60 soicind le…

Is trodaí í Shakira Coonghe atá ag déanamh go leor dul chun cinn i ndomhan na dornálaíochta le tamall anuas.

Traenálaí í le hAclaí, spórtlann Ghaelach i gCathair Chorcaí, agus tá an-dúil aici i gcúrsaí bia agus cócaireachta.

Labhair sí le NÓS faoi spíosraí Shrí Lanca, laethanta a hóige sa chró taecuando agus faoina buachaill álainn Ainle (sea Ainle s’againne) a spreagann í agus a dhéanann a cuid níocháin nuair atá sí taobh thiar leis! #fearbreá! 


1. Cárb as duit?

Cnoc an Aonaigh, i dtuaisceart Chathair Chorcaí ach is Corc-Áiseach mé – sin meascán idir Corcaíoch agus Áiseach.

Is as Srí Lanca mo dhaid agus is as Cathair Chorcaí mo mháthair.

2. An rud is fearr faoi do cheantar dúchais.

– Tá daoine breátha cairdiúla sa cheantar agus tá aithne ag gach duine ar a chéile.

– Cónaíonn mo mhuintir uilig ar thaobh mo mháthar sa cheantar céanna. Ciallaíonn sin go bhfeicim go minic iad.

– Ceantar bocht go leor atá ann agus tá drochchlú air. Fós féin, tá mé iontach bródúil gurb as an áit sin mé mar gur thug sé spreagadh dom.

3. As na tíortha ar fad ar thug tú cuairt orthu, cén ceann is fearr leat?

Bhuel, Srí Lanca ach tá mé claonta mar gur mhothaigh mé sa bhaile.

Agus mé óg, chaith mé mo chuid laethanta saoire i Srí Lanca le mo chlann ag baint taitnimh as na hiontais atá ar fáil ann agus ag foghlaim faoin gcultúr beo atá go láidir le brath sna daoine.

Thaitin sé go mór liom a bheith ag cócaráil le spíosraí éagsúla agus ag foghlaim teicnící cócaireachta áitiúla ó mo sheanmháthair.

lareile

4. An gcuidíonn do chúlra sa taecuando leis an dornálaíocht?

Chaith mé 14 bliana ag gabháil don taecuando agus tá an taithí sin ina bhuntáiste agam go fóill.

D’fhoghlaim mé scileanna trodaíochta, féinsmacht agus bhí mé cleachta leis an gcró ó aois an-óg.

Tá stíl difriúil agam i gcomparáid le dornálaithe eile mar gheall ar an taecuando agus is rud maith é sin.

5. An t-amhrán is fearr leat?

‘Not Giving In’ le Rudimental.

Tá an teachtaireacht breá soiléir sa teideal!

6. Leabhar maith a léigh tú le déanaí? 

Is breá liom an leabhar Original Wisdom le Robert Wolff.

Is leabhar é atá furasta le léamh agus ardaíonn sé go leor ceisteanna faoin dearcadh atá againn san Iarthar i dtaobh oideachais, sláinte, agus cultúir.

Caitheann an t-údar tréimhse leis na bundúchasaigh Sng’oi sa Mhalaeisia, a bhfuil cónaí orthu amuigh sa dufair.

Cuirtear síos ar an saol simplí atá acu agus tá teachtaireacht ghalánta i ngach caibidil!

7. Cad a dhéanfá mar shlí bheatha mura mbeifeá i do thraenálaí le hAclaí agus i do throdaí?

Mura mbeinn i mo thraenálaí, bheadh stalla bia agam agus chaithfinn uaireanta an lae ag cócaráil churaithe Shrí Lanca leis na comhábhair is fearr atá le fáil go háitiúil in Éirinn.

Is aoibhinn liom a bheith ag cócaráil agus a bheith ag caint le daoine faoi bhia mar sin táim lán muiníneach go bhfíorófar an aisling agus go mbeidh stalla agam amach anseo!

8. An bhfuil aon aiféala agat?

Níl aon aiféala agam, níl fós… 🙂

9. Céard í an chuimhne is mó a sheasann amach ó d’óige?

Arís tá bia ann…

Nuair a bhí mé tuairim is seacht mbliana d’aois is cuimhin liom gur chuir mo dhaid fáilte roimh na páistí ar fad a bhí ina gcónaí ar na sráideanna timpeall orainn.

