Táimid ar fad ar bís, deireadh seachtaine fada ag síneadh amach romhainn, formhór na tíre ag tnúth le péint aghaidhe glas a cur orthu féin agus imeacht amach. Beidh scuainí lasmuigh desna tithe tábhairne timpeall na tíre ó bhuile an mheánlae, t-léinte a deir ‘Póg Mo Thóin’ á gcaitheamh ag muintir New York agus gan dabht, tá abhainn Chicago glas cheana féin. É seo ar fad in omós dár nAspal Naofa, Pádraig. Beidh pórtar á ol ag ráta ná óladh riamh é agus gheobhaimid amach go bhfuilimid ar fad, i slí amháin nó i slí eile, nasctha le chéile mar is Éireannach na haoinne!
Cad atá chomh speisialta fé Phádraig Naofa? Tá trí naomhphátrún againn anseo in Éirinn, Pádraig, Bríd agus Colmcille. Tá cur amach againn ar fad ar Lá Fhéile Bríde, cinnte, an lá ar a dheintear crosóga Bríde agus a bhíonn teacht an earraigh á chéiliúradh. Den gcéad uair riamh fuaireamar lá saor ón obair chun an lá san a chéiliúradh i mbliana, agus eagraíodh imeachtaí timpeall na tíre in omós do Bhríd – bíodh í mar naomh againn nó mar bhandia págánach réamh-Chríostaíochta. Ní raibh na himeachtaí in omós do Bhríd chomh mór leis na cinn a bhíonn ar siúl do Lá Fhéile Pádraig, gan dabht, ach ar a laghad tá fhios againn cé hí Bríd. Is as Corcaigh dom agus caithfidh mé a admháil nár chuala riamh aon trácht ar Lá Fhéile Colmcille.
Ní dheineann sé difear cá háit ar domhan atá tú, beidh Lá Fhéile Pádraig á chéiliúradh. Beidh éadach glas á chaitheamh, paráidí ar siúl, ceol traidisiúnta á seinnt, rince Gaelach de shaghas éigint á thaispeáint. Baileoidh muintir na hÉireann thar lear – agus táimid i ngach aon áit – agus beidh cuimhní cinn ón mbaile á roinnt. I mbliana go háirithe, leis an easpa tithíochta, costas seafóideach maireachtála agus fadhbanna eile na tíre seo, is féidir a bheith cinnte go mbeidh ceiliúradh mór groí sna cathracha móra san Astráil, sna Stáit Aontaithe, agus i gCeanada, chomh maith le háiteanna ar nós Dubai agus Abu Dhabi.
Cad a dhein Pádraig Naofa chun an céiliúradh seo ar fad a thuilleamh, nó cad é bunús an ragairne ar fad? Cad atá ar eolas ag muintir na hÉireann fén naomh mór glas seo? Seans gur cuimhin linn ar fad ón mbunscoil go dtugtar an chreidiúint dó as an gCríostaíocht a thabhairt chomh fada le hÉirinn. B’fhéidir gubh fhearr gur cuimhin linn gurbh eisean a thiomáin na nathracha nimhe ó Éirinn tráth, más fíor. Is dócha go bunúsach gur leithscéal é an 17 Márta chun muintir agus cultúr na hÉireann a chéiliúradh bíodh siad age baile nó i gcéin.
Nach deas é go bhfuil lá dár gcuid féin againn, a deintear ceiliúradh air timpeall an domhain. San ráite, n’fheadar an é Lá Fhéile Pádraig an lá is fearr chun aird an domhain mhór a tharraingt orainn féin. Chomh maith leis na taispeántais oifigiúla, beidh tithe tábhairne timpeall an domhain lán go barra ó mhaidin, le muintir na hÉireann agus eile ag ól a mbeatha agus Éire á comóradh acu. Fén dtráthnóna, beidh na sráideanna lán le daoine atá ólta go maith, ag dul ar thóir málaí sceallóga nó ag iarradh teacht ar thigh tábhairne a scaoilfidh isteach iad, ar nós cóisir Stag, ach níos measa.
Beidh na Gardaí cúramach Lá Fhéile Pádraig, chomh maith leis na fir dhorais, lucht freastal tithe tábhairne, lucht tacsaithe, agus oibrithe oispidéil. Féna sé a chlog maidin Dé Sathairn, beidh na sráideanna bánaithe. Is féidir a bheith cinnte go mbeidh bruscar caite i ngach aon áit, múisc agus cannaí agus gloiní briste. Beidh earraí plaisteacha glasa aon-uaire á gcaitheamh sa bhosca bruscair agus ní bheidh duine ná deoraí le feiscint go dtín tráthnóna, seachas corrdhuine fós ag déanamh a shlí abhaile, daoine a sheachnaíonn an lá, chomh maith leis na daoine a bhíonn ag glanadh na sráideanna agus oibrithe deli.
Ní haon ionadh é go mbíonn an méid san jócanna fé mhuintir na hÉireann agus an t-ól!