin.

13. Cad í an tsraith teilifíse/scannán is fearr leat?
‘12 Angry Men’.

14. Céard é an rud is fearr faoi a bheith i do Ghael?
An comhluadar, gan aon amhras.

15. Cén pearsa stairiúil is mó atá cosúil leat?
Nílim ag iarraidh éinne a mhaslú anseo!

paula-melvin-2

16. Dá mbeadh €20 fágtha sa chuntas agat, céard a dhéanfá leis?
Ní mórán!

17. Cad í an chéad tír eile ar mhaith leat cuairt a thabhairt uirthi? Cén fáth?
An Nua-Shéalainn, toisc go bhfuil cuid de mo chairde i ndiaidh bogadh ann! Ba mhian liom na feirmeacha déiríochta a fheiceáil ann.

18. Cad é an t-amhrán is mó a thaitníonn leat?
Tá mo chroí i gConamara, cé go bhfuilim ag iarraidh Gaelainn na Mumhan a thabhairt liom! Tá ‘Conamara’ le hÉinniú i mo cheann le seachtain anuas.

19. An bhfuil drochnós ar bith agat?
Uachtar reoite.

20. Buaicphointe saoil go dtí seo?
Roghnaigh an tUachtarán Michael D. Higgins mé le bheith mar Bhean an Tí ar a chéad seimineár in oifig ‘An Óige agus an tÉireannachas’. Bhí mé an-bhródúil 🙂

SCÉALTA EILE