Afra-Éire: Daoine óga i Luimneach á lorg ag Gorm Media do chlár nua

Glory’ le God Knows x Senita

D’eisigh God Knows agus Senita Appiakorang an tsingil nua ‘Glory’ eisithe ag God Knows faoin lipéad Narolane le déanaí, an chéad eisiúint oifigiúil de chuid an lipéid. 

Baintear leas san amhrán Amapiano seo sr rithimí snagcheoil agus deep house na hAfraice Theas atá an-choitianta ar fud an domhain anois.

Gorm Media

View this post on Instagram

A post shared by Gorm (@gormmedia)

Tá Gorm Media ag lorg daoine óga atá lonnaithe i Luimneach, idir 18-35 bliana d’aois ó chúlraí éagsúla, atá toilteanach páirt a ghlacadh i gcomhráite diana maidir le miotais agus steiréitíopaí, agus a bpearsantacht a thaispeáint i seó nua. Is féidir dul I dteagmháil leo ar na meáin shóisialta nó ag info@gormmedia.com.

Emer O’Neill – Today Show

Beidh an múinteoir, láithreoir agus gníomhaí, Emer O’Neill ina láithreoir sealadach ar an gclár Today le Maura Derrane and Daithí  Ó Sé agus an láithreoir Sinead Kennedy ar saoire mháithreachais.

Face by Ihuaku (@facesbyihuaku)

View this post on Instagram

A post shared by FBI (@facesbyihuaku)

Tá bailiúchán nua smididh ag Face by Ihuaku. Cuimseoidh an bailiúchán pailéad scáth súl, trí lí agus primer scáth súl.