Chuala muid ar fad faoin bpoc craiceáilte Muimhneach a d’fhág cíor thuathail – agus amhrán iontach – ina dhiaidh lá dá raibh.
Bhuel is cosúil anois go bhfuil gaol leis i mbun an ghnó chéanna ar an taobh eile den domhan.
Tá reithe (sea, ní poc é go teicniúil ach ná lig don fhírinne srl.) sa Nua-Shéalainn ag cruthú ainm dó féin le tamall anuas, agus ní ar na cúiseanna cearta.
Is caora chantalach chonfach é seo a ionsaíonn beagnach gach rud a thagann ina threo – ó liathróidí ar crochadh os a chomhair go dtí fir ar ghluaisrothar – agus tá an-ráchairt ar fhíseáin ar líne a thaispeánann é i mbun aicsin.
Oiriúnach go leor, ‘Angry Ram’ atá baiste air agus tá a leathanach Facebook féin aige fiú le breis agus 17,000 leantóir.
Is féidir cuid dá gheáitse a fheiceáil anseo…