Ainneoin na ndeacrachtaí, is breá liom a bheith i mo bhean

Ní gan deacrachtaí atá saol na mban.

Idir chrampaí míosta agus “cat-callers”, bíonn frustrachas, nach beag, ag baint leis go minic.

Ach ainneoin na ndeacrachtaí, is breá liom a bheith i mo bhean.

Tá mé buíoch ach go háirithe, as ucht na deise, mo chuid meánscolaíochta a bhaint amach i scoil cailíní. Cloiseann tú go minic gur fearr an scolaíocht i scoileanna aon-inscne do chailíní ach gur fearr an scolaíocht mheasctha do bhuachaillí. Dar ndóigh — níl de thaithí agam an taobh eile den scéal, a ligfeadh dom an cás a chíoradh i gceart. Ach ó mo thaithí umhal féin, ó na laethanta sona socra a chaith mé i gColáiste Bríde, Inis Córthaidh, déarfainn go bhfuil an ceart sa ráiteas úd. 

D’éist mé le closleabhar le déanaí de chuid an iriseora Ellen Coyne, ina ndearna sí cur síos ar a scolaíocht féin i scoil cailíní i gContae Phort Láirge. Dar léi, ba chosúil a heispéireas meánscoile le “feminist utopia”;

Rinne sí cur síos ar mar a thacaigh na cailíní lena chéile, ar an easpa iomaíochta idir na scoláirí agus ar an tsaoirse a tugadh do na cailíní a bpearsantacht féin a léiriú, a fhorbairt agus a chothú. 

Buille mór maoithneachais a bhí ann dom, agus mé ag éisteacht leis na focail úd. Tógadh siar ar bhóithrín na smaointe mé go laethanta mo mheánscolaíochta féin, a bhí díreach cosúil le cur síos an iriseora Coyne. 

Is mór an náire dom nár thuigeas ag an am, a luachmhaire is a bhí an eispéireas sin, is nár thuigeas i gceart a ámharaí is a bhíos; blianta mo dhéaga a chaitheamh i measc ban agus cailíní óga, muid ag foghlaim óna chéile is ag tacú dá chéile. Dúradh linn go bhféadfadh muid ár rogha rud a bhaint amach sa saol agus nach mbeadh srianta ar bith orainn. Chreid muid é gan a cheistiú, is cuireadh síolta an fheimineachais ionann i ngan fhios dúinn.

Ceann de na cuimhní is luachmhara agus is speisialta atá agam, ná lá thorthaí na hArdteiste sa bhliain 2014. Is cuimhin liom go maith buille trom mo chos is mo chroí, agus mé siúl suas ag an scoil an lá úd; cearthaí orm agus gach ball de mo chorp ar crith, ar mo bhealach go hoifig an phríomhoide. Bhí an príomhoide agus an leas-phríomhoide ag fanacht orm sa seomra beag; beirt bhan mhisniúla agus gáire ó chluas go cluas orthu. 

Ar bhronnadh an bhlúirín páipéir orm, d’fháisc an príomhoide a dá lámh thart orm; deora áthais sna súile aici agus deora fliucha faoisimh ag sileadh liomsa gan stad gan staonadh.

Tá mé ar ais i mbun scolaíochta arís, agus mé ag tabhairt faoi mháistreacht sa bhéaloideas i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath. Mar a tharla, is mná is mó a bhíonn i mo theannta (go fíorúil dár ndóigh), idir léachtóirí agus mo chomh-mhic léinn. Tá a réimse spéise agus a taithí dhifriúil ag gach bean againn agus is mór an spreagadh dom an muintearas agus an meas a bhíonn le brath i ngach aon léacht, i roinnt smaointí agus saothar. 

An uair seo, ní baol ach go dtuigim a ámharaí is atáim. Suím ag mo dheasc dála cait an dá eireabaill, agus mé an-bhuíoch as a bheith i measc mná chomh cliste, cineálta sin. Pléitear béaloideas, cuimhní cinn, ceisteanna eitneolaíochta agus eile. Ní dóigh liom gur pléadh an easpa fear inár measc, ná hidé-eolaíochtaí feimineacha riamh.

Ní chaitear an feimineachas a phlé lena chleachtadh. Ní gá ach a luach a thuiscint agus é a spreagadh. 

Mná ag tacú le mná; níl a dhath níos cumhachtaí. 

SCÉALTA EILE