D’ullmhaigh sé rís, easnacha bearbaiciú agus eití sicín agus d’ith muid ár sáith.

Chuala mé mo dhaid ag rá go bhfuair duine de na buachaillí arán agus im don dinnéar de ghnáth agus bhuail sé mé nach raibh an taithí chéanna ag gach duine bia folláin blasta a bheith ar fáil acu.

10. Dá mbeifeá ag casadh le duine den chéad uair, cén sórt oíche a d’eagrófá?

Dhéanfainn béile breá, curaí Shrí Lanca de shaghas éigin is dócha!

Nuair a bhíonn daoine ag baint sult as bia imíonn an teannas. Rud speisialta is ea é!

shaklar

11. Troid nó traenáil?

Traenáil, déanann tú an obair chrua ag traenáil. Ní mhaireann an troid ach tuairim is 10 nóiméad ach bíonn tú 15-20 uair sa tseachtain ag traenáil.

12. Céard an scannán nó clár is fearr leat?

Cooked. Clár faisnéise 4 chuid ar Netflix atá ann.

Díríonn sé ar bhia agus na ceithre eilimintí – uisce, tine, cré agus aer.

B’fhiú breathnú air, tá an scannánaíocht dochreidte ann!

13. Cé hé/hí an t-aisteoir is fearr dar leat?

Tom Hanks, go háirithe in Forrest Gump. Is laoch é!

14. An bhfuil pearsa sa stair a chuaigh i bhfeidhm ort?

Tá leabhar Muhammad Ali á léamh agam faoi láthair agus tá mé ag foghlaim faoina shaol mar throdaí agus faoi ghluaiseacht na gcearta sibhialta. Laoch eile!

15. An tréith dhaonna is tábhachtaí, dar leat?

Dílseacht!

Sílim go bhfuil sé iontach tábhacht a bheith dílis duit féin agus seasamh do na rudaí a gcreideann tú iontu, cibé rud, maith nó olc, a thagann an bealach.

haklareile

16. Dá mbeadh €20 fágtha sa chuntas agat, cad a dhéanfá leis?

Thabharfainn d’fheachtas tiomsaithe airgid mhuintir Chute é, teaghlach i gCorcaigh a fuair amach le déanaí go bhfuil leukaemia ar athair an teaghlaigh.

Beidh orthu bogadh go Baile Átha Cliath le go mbeidh cúram cuí á fháil aige.

Tá breis agus €28,000 bailithe go dtí seo agus iad an-ghar dá sprioc €30,000.

17. An bhfuil drochnós ar bith agat?

Táim uafásach ag ní mo chuid éadaí agus tar éis seachtaine bíonn mol mór níocháin fágtha do mo bhuachaill le déanamh.

Táim millte aige! GOA!

18. Cad é an chéad tír eile ar mhaith leat cuairt a thabhairt uirthi? Cén fáth?

Srí Lanca, le mo mhamó a fheiceáil! Beidh muid ag dul gan mhoill 🙂

19. Na trí mholadh sláinte is mó atá agat.

– Traenáil go rialta le go mbeidh níos mó fuinnimh agat.

– Ith bia maith folláin an chuid is mó den am agus bíodh ‘treat’ agat go hannamh.

– Bíodh codladh maith agat gach lá, ól neart uisce, agus bain sult as an saol!

20. Buaicphointe saoil go dtí seo?

Is féidir liom an chuid is mó ama a chaitheamh le mo chlann agus le mo bhuachaill Ainle agus le daoine a thugann suaimhneas agus spreagadh dom.

Táim an-sásta go bhfuil mé in ann am a chaitheamh na laethanta seo ag déanamh rudaí a chabhraíonn le daoine eile agus go bhfuil mé in ann rud éigin nua a fhoghlaim gach lá.

Tá an t-ádh orm go bhfuil daoine dearfacha thart orm do mo spreagadh, in Aclaí, sa chlub dornálaíochta agus i mo shaol go ginearálta.

Is breá liom a bheith ag obair ar an bhfeirm i mBéal Átha Mó agus fiú amháin seo, a bheith páirteach in 60 Soicind NÓS, ní shamhlóinn riamh go ndéanfainn é seo!

SCÉALTA EILE