Amadán Aibreáin: Na 5 bhob is fearr

Inniu an chéad lá d’Aibreán agus, mar a tharlaíonn gach uile bliain, bhíonn cleasa á n-imirt ag na meáin ar an phobal ar mhaithe le giota spraoi.

Bhí na meáin Ghaeilge i lár an aonaigh agus bhí cleasaíocht fiú ar bun ag na heagrais teanga chomh maith.

Seo chugaibh na 5 bhob is mó a thaitin linne inniu…


Taylor Swift agus CLG Thír Eoghain

taylor-swift-tir-eoghain

Bhí amhras ar léitheoirí an Irish News ar maidin nuair a fógraíodh, ní amháin go raibh Taylor Swift ina leantóir de chuid fhoireann peile Thír Eoghain, ach go mbeidh sí i láthair ag Páirc Uí hÉilí ar an Ómaigh don chluiche tábhachtach le Ciarraí.

Scoth an Photoshop….


Tá Spíce Bhaile Átha Cliath le baint anuas go sealadach

spice-bac-togail

Fógraíodh ar maidin go mbainfear an Spíce anuas ar feadh coicíse mar chuid de ceiliúradh chomóradh 1916.

Dúirt Morning Ireland ar RTÉ Raidió 1 go raibh sé i gceist ag an rialtas tuilleadh spáis a chruthú ar Shráid Uí Chonaill do na himeachtaí, agus labhair ‘Iar-stiúrthóir ar Ard-Mhúsaem na hÉireann’ leis an chlár fiú, ag tacú leis an ‘pleananna’.

Éist leis an agallamh anseo.


Leagan Béarla de Tuairisc.ie seolta

tuairisc-report

Ba “ar mhaithe le breis léitheoirí a mhealladh chun an tsuímh” a seoladh ‘leagan Béarla’ den láithreán nuachta Gaeilge inniu.

Ní gá a rá nach raibh cuid dá léitheoirí sásta leis an ‘fhógairt’!


Aiséirí an ‘Gaelic League’

gaelic-league-aibrean

Chuir Conradh na Gaeilge in iúl dá gcairde ar líne go mbeadh siad ag filleadh ar sheanainm na heagraíochta nuair a bunaíodh é breis agus 121 bliain ó shin.

The Gaelic League lives on!


Supermac’s le hathbhrandáil a chur i bhfeidhm

mcdonaghs-supermacs

Níorbh é an Conradh an t-aon dream le hainm a athrú inniu: d’fhógair Supermac’s go raibh siad chun athrú díreach a dhéanamh go hainm a sárbhunaitheora féin, Pat McDonagh.

Mighty McDonagh aon duine?


Agus, ar ndóigh, mura raibh a fhios agaibh cheana féin, bhí a theanga ina phluc ag Conor McGregor agus é “ag roinnt a rúin” linn ar maidin anseo.

SCÉALTA EILE