An lá a thángthas i dtarrtháil ar fhomhuireán a bhí sáinnithe amach ó chósta Chorcaí

Agus an dóchas ag dul i ndísc faoin gcúigear atá sáinnithe i mbád faoi thoinn amach ó Thalamh an Éisc, is mithid dúinn súil a chaitheamh siar ar scéal níos dearfaí faoi bheirt a tarrtháladh i dtumadóir amach ó chósta Chorcaí tuairim is leathchéad bliain ó shin, agus gan ach 12 nóiméad ocsaigine acu nuair a fuarthas iad.

I mí Lúnasa na bliana 1973, bhí súile an domhain mhóir ar scéal an Pisces III, bád faoi thoinn Ceanadach a bhí in úsáid ag an bPost Ríoga le cábla teileachumarsáide a leagan ar ghrinneall an Atlantaigh amach ó chósta Chorcaí. Bhí beirt Shasanach ar bord an fhomhuireáin bhig agus iad ceaptha a bheith ag obair ar feadh ocht n-uair an chloig.

Obair chrua a bhí i leagan an chábla agus níor fhéad siad ach tuairim is ciliméadar san uair a dhéanamh agus iad ar ghrinneall na farraige – idir socrú na bpumpaí agus na scardán, leagan an chábla, agus clúdach an chábla arís. Mairnéalach a raibh saineolas aige ar bháid faoi thoinn a bhí in Roger Chapman agus innealtóir a bhí sa bhfear eile, Roger Mallinson. D’oibríodh an bheirt as lámha a chéile leis an obair dheacair a dhéanamh agus gan an spás acu san árthach a ligfeadh dóibh seasamh – ar a nglúine a bhí siad sa bhád.

Mar bharr ar an donas, bhí an t-innealltóir Mallinson tar éis an lá ar fad roimh an turas go bun na mara a chaitheamh ag obair ar an árthach í féin, a briseadh agus í thíos ann cúpla lá roimhe. Nár mhaith mar a tharla sé gur chuimhnigh sé ar an tanc ocsaigine a athrú agus an obair seo ar bun aige. Agus é ag caint ar an eachtra ina dhiaidh, mhínigh Mallinson go raibh a dhóthain ocsaigine sa tanc don turas a bhí beartaithe ach murar athraigh sé an tanc roimh an timpiste bheadh an bheirt fhear marbh i bhfad sular tarrtháladh iad.

Córas casta a bhí sa chóras anála ar an Pisces III – b’éigean do na píolótaí súil a choinneáil ar an méid CO2 a bhí  san árthach iad féin agus an t-aer a ghlanadh gach 40 nóiméad le gaothán LiOH agus roinnt ocsaigine a scaoileadh isteach sa chábán bídeach.

Bhí an tumadóir tar éis a cuid oibre a dhéanamh don lá agus bhí sí ar bharr uisce ag fanacht ar an long choimhdeachta a thabharfadh abhaile í nuair a tharla an tubaiste. Rinneadh iarracht an báidín faoi thoinn a cheangail agus a tharraingt isteach nuair a stróiceadh an haiste di agus líonadh cuid di le huisce. Go tobann, bhí 1000L sáile san árthach agus chuaigh sí go tóin poill.

Mhúch an bheirt an córas leictreachais agus na soilse agus chaith siad uathu an meáchan 180kg a bhí ceangailte leis an tumadóir lena dhéanamh níos éadroime agus iad ar an mbealach síos ag 65km/h ar feadh leathnóiméad sular bhuail siad an grinneall ag 500m.

Cúig nóiméad déag níos déanaí, d’éirigh leo teagmháil a dhéanamh leis an long mhór a bhí os a gcionn agus thug siad le fios don chriú thuas go raibh 66 uair an chloig ocsaigin fanta sna tancanna – beagán níos lú ná trí lá. Bhí an Pisces II bun os cionn ar an ngrinneall agus thuig an bheirt go bhféadfadh go leor leor ama a bheith i gceist leis an tarrtháil. Shocraigh siad, mar sin, gan tada a dhéanamh ach luí síos agus an ocsaigin a chaomhnú. Ní raibh an cábán ach dhá mhéadar trasna.

Níor labhair na fir le chéile ar fhaitíos go n-ídeodh an chaint an stór ocsaigine agus rinne siad cumarsáid le chéile trí bheireacht ar lámha a chéile sa dorchadas agus iad fliuch báite in a n-allas féin. Ní raibh ach ceapaire amháin agus canna líomanáide amháin idir an bheirt acu ach níor theastaigh uathu iad a chaitheamh, arís ar fhaitíos go n-ídeodh an ghníomhaíocht an stór ocsaigine.

Chuaigh an long choimhdeachta, Vickers Voyager, ar ais go calafort Chorcaí le fomhuireáin eile den déanamh céanna a fháil – Pisces II agus Pisces V – a chabhródh leis an tarrtháil.

Dhá lá i ndiaidh do Pisces III titim faoin bhfarraige, tháinig an long mhór ar ais leis an gcriú tarrthála agus tosaíodh ar an iarracht. Ar an drochuair, briseadh an téad speisialta a feistíodh ar Pisces II agus b’éigean an tumadóir a thógáil ar ais chuig an long mhór. Seoladh Pisces V ansin, agus d’éirigh leis an árthach beag sin an grinneall a bhaint amach ach níor éirigh léi Pisces III a aimsiú sular rith sé féin amach as lucht leictreachais. Cuireadh síos arís í agus d’aimsigh sí an bheirt fhear 60 uair an chloig i ndiaidh dóibh titim. Faraor géar, níor éirigh le Pisces V a téad a cheangal le Pisces III agus b’éigean fanacht ar chúnamh ó Pisces II a bhí fós ar bharr uisce. Thum Pisces II arís ach chuaigh sáile isteach inti ar an mbealach síos agus chaith sí teacht aníos arís.

Seoladh Pisces II arís eile agus téad nua speisialta uirthi a dhéanfadh an beart. Maidin Dé Sathairn, an 1 Meán Fómhair 1973 agus an stór ocsaigin nach mór ídithe uilig ach an téad speisialta ceangailte le Pisces III, bheartaigh Chapman agus Mallison ceiliúradh beag a dhéanamh – d’ith siad an ceapaire agus d’ól siad an líomanáid.

Chuaigh an báidín i bhfostú ar an mbealach aníos agus b’éigean an tarrtháil a stopadh ar feadh cúpla nóiméad, agus b’éigean é a stopadh arís agus iad 160m ó bharr uisce le téada níos láidre a cheangal léi. Tarraingíodh amach as an uisce í ag 13.17 ar an Satharn – bhí siad tar éis a bheith sa chábán beag bídeach ar feadh 84 uair an chloig agus 30 nóiméad nuair a tarrtháladh sa deireadh iad. D’éirigh leo 12.5 uair an chloig eile a chur leis an stór ocsaigin a bhí acu trína bplean gan labhairt le chéile ná an ghníomhaíocht nár ghá a dhéanamh agus ní raibh ach 12 nóiméad ocsaigine fanta nuair a osclaíodh an haiste ar deireadh.

SCÉALTA EILE