Thuairiscigh comhfhreagraí nuachta Virgin Media News Richard Chambers tráthnóna gur ainm Gaeilge atá tugtha ag an Uachtarán Mícheál D Ó hUigínn ar a mhadra nua — ‘Misneach’.
#NEW
— Richard Chambers (@newschambers) March 2, 2021
Higgins dog name confirmed.
President Michael D Higgins has a 5 month old Bernese Mountain Dog puppy in training.
"Given the times we are in, The President has given him the name 'Misneach' – meaning Courage" pic.twitter.com/k3ArXvW8lS
Chonacthas an tUachtarán, a mhadra Bród, agus an coileán nua taobh amuigh d’Áras an Uachtaráin ag an deireadh seachtaine agus chuaigh pictiúir a chrochadh ar Twitter maidin inné go mór i bhfeidhm ar mhuintir na hÉireann.
Cailleadh madra eile a bhí ag an Uachtarán, Síoda, i bhfómhar na bliana seo caite, rud a d’fhág Bród ina aonar ar feadh cúpla mí.