Ba mhór an brón a chuir an scéal bhás Tony Birtill, 67, orainn. Fuair sé bás go socair suaimhneach ag Woodlands Hospice, Longmoor Lane, Learpholl, ar an 21 Meán Fómhair. Ar dheis Dé go raibh a anam uasal.
Rugadh Tony in Everton, Learpholl, agus maireann a bhean Grace agus a mhac Liam. D’fhreastail sé ar bhunscoil an Blessed Sacrament RC, Walton, agus ina dhiaidh sin, ar Cardinal Godfrey Christian Brothers High School in Everton. Spreagadh chun na Gaeilge é agus é an-óg, agus é ag éisteacht lena mháthair agus a aintín ag Gaeilgeoireacht nuair thagadh an aintín ar cuairt as an Muileann gCearr. Bhain sé céim eacnamaíochta amach ag Ollscoil East Anglia, agus dioplóma i múinteoireacht in Institiúid Oideachais, Ollscoil Londan. Is iomaí bliain a chaith sé i mbun breisoideachas.
Ar philleadh go Learpholl dó, d’fhreastail Tony ar ranganna Gaeilge leis Dr. Brian Stowell, fear a raibh suim mhór aige i athbheochan na Gaeilge agus Gaeilge Mhanann. Bhain Tony amach O-Leibhéal agus A-Leibhéal sa Gaeilge, agus ansin teastas múinteoireachta na Gaeilge fosta. Nuair a phill an Dr Brian Stowell ar a cheantar dúchais in Oileán Mhanainn sna 1990idí, ba é Tony a mhúin ranganna oíche sa Gaeilge in Ollscoil Learpholl, agus níos déanaí ag an Ionad Éireannach i Learpholl go dtí gur cuireadh an chéad dianghlasáil i bhfeidhm in 2020.
B’fhearr le Tony bheith amuigh faoin aer ná sa seomra, agus is iomaí bliain a chaith sé mar cheannaire cnocadóireacht sna sléibhte agus cnoic timpeall Ghleann Cholm Cille. Fiú agus a shláinte ag dul in olcas, choinnigh sé air ag súil sna sléibhte. Roimh an phaindéim, ghortaigh sé a chos i dtimpiste ailleadóireachta. Ní raibh cead aige bheith ag tiomáint, ach mar sin féin tháinig sé chuig an Ionad Éireannach chun a chuid ranganna a mhúineadh. Beidh na híomhánna de ag bacadradh thart an seomra inár gcuimhní sólásacha feasta.
Chuaigh Tony isteach i gConradh na Gaeilge i mí na Samhna, 1990, agus d’athbhunaigh sé an chraobh ‘CnaG Learpholl’ a bhí tar éis dul in éag ag an am. Tá an chraobh sin ag dul ó neart go neart mar gheall ar an obair chrua a rinne sé i gcaitheamh na mblianta.
Fear gnóthach ab ea Tony, a bhí ina scríbhneoir, staraí agus iriseoir fosta. Scríobh sé mórán alt fá choinne an Irish Post, Liverpool Echo, agus na foilseacháin Ghaeilge Foinse, NÓS, Lá, Beo, Tuairiscagus a leithéidí. Labhair sé faoi thionchar na Gaeilge i Learpholl le Radio Merseyside, Raidió na Gaeltachta agus Raidió Uladh. Is leabhar den scoth é a leabhar féin An Ghaeilge I Learpholl/A Hidden History: The Irish Language in Learpholl ina dtugtar miontuairisc ar stair na Gaeilge sa chathair seo tríd na 1800idí agus na 1900idí.
Fear cneasta, cairdiúil agus eolach a bhí ann, agus cuimhneofar air mar fhear a bhí i gcónaí sásta a ghrá don Ghaeilge a scaipeadh.
Aireoidh muid uilig uainn Tony, go háirithe a scoláirí féin, baill Chonradh na Gaeilge Learpholl agus an baill eile an Chonartha anseo sa Bhreatain. Déanaimid comhbhrón ó chroí lena mhuintir agus gaolta ag an am seo.
Go ndéana Dia trócaire ar a anam.
Tá Tomás Ryan ina Chathaoirleach ar Chonradh na Gaeilge Learpholl.’Aireoidh pobal na Gaeilge i Learpholl uainn ár múinteoir cneasta cairdiúil eolach’