An mbeimid seasta ag brath ar chroíthe dearga ár gcomrádaithe ar líne?

Bhí cairt againn ar dhoras an chuisneora nuair a bhí mé óg — tuigeann sibh an cineál cairte atá i gceist agam; ár n-ainm scríofa ar thaobh amháin agus boscaí deasa néata ina n-aice. D’fhágtaí na bosaí sin bán folamh, go dtí go mbainimis éacht suntasach bainte amach, ar nós fholmhú an mhiasniteora nó baint an fhéir. 

Bhíodh greamáin áille i bhfolach orainn ar barr an chuisneora — greamáin shlachtmhara ildaite a raibh léitheidí “maith thú” nó “cailín maith” clóite orthu. Bhí teacht éasca ag mo thuismitheoirí ar earraí mar sin agus iad ina múinteoirí bunscoile (mura raibh sé sin déanta amach agaibh cheana féin). 

De réir mar a chuirimis ár gcuid gcúramaí tí i gcrích, bhronntaí greamán orainn —-cúis mhór shásaimh don té a fuair, ní chaithfidh mé a rá leat. Chomh mealltach, snasta is a bhí na greamáin úd áfach, bhí greamáin ní ba luachmhaire fós i bhfolach i ríocht dhiamhrach Bharr an Chuisneora – na réaltaí órga. 

Ní cuimhin liom go díreach cén t-éacht suntasach a bhíodh le déanamh againn le ceann de na réaltaí órga sin a thuilleamh, ach is maith is cuimhin liom an tslí ina mbeidís ag glioscarnach faoi sholas gheal na cistine. Ar chúis éigin, ba ghile i gcónaí an ghlioscarnach ar réaltaí órga mo dheirféar agus mo dhearthár — rúndiamhair dhothuigthe nach bhfuil réitithe agam go fóill. Bheadh bioranna a gcuid réaltaí greamaithe go paiteanta in aice a chéile ar an gcairt, dála shlabhra na ndaoine páipéir a dhéanaimis ar scoil. 

Tar éis dúinn éirí as nós na cairte agus mé ag fás aníos, mhothaigh mé go raibh réaltaí fós le baint amach agam, ach iad tar éis a bheith á gclaochlú; go boinn cheoil, go torthaí scrúdaithe agus go teastais. 

Ní hé gur mhothaigh mé brú ón taobh amuigh ná ó mo thuismitheoirí, a mhalairt, ach bhí meon na réaltaí go smior ionam faoin tráth seo agus ní fhaca mé go raibh aon rud as ord nó neamhghnách leis. 

I ndáiríre, b’úsáideach an lionsa é le breathnú ar an saol, ó thaobh marcanna scrúdaithe a shaothrú is cothú díchill agus dúthrachta de. Níor loic an lionsa orm feadh na mblianta agus thóg sé slán mé tríd an meánscoil agus an ollscoil leis. Seachas aois, áit agus liosta na n-ainmneacha ar aon taobh, ní raibh ré na scolaíochta ródhifriúil dom ná saol na cairte aige baile. 

Dá ndéanfá dianstaidéar ag an meánscoil, bhronnfaí marcanna arda ort agus gheofá áit ar chúrsa ollscoile. Dá ndéanfá dianstaidéar ag an ollscoil agus dá mbeifeá seiftiúil ó thaobh do chuid scileanna a fhorbairt le linn do thréimhse ann, bhainfeá post maith amach. 

Ach céard a tharlaíonn nuair a bhíonn an “post maith” úd bainte amach, nuair a chuireann tú do chuid scolaíochta i do dhiaidh agus ré na cairte leis? Cén chaoi a bhfeidhmíonn tú i saol na hoibre, an fíorshaol, áit nach dtugtar measúnú nó aiseolas duit ar gach mionrud a dhéanann tú?  Ní hé go bhfuil na réaltaí órga i bhfolach ar bharr an chuisneora an uair seo, tá siad imithe as radharc agus gan chosúlacht theacht ar ais orthu. 

Téann tú i muinín na meán sóisialta b’fhéidir. Ar nós meaisín díola i ndorchla dorcha óstáin, bíonn teacht orthu ó dhubh go dubh, má bhíonn pick-me-up uait de ló nó d’oíche. Is sólás duit an croí dearg agus a chosúlacht le réiltín óir d’óige. Ach ar nós na meaisíní céanna, ní bhfaighidh tú tada uathu, gan rud a chur isteach. 

Fiú murar mhúinteoirí bunscoile iad do thuismitheoirí agus mura raibh cairt réaltaí ar dhoras do chuisneora-sa, is beag duine nach santaíonn meas, moladh agus féinchinnteacht. An bhfuil muid le bealach a aimsiú leis sin a sholáthar dúinn féin riamh? Nó an mbeimid seasta ag brath ar aiseolas ár sinsear, ar chroíthe dearga ónar gcomrádaithe ar líne, nó ag fanacht ar lá draíochta ar a dhéanfaidh Oprah Winfrey óráid linn ag béiceadh,  “Tá réalta órga agam duit, tá réalta órga agam duitse, tá RÉALTAÍ ÓRGA AGAM DON SLUA UILIG!”

Más fusa nós a dhéanamh, is deacair é a bhriseadh. 

Ainneoin a dheacra is a bhí sé, thriail mé an nós a bhriseadh tamall ó shin, agus ceann nua a chruthú ina áit. Tá ag éirí go réasúnta maith liom. 

Ag an deireadh thiar thall, beirim ar pheann is ar pháipéar agus smaoiním siar ar a bhfuil curtha i gcrích agam an lá sin. Bainim leas as lionsa na réaltaí órga an athuair agus fiarfraím díom féin; “Céard atá déanta agam inniu ar féidir liom a bheith bródúil as?”

Breacaim síos; 

Níor bhrúigh mé an cnaipe suain nuair a bhuail an clog maidin inniu. 

Chuir mé glaoch ar mo sheantuismitheoirí agus bhí dea-chomhrá againn. 

Chuaigh mé ar shiúlóid agus rinne an t-aer úr maitheas dom. 

Chuir mé braillíní úra ar an leaba. 

Rinne mé an liosta seo. 

Uaireanta bíonn an liosta fada, laethanta eile bíonn sé gearr. Is cuma faoina fhad nó faoi shuntas na n-éachtaí. 

Mise mé féin atá ag bronnadh na réaltaí orm féin anois. 

SCÉALTA EILE