An binn béal ina thost i ndáiríre? B’fhéidir é!

Focal suimiúil domh é ‘comhrá’ (cé nach mbíonn achan chomhrá suimiúil domh) agus is minic mé ag machnamh ar an rud is comhrá ann. Is féidir an focal a bhriseadh rud beag agus ‘comh’ agus ‘rá’ a fháil. Sa tuiscint sin, is é rud a rá ach duine eile a bheith mar leathbhádóir agat. Caithfidh duine eile rud a rá ar ais go mbeidh an ‘c(h)omh’ agat. Bíonn ‘rá’ agat, freagraíonn duine eile lena ‘rá’ féin go dtí go bhfuil go leor ráite agus imíonn sibh libh.

An féidir mar sin comhrá a dhéanamh muna dtugann tú seans don duine eile freagra a thabhairt? Nó an é go mbíonn duine ag óráidíocht (ach lucht beag féachana aige) sa chás sin? Bíonn scrúdú cainte le déanamh ag scoláirí go minic, an é nach n-abrann an scrúdaitheoir go leor chun comhrá a dhéanamh den agallamh? Ach an cheist is suimiúla ná cé chomh leathan agus atá an ‘c(h)omh’? An dtig liom tús a chur le comhrá le duine amháin, imeacht liom, labhairt le duine eile, agus go leor de mo sciar féin den ‘c(h)omh’ a bheith liom chun an comhrá amháin a dhéanamh den dá dhreas cainte? Nó an é go bpléim an t-ábhar céanna le beirt éagsúla ach dhá chomrá dhifriúla a bheith ann?

Mhothaigh mé ar na mallaibh gur chuala mé an comhrá céanna faoi dhó, mé mar chuid de an chéad iarraidh agus mé ag ól latte taobh leis an dara hiarraidh. D’ardaigh an dá chomhrá seo cúpla ceist ionam: an dtuigeann muid féin an rud a deir muid?; an éisteann muid linn féin?; agus an dtig leis an chainteoir é féin a bheith amuigh ón ‘c(h)omh’?

An chéad chomhrá, bhí mé ag caint le duine den scaifte sin a deir “I’m not racist, but…” go minic. Bhí cúpla rud i ndiaidh titim amach i Sasana agus ansin in Éirinn, moladh go fairsing (go háirithe leis an cheann anall) gur imircigh a rinne na hionsaithe ach fógraíodh gur dhaoine geala a rinne sa dá chás. Ach é a aistriú go Gaeilge, thit an chéad chomhrá amach mar seo.

Duine eile: “Tá an tír ar fad scriosta ag na himircigh seo.”

Mé féin: “Cad a rinne imirceach? Níor chuala mé rud ar bith.”

“Bhí an rud sin ann i Learpholl.”

“Ach duine geal de bhunadh na tíre sin a rinne sin. Bhí sin fógraithe ag na póilíní.”

“Go díreach é. Fógraithe ag na póilíní! Ní fhógraíonn siad é nuair a dhéanann imirceach rud.”

“D’fhógair siad sin nó chuir daoine suas ar Facebook gur imirceach a rinne. Ní gá é a fhógairt más imirceach é nó abrann gach duine gur imirceach é cibé.”

“Bhuel, b’fhéidir é. Ní ciníoch mé ach ní bhíonn cuid mhór de na himircigh seo maith.”

“An dtig leat rud ar bith as bealach a rinne imirceach le déanaí a lua?”

Maithigí domh an sliocht fada sin ach chun críoch a chur leis, luaigh sé rud an-bheag (go comhthéacsúil) a rinne duine tamall measartha fada ó shin sa cheantar áitiúil.

Dúirt mo dhuine nach ciníoch é ach, mar sin féin, is léir gur ghlac sé leis gur duine nach geal a rinne an t-ionsaí agus go bhfuair sé gonc le fáil amach.

Chuala mé an comhrá (nó creatlach) céanna lá ina dhiaidh agus mé istigh i gcaifé. Bhí mé i mo shuí agus latte, bonnóg, im, agus sú os mo chomhair. Mé a bhí sásta ach ní mar sin a bhí an bhean ag an tábla taobh liom. Grúpa de cheathrar a bhí ann ach ní raibh an bhean ba chóngaraí domhsa le sásamh ar chor ar bith. Mhúscail sí ar maidin le pian ina glúin, bhí an t-athrú a tháinig ar an aimsir uafásach, bhí an freastalaí mall, ní raibh an caife go hiontach. Mar bharr ar an donas, bhí rud beag ocrais uirthi ach ní go leor chun rud mór a ithe. Bheadh sin ceart go leor ach ní raibh mórán de dhúil aici pastry a bheith aici. 

Bíonn drochlá againn ar fad ó am go ham ach ba léir go raibh an bhean seo ag iarraidh drochghiúmar a bheith uirthi an lá sin. Ach bhí casadh ar an scéal nuair a landáil an freastalaí chun a dtábla a ghlanadh. “Caidé mar atá tú?” a d’iarr sé den bhean seo. “Not too bad, sure there’s no point complaining,” a d’fhreagair sí.

An dá chomhrá a luaigh mé thuas, shílfeá nár chuala siad na rudaí a bhí á rá acu. I ndiaidh achan rud a bhí ráite, “ní ciníoch mé” agus “ní fiú a bheith ag gearán.” Nó an é nár thuig siad gur rudaí ciníocha agus casaoid a bhí ann? An raibh siad chomh gafa lena mothúcháin go raibh siad scartha óna mbéal?

Dála an scéil, an freagra a thug an freastalaí ná “I like to get it off my chest. Everyone knows what I think.

SCÉALTA EILE