An Rúnaí
Tá a fhios acu seo go díreach céard atá siad ag iarraidh a fheiceáil ar an turas seo, agus bí cinnte go bhfaighidh siad a mbealach féin. Leanann chuile dhuine treoir an rúnaí mar go bhfuil sé níos éasca gan a ghabháil ag argóint leo. Ní féidir mórán clamhsán a dhéanamh faoin rúnaí – murach iad chuile sheans nach n-eagrófaí an turas ar chor ar bith.
An Togha
Níl tada uathu. Leanfadh siad seo an sruth pé áit a dtabharfar iad. Níl aon mhaith iontu seo má tá comhairle uait nó cinneadh le déanamh. Freagraí ginearálta a bhíonn acu ar chuile rud ; “togha”, “go breá”, “ní miste liom”. Ar an lámh eile, is féidir brath orthu – tá a fhios agat go mbeidh duine amháin sásta a dhul leat le rudaí a dhéanamh.
An Deaide
Cosúil le hathair ar laethanta saoire teaghlaigh, déanann an duine seo a rud féin. Ní ghlacann siad le treoracha. Breathnaíonn siad ar mhapa uair amháin agus ceapann siad go bhfuil a fhios acu cá bhfuil chuile shórt ar an mbaile. Diúltaíonn siad córas taistil a úsáid – caithfear siúl chuile áit, agus siúlann siad i bhfad chun tosaigh ar an ngrúpa. Nuair a shocraíonn siad rud a dhéanamh, níl stop ar bith leo.
An Spaisteoir
Tá a sceideal féin déanta amach ag an spaisteoir. Téigh áit éigin. Glac pictiúir. Suigh chun boird. Faigh greim le n-ithe/le n-ól. Agus déan arís é. Tá siad seo breá sásta an rúnaí a leanacht mar go ndéanann sé éascaíocht orthu féin. Ní uatha ach go mbeadh bristí rialta ann : bia, pictiúir, beoir, caifé.
An Gaiscíoch
Triailfidh siad seo chuile shórt. Adrenaline rush atá uathu seo agus cúpla eachtra le n-aithris dóibh siúd sa mbaile. Tiocfaidh siad ar an mbeatha is aistí agus na himeachtaí is contúirtí – agus déanfaidh siad iarracht iachall a chur ar chuile dhuine triail a bhaint as.
An Scéalaí
Tarlaíonn na rudaí is aistí don duine seo. Má théann siad chuig óstán, beidh gealt sa lobby rompu. Má ordaíonn siad tacsaí is fear ar rothar a bhaileoidh iad. Má théann siad ar thraein tosóidh duine éigin ar an traein ag béiceach orthu. Bí cinnte go mbeidh scéal éigin dochreidte ag an duine seo nuair a thagann siad abhaile.
An Ceolán
Clamhsánaí. Seasta ag geonaíl. Ní maith leo bia na háite. Ní maith leo an aimsir. Ní maith leo a dhul ag siúl. Shilfeá gur tháinig an ceolán le cinntiú nach mbainfidh duine ar bith taitneamh as an turas.
(Ní chuirfí suas leis an gcineál seo duine dá bhféadfaí éalú uathu).
An Deoraí
Déanann siad seo a rud féin. Sé sin nó téann siad amú. Níl 3G acu agus ní féidir a dhul i dteangmháil leo. Éiríonn le chuile dhuine eile a bheith ar an mbus in am agus suíocháin a fháil le chéile. Tá an deoraí ina seasamh ar an taobh eile den bhóthar agus iad ag breathnú uathu (sa treo mícheart).