An bhfuil nasc idir an chruthaitheacht agus fadhbanna meabhairshláinte?

Bhí orainn taighde a dhéanamh i mbliana mar chuid den chúrsa ollscoile ar rud éigin a bhfuil suim againn ann agus a bhfuil muid ag iarraidh níos mó eolais a fháil faoi. Bhí mé ar bís leis an tasc seo ar dtús mar mhothaigh mé go raibh saoirse foghlamtha againn agus go mbeadh deis agam foghlaim faoi rud nach mbaineann leis an Ghaeilge. Cé go bhfuil grá agam dí, éiríonn tú tuirseach de a bheith ag foghlaim faoin ghramadach agus sin ar fad. 

Thóg sé tamall maith orm smaoineamh ar ábhar mar bhí mé ag iarraidh rud a dhéanamh a bhain le cúrsaí na mban nó le Doire nó cniotáil nó míle rud eile a bhí ag dul fríd mo cheann. Ar deireadh, ba é an teideal a bhí agam — ‘An bhfuil nasc idir an chruthaitheacht agus fadhbanna meabhairshláinte?’

Shíl mé go raibh sé aisteach gurb iad na daoine is cruthaithí nó is éirimiúla a bhíonn thios leis an dúlagar agus an imní. Ní raibh mé cinnte arbh é go raibh tuiscint níos fearr acu ar a mothúcháin nó go raibh siad níos airdeallaí orthu, nó gur mó seans go gcluinfeadh muid faoi ealaíontóirí agus ceoltóirí a bhfuil fadhbanna meabhairshláinte acu ná baincéirí agus rúnaithe. Nó an é go bhfuil nasc idir a bheith cruthaitheach agus fadhbanna meabhairshláinte a bheith ag an duine. 

Tá nasc ann, mar a tharlaíonn sé, agus thug seo cineál faoisimh dom. Deir na saineolaithe gur ionann an chuid de d’inchinn atá freagrach as an imní agus an chuid di atá freagrach as   an gcruthaitheacht. 

Agus nuair a smaoiníonn tú faoi i gceart, is rud fíor-chruthaitheach é an t-imní ag deireadh an lae. Bíonn tú ag smaoineamh faoi na drochrudaí ar fad is féidir tarlú duit nó do dhaoine a bhfuil grá agat dóibh. Bíonn tú ag smaoineamh faoi na fáthanna ar fad a bhfuil fuath ag daoine ort nó na drochrudaí a deir siad fút agus níl anseo ach scéalta a chumann tú féin. 

Tá a fhios agam féin go gcaithim níos mó ama ag smaoineamh faoi na drochrudaí a smaoineofar fúmsa agus faoin cholún seo ná mar a chaithim á scríobh, ansin éirím imníoch go mbeidh mé mall (bím mall i gcónaí, mo mhíle brón orm faoi sin a eagarthóir) agus ar deireadh ní bhím sásta leis an ghiota deireanach mar gheall go bhfuil an fuinneamh inchinne ar fad curtha amú agam. 

Cuidigh sé liom an méid seo a fhoghlaim mar anois nuair atá mé iontach imníoch déanaim iarracht scéal beag amaideach a scríobh nó giota cniotála a dhéanamh agus tuigim cad chuige a mbainim an oiread sin sult as na jigsaws nuair atá mo shaol ar fad ag titim as a chéile thart orm. 

Nuair atá an ollscoil curtha i gcrích agam, tiocfaidh sibh orm i mbothán beag lán de hataí agus scaifeanna cniotáilte le scéalta agus dánta ar na ballaí agam agus urlár lán de jiglaws agus ní bheith a dhath ag déanamh buartha dom. Nó is mar sin a bheas sé nuair a dhruidim mo shúile san oíche cibé ar bith. 

SCÉALTA EILE