An bhfuil do dhea-rún briste agat fós?

Tá breis agus seachtain de 2015 curtha isteach againn agus fírinne na dea-rún, a rinne go leor daoine ar 1 Eanáir, anois ag amharc orthu idir an dá shúil.

Beidh daoine ann a dhéanfaidh a seacht ndícheall cloí leis an chóras nua traenála s’acu, nó a staonfaidh den ól le linn mhí Eanáir, agus ní chuirfidh aon rud den bhóthar ceart iad.

Tá daoine eile ann a raibh dea-rún acu ar an chéad lá den bhliain úr ach anois is léir gur drochsmaoineamh é. Mothaíonn muid a bpian.

Agus tá siad ann ar ndóigh a shíleann gur amaidí é aon dea-rún a dhéanamh nó a fhógairt agus a rachaidh ar aghaidh lena saol mar a dhéanann gach mí eile den bhliain.

Sa phobalbhreith dheifnídeach* seo de chuid NÓS, fiafraíonn muid cén campa ina bhfuil formhór na nGael, mar sin an bhfuil dea-rún na bliana úire briste agat fós?

*Bhuel, ní go hiomlán deifnídeach is dócha.

SCÉALTA EILE