Ina chuimhní cinn a foilsíodh le déanaí, From Fire, By Water, tugann Sohrab Ahmari cuntas ar an gconair intleachtúil agus spioradálta a chríochnaigh lena iompú ar an gCaitliceachas trí bliana ó shin ag aois 31. Tráchtaire polaitiúil mór le rá é Ahmari, agus é ina eagarthóir ar cheann de na nuachtáin is mó díol sna Stáit Aontaithe, The New York Post.
D’fhás Ahmari suas i dteaghlach Moslamach faoi scáil Réabhlóid na hIaráine, rud a chuir na mullánna i gcumhacht agus a thug diansmacht Ioslamach isteach sa tír. Cé go mbíodh ar mhuintir na hIaráine cuma na cráifeachta a chur orthu féin sa saol poiblí chun ‘Póilíní na Moráltachta’ a shásamh, ní raibh tuismitheoirí Ahmari an-chráifeach iad féin. Bhíodh a dteach lán le leabhair, le scannáin Mheiriceánacha agus le hearraí ‘coiscthe’ eile ó Iarthar an Domhain.
Ba bheag an meas a bhí ag Ahmari ar an Ioslamachas a bhí i réim san Iaráin. Tharraingíodh sé trioblóid air féin ar scoil leis an nós a bhí aige teagasc an chreidimh a cheistiú. Lá amháin agus é ina aonar, rinne sé eascainí diamhaslacha in ard a chinn le fáil amach an ndéanfadh Dia aon rud air – nuair nach ndearna, dhearbhaigh sé dó féin nach raibh aon Dia ann agus shocraigh sé ina intinn gur aindiachaí a bheadh ann feasta.
D’aistrigh Ahmari chuig Meiriceá lena mháthair agus é sna luathdhéaga — bhí lúcháir air bogadh chuig tír seo na saoirse a raibh tnúth chomh mór aige leis ó aois óg. Bheadh sé saor ón ansmacht reiligiúnach feasta. Agus cé gur stát ‘coimeádach’ a bhí in Utah, an áit inar lonnaigh sé féin is a mháthair toisc gaolta a bheith acu ann, bhí sé míle uair níos liobrálaí ná ollsmachtachas reiligiúnach na hIaráine.
D’éirigh go maith le Ahmari go hacadúil ar scoil ach ar bhealaí eile níor éirigh chomh maith céanna leis. B’aisteach dó go mbeadh cead ag buachaillí agus cailíní meascadh lena chéile ar bhealach oscailte agus scaoilte ar scoil agus lasmuigh di — ba mhór an t-athrú é ón deighilt de réir inscne a bhíodh ann ina thír dhúchais féin agus mná á gclúdach féin le caillí.
Go deimhin, chuir cailíní dathúla Mheiriceá imeagla ar Ahmari óg — ba dheacair don bhuachaill cúthail seo dul i dtaithí ar na spéirmhná óga agus a bhfoilt lonracha agus géaga dea-chumtha á nochtadh acu do chách! Thuig na cailíní go raibh an t-eachtrannach aisteach seo faoi gheasa agus faoi imeagla acu, agus bhídís ag spochadh as, iad ag suirí agus ag spraoi leis.
Chuir sé frustrachas ar Ahmari go raibh sé chomh hamscaí sin i measc na Meiriceánach, agus rinne sé a rún go sáródh sé an náire agus an chiontacht i dtaobh cúrsaí collaíochta a bhí tugtha leis ón seanfhód dúchais.
Rinne Ahmari staidéar ar an bhfealsúnacht ar an ollscoil, áit inar chaith sé go leor ama ag ragairne agus ag dul sa tóir ar mhná freisin. Is iomaí idé-eolaíocht a ghlac sé chuige féin mar shaoldearcadh: bhí sé go mór faoi anáil Nietzsche ar dtús; d’iompaigh sé ansin ina Mharxach agus shocraigh sé síos ina shóisialach radacach ar feadh tréimhse fada. Fear mór cúise a bhí ann riamh — chaithfeadh sé i gcónaí bheith ag troid ar son fís útóipeach éigin.
Chuaigh sé leis an múinteoireacht tar éis dó a chéim a chríochnú, é ag ceapadh go bhféadfaí deireadh a chur leis an éagothroime shóisialta trí oideachas den scoth a thabhairt do dhaltaí bochta.
Ina dhiaidh sin, chaith sé tamall i mbun dlí sular thosaigh sé ag blagáil faoi chúrsaí polaitíochta an Mheánoirthir. Bhí an-rath ar a bhlag, rud a réitigh an bealach dó post a fháil leis an nuachtán gnó mór le rá, The Wall Street Journal, áit ar fhan sé go ceann roinnt mhaith blianta.
D’fhéadfaí a cheapadh gur aisteach an rud é gur chas Ahmari i dtreo an reiligiúin sa deireadh — duine a bhí tar éis éalú ón daorsmacht reiligiúnach agus nach raibh ach drochmheas aige don chreideamh go ceann i bhfad ina dhiaidh sin mar intleachtóir agus iriseoir sofaisticiúil.
Ach de réir a chéile bhí sé á mhealladh i dtreo na hEaglaise. Cor cinniúnach amháin ina shaol spioradálta a bhí ann nuair a d’fhreastail sé ar aifreann canta traidisiúnta i Laidin, teanga ársa na hEaglaise. Chuaigh adhradh sollúnta agus cantaireacht álainn na hócáide go mór i gcion air.
Ní raibh aon ní tobann ag baint lena thiontú ar an gCaitliceachas, áfach – aistear mall inmheánach ba ea é, ar bhain mórán léitheoireachta agus dianmhachnaimh leis. An phríomhchúis gur bheartaigh sé iompú ar an gCaitliceachas sa deireadh ná gur shíl sé go raibh an fhírinne aimsithe aige ann.
An leanfaidh mórán eile inimirceach iarMhoslamach eile sampla Ahmari trí iompú ar an gCaitliceachas? Nó an scéal duine amháin é seo nach bhfuil aon mhórshuntas breise ag baint leis? Inseoidh an aimsir, ach braithfidh todhchaí na hEaglaise ar an gcumas atá inti í féin a athnuachan — an féidir léi inimircigh Mhoslamacha a thiontú ar an gcreideamh agus Caitlicigh nach gcreideann ann níos mó a mhealladh ar ais? Nó an leanfaidh fás an Ioslaim san Eoraip ar aghaidh maraon le creimeadh na hEaglaise Caitlicí? Chun léargas a fháil air seo ar fad is fiú go mór cuimhní cinn Ahmari a léamh.