Pléann Ciarán Dunbar ceart agus mícheart.
Ali Dawabshe.
Ali Dawabshe, a deirim, nár chuala tú trácht air?
Gach seans gur chuala ach go bhfuil dearmad déanta agat air, tá tú gnóthach agus faoi bhrú, tuigim go maith.
Cecil.
Cecil an leon, s’eadh, s’eadh, sin ceart, an leon a scaoil an fiaclóir Meiriceánach le saighead sa tSiombáib.
Cha dtiocfadh leat dearmad a dhéanamh ar an cheann sin!
Cé hé an Ali Dawabshe seo, mar sin?
Sin tachrán Palaistíneach a dódh chun báis nuair a rinne lonnaitheoirí Giúdacha ionsaí ar a theach gar do Nablus ar an Bhruach Thiar.
Tuigtear gur ionsaí ‘clibe praghais’ a bhí ann, nós atá ag sceimhlitheoirí Giúdacha nuair a chuireann údaráis Iosrael stop le lonnaíochtaí mídhleathacha (tá siad ar fad mídhleathach faoin dlí idirnáisiúnta ar ndóigh).
Ní minic a tharlaíonn sé ach tarlaíonn.
Ba chóir a rá gur cháin Príomh-Aire Iosrael Benjamin Netanyahu an eachtra seo go láidir.
Ach nach iontach gur scéal níos mó é bás Cecil, a bhí ina chat mór ag deireadh an lae, ná bás an pháiste seo – nó bás na gcéadta páistí a fuair bás go foréigneach ar an lá céanna.
Ar chúis éigin, tá sé níos éasca dúinn san Iarthar trua a bheith againn d’ainmhithe na hAfraice ná do dhaoine áirithe is léir.
Níl sé ar ár gcumas daoine atá difriúil uainn a mheas mar bhall den chine daonna céanna is atá muidne inár mball de.
Tá sé doiligh dúinn a thuiscint go mbíonn grá acu do dhaoine eile díreach cosúil linne, go mbíonn siad ag fulaingt cosúil linn.
Níl iontu ach daoine gan anam má tá muid ionraic linn féin, ní féidir linn iad a chur san áireamh inár gcoincheap de dhaonnacht choitianta.
Ní gá ach spléachadh a thabhairt ar an chlúdach sna meáin ar na teifigh atá ag iarraidh dul isteach sa Bhreatain in Calais na Fraince.
Cuirtear iad i láthair mar dhrong de chréatúir bharbartha atá ina bhagairt dúinn ar fad ní mar dhaoine le teaghlaigh agus le haislingí.
Sin d’ainneoin nach bhfuil ach roinnt mílte acu, ag iarraidh dul chuig tír ina bhfuil 64 milliún ina gcónaí ann cheana.
“Swarm,” an focal a d’úsáid Príomh-Aire na Breataine David Cameron chun cur síos a dhéanamh orthu – focal a úsáidtear d’fheithidí amháin, chan mamaigh nó éin fiú.
Arbh fhéidir leis a bheith níos soiléire?
Ar ais linn go dtí an Mheán-Oirthear áit a bhfuil grúpaí ar nós ISIS (agus dreamanna eile a bhfuil tacaíocht an Iarthair acu) ag éirí níos barbartha in aghaidh an lae in ainm a nDé.
An féidir linn bás Ali Dawabshe a scaradh ó sheasamh Rialtas Iosrael agus ó dhearcaí a chuid airí?
Dar le Leas-Aire Cosanta Iosrael Eli Ben-Dahan, “tá [Palaistínigh] cosúil le hainmhithe, ní daoine iad fiú.”
Dar leis, chomh maith, “tá anam níos airde ag Giúdach i gcónaí ná Gintlí, fiú más homaighnéasach é.”
Ní ráiteas ó antoisceach é sin, ach ó aire rialtais tofa.
Tá ráitis ag tacú le cine-dhíothú na bPalaistíneach déanta ag seisear de chomh-aireacht Iosrael.
Tá aithne agam ar go leor daoine a d’aontódh le Ben-Dahan gan aon amhras agus ar go leor daoine a chuirfeadh a chuid focal déistin orthu.
Déarfadh daoine a thacaíonn le Ben-Dahan go bhfuil an ceart aige mar gur daoine cosúil linn muintir Iosrael agus gurb é sin an fáth a ba chóir tacú leo, beag beann ar ghnímh an rialtais.
Agus ní raibh aon fhadhb ag an Dr. Walter Palmer, an fiaclóir, a mharaigh Cecil an leon le hainmhithe a mharú ar mhaithe le spórt.
Tá go leor ainmhithe eile maraithe aige agus bhí sé ag súil le cloigeann Cecil a chrochadh ar a bhalla sa bhaile – ar an drochuair beidh air leon eile a mharú anois chun an spota sin a ghlacadh.
Síleann go leor daoine go bhfuil sé mícheart ainmhí ar bith a mharú ar mhaithe le spórt amháin, go bhfuil sé mí-nadúrtha agus olc fiú pléisiúr a bhaint as.
Ach ní aontaíonn Walter Palmer leis sin.
Gach seans go síleann sé go bhfuil an tuairim sin ar mire glan.
Deir lucht tacaíochta sealgaireachta go bhfuil chuile duine eile aineolach go díreach agus go bhfuil siad ag cuidiú chun líon na leon a chothú seachas a mhalairt.
Tá tuiscintí an-difriúla againn mar chine daonna, más féidir liom gach duine againn a chur san áireamh mar chine amháin, ar cad is ‘ceart’ agus ar cad is ‘mícheart’ ann.
Tá sé i bhfad níos doimhne ná difríochtaí maidir le tuairimí.
Tchítear dúinn go minic nach amháin go bhfuil na daoine ar an taobh eile den argóint mhícheart, ach go bhfuil siad olc, chomh holc sin nach daoine iad níos mó.
Amharc ar pholaitíocht na hÉireann fiú.
Tá go leor gráin le mothú ar na sráideanna agus sa Dáil féin cé nach minic a fheiceann muid foréigean.
Tchítear dom nach bhfuil an cine daonna ar an aon fhocal maidir le cad is ceart agus cad is mícheart ann, fiú ag an leibhéal is bunúsaí.
Cuireann sé sin an-ghruaim orm, mar ciallaíonn sé nach féidir dul chun cinn a dhéanamh chuig domhan níos fearr.
Ach ritheann sé liom, má tá tuairimí difriúla ag daoine maidir cad is ceart agus cad is mícheart ann nach ionann sin is a rá nach féidir a leithéid de rud mar ‘ceart’ a bheith ann ar chor ar bith?
Seans gurb é sin an fáth go mbíonn cúrsaí ‘mícheart’ chomh minic sin?