Cúpla seachtain ó shin bhog mé chun na Fraince, mí ó d’fhreastail mé ar an searmanas bronnta céime. Agus beidh sé mí eile ar a laghad sula ngabhfaidh mé i dtaithí ar an gcaoi nach féidir liom mac léinn a thabhairt orm féin níos mó.
Bhí mé chomh gnóthach an samhradh seo gur ar éigean a chuimhnigh mé mórán ar na hathruithe a bhí le theacht. Go deimhin, an oíche sular fhág mé Conamara a thosaigh mé ag pacáil mo cháis. Ní hé sin le rá nach bhfuil mé ag súil go mór leis an méid atá romham anois, ach tá cuid dhíom (cuid mhór dhíom, shílfeá) ag caitheamh i ndiaidh mo shaoil ollscoile.
Bealach a bhí san aip BeReal agamsa le fanacht i dteagmháil le mo chairde ollscoile. D’fheicfeá céard a bhí á dhéanamh ag chuile dhuine ag a leithéid seo d’am agus go háirithe agus muid ag teacht i ndeireadh thréimhse na hollscoile, ní raibh le feiceáil ar BeReal ach pictiúirí de dhaoine agus iad ag ligean orthu féin gur ag staidéar a bhíodar agus an-chraic acu dá réir. Ba mhaith ann é má bhí tú féin ag lorg leithscéal leis an staidéar a chaitheamh in aer, mar go bhfeicfeá go díreach cá raibh do chairde agus céard a bhí á dhéanamh acu ionas go bhféadfá féin iad a mhealladh ón staidéar.
Níl an chraic chéanna ag baint le BeReal tráth go bhfuil formhór mo chairde scaipthe sna ceithre hairde agus iad anois i mbun oibre.
Go tobann, tá Big Girl Job™️ ag chuile dhuine agus a fhianaise sin le feiceáil ar na meáin shóisialta. (No, ní raibh mé in ann theacht ar aistriúchán a thaitin liom den Big Girl Job. Jab do chailíní móra? Ní hé an rud céanna é).
Pictiúirí d’oifigí agus seomraí foirne nach n-aithním atá tagtha in áit chúlra na leabharlainne agus phubanna na Gaillimhe. Pé scéal é, tá an bhaitsiléireacht fágtha ina ndiaidh ag mo chairde ar BeReal, agus mé féin is dóigh san áireamh.
Agus mé ar an mbus ó Chonamara isteach go Gaillimh an tseachtain seo caite, is ar éigean a fuair mé suíochán dom féin. Daoine óga ba mhó a bhí ar an mbus, bus a naoi a chlog agus iad ag caint eatarthu féin faoi chóisireacha, faoi eachtraí scoile agus faoin ardteist. Na cineálacha comhráití a bhí agam féin go minic agus mé ar an mbus céanna ag déanamh mo bhealach chuig an gcoláiste, maidin Dé Luain.
Níor thuig mé go dtí go raibh mé ar an taobh thoir den Spidéal gurbh iad seo mic léinn na hollscoile agus iad ar a mbealach isteach chuig a gcuid léachtaí, agus leis sin tháinig cumha orm mar gur thuig mé nach mbeinn féin á dhéanamh sin arís. Ní hamháin sin ach go raibh sé dearmadta agam fiú go raibh daoine eile ag dul ar ais ag an gcoláiste.
B’fhéidir nach raibh mé ag cuimhneamh air an samhradh seo, ach tharla na hathruithe céanna agus tháinig siad aniar aduaidh orm.