Nuair a shiúlann bean thar mo bhráid, déanaim anailís uirthi ar an bpointe boise.
Déanaim amhlaidh le fir ach tá an tslat tomhais atá in úsáid agam do mhná deich n-uaire níos crua agus níos cuimsithí.
Cuirim déistin orm féin.
“An bhfuil sí tanaí? Cad atá á chaitheamh aici? An bhfuil a cuid éadaí oiriúnach don ócáid?An bhfuil a cuid ionga foirfe?”
Tá mise claonta i gcoinne na mban.
Tá gach duine againn claonta, creidim.
Cuid againn go comhfhiosach, cuid eile againn go fo-chomhfhiosach.
Maím gur feimineach mé.
Labhraím go láidir ar son chearta ban oiread agus is féidir liom, déanaim mo sheacht ndícheall tacú le mná.
Ní féidir liomsa, feimineach, an dearcadh réamhchlaonta agus na nósanna fochoinsiasacha atá ionam a ruaigeadh, áfach.
Rugadh mise, tusa agus go leor eile i ndomhan cúng, claonta.
Cuireadh ionam na síolta seo sa tógáil a bhí agam agus gach a bhfuil suaite isteach agam ó shin.
Scaipeadh fréamhacha fada, garbha lán dealga óna síolta sin.
Cé go ndéanaim iarracht iad a chur faoi chois, ní éiríonn liom i gcónaí agus cloisim uaim féin an chaint shuarach sheafóideach seo..
“An bhfuil sise níos tanaí ná mise?”
Déantar luacháil ar cuma fhisiciúil daoine, idir fhir agus mhná.
Ach cuirtear mná in iomaíocht lena chéile, rud nach ndéantar le fir.
Féach leathanaigh irisí agus nuachtáin, agus na míle foilseachán ar líne a reáchtálann comórtais ar Worst Dressed/ Best Dressed/ Best Bikini Body/ Who wore it best gach aon lá.
Tá cáil ar Kim Kardashian – agus anois ar Emily Ratajkowski – ar go leor cúiseanna ach baineann a bhformhór de na cúiseanna sin lena corp.
Tháinig cáil ar Kim i dtús ama mar gheall ar fhíseán príobháideach a rinne sí leis an bhfear a bhí aici ag an am.
Ó shin i leith, tá sí os ár gcomhair, leath-nocht nó lom-nocht gach cúpla seachtain agus gach uair go ndéanann sí é, tógtar clampair.
Cheap mé nuair a bhainfí slabhraí na hEaglaise Caitlicí uainn go mbeimis níos liobrálaí ach feictear dom nach amhlaidh atá.
Tuigim do thuismitheoirí gur cúis buairimh dóibh é go ndéanfaidh a bpáistí leochaileacha aithris ar iompar Kim.
Ach feictear dom gur daoine fásta, stuama iad na daoine a cháineann í, cad chuige an mbeidís siúd buartha faoi choirp dhuine eile?
Níl iachall á cur aici ar éinne eile a bheith lom-nocht léi.
Níl a cuid páistí lomnocht sna grianghraif léi ach oiread ach cuirtear ina leith gur droch-mháthair í agus go bhfuil damáiste fíochmhar á dhéanamh aici do mhná an domhain mhóir.
Fite fuaite sa tráchtaireacht ar fad seo, tá iarrachtaí go leor á dhéanamh chun í a náiriú.
Má náirítear duine, baintear dóibh a gcumhacht, creimtear féinmheas agus a féinmhuinín.
Dár ndóigh, is samplaí maithe iad muintir na hÉireann ar an damáiste fadtéarmach a dhéantar má tá áit lárnach ag an náire i meon an phobail.
Ligimis do Kim a rogha rud a dhéanamh lena corp féin.
Ligimis do gach duine a rogha rud a dhéanamh lena gcoirp féin.
Níl sa chorp ach rud sealadach, álainn atá de shíor ag athrú.
Nár cheart go mbeimis á cheiliúradh seachas á cháineadh?