Caitheann Louise Smith súil mhachnamhach siar ar 2016, bliain inar tharla neart agus inar fhoghlaim sí go leor fúithi féin, faoi ghnó nua a thosnú, faoin aisling sin a ligean le sruth, agus faoina bheith muiníneach fiontar uaillmhianach eile a thriail amach anseo… 2017 abú!
‘Teip’.
Tá a lán dóigheanna i nGaeilge le cur síos ar ghníomh nár éirigh leat a bhaint amach.
“Theip orm,” “níor éirigh liom,” “d’fheall orm rud a dhéanamh,” “chlis orm i rud éigin,” “rinne mé feall,” “loic mé,” srl.
Ag féachaint ar an liosta, shílfeá go dtarlaíonn sé minic go leor in Éirinn mar sin.
Cé go bhfuil an stór focal fairsing go leor, measaim go mbíonn drogall ar dhaoine labhairt faoi theipeanna, go poiblí ar aon nós.
Nó faoina gcuid easnamh féin cibé.
An é go bhfuil an seanfhocal “an té atá thuas óltar deoch air ach an té atá thíos buailtear cos air” beo i mbéal an phobail go fóill?
Thosaigh mé ag smaoineamh faoi ‘teip’ le déanaí nuair nár éirigh leis an ghnó beag bia a thosaigh mé féin agus m’fhear céile.
Thriail muid é lena aisling a fhíorú mar is cócaire den scoth é m’fhearsa agus bhí sé ar intinn aige le blianta a bheith mar chuid den réabhlóid bhia sráide.
Veain bhia gourmet a bhí againn agus fuair muid aischothú an-dearfach ó na custaiméirí.
Ar an drochuair áfach, ní fiontar fiúntach a bhí ann dúinn agus teip a bhí ann ó thaobh airgeadais de.
Cé gur thaitin an bia le daoine, níor éirigh linn go leor a dhíol le brabús a dhéanamh air.
Dá leanfaimis ar aghaidh ag streachailt leis ar feadh bliana nó níos mó, seans maith go dtiocfadh feabhas ar chúrsaí.
Bhí a fhios againn beirt áfach nach é an saol ceart dúinn é agus bheartaigh muid deireadh a chur leis nuair a tháinig muid ar an tuiscint sin.
Anois, ní eispéireas ró-shultmhar é an teip.
Ní théann grianghraf ná féinphic go héasca leis ar Facebook agus ní bheadh sé furasta tweet glic snasta a scríobh faoi ach oiread.
Ní hionann sin is le rá gur eispéireas iomlán diúltach atá ann áfach.
An rud nach maraíonn thú, neartaíonn sé thú, deirtear.
Neartaíonn sé thú agus foghlaimíonn tú go leor sa phróiseas.
I gcás s’againne, d’fhoghlaim muid faoin dóigh chun maoiniú a fháil le gnó úr a thosú, faoi na céimeanna éagsúla atá le tógáil chun gnó bia a bhunú, agus faoi na dúshláin a bhaineann leis an chineál sin oibre.
Sa deireadh i bhfírinne, d’fhoghlaim muid nach n-oireann an saol sin dúinn ar chor ar bith, cé go dtaitníonn sé go mór linn beirt a bheith ag cócaireacht.
Tá an-mheas agam ar dhaoine a oibríonn i dtionscal an fháilteachais.
Sular bhain mé triail as mar is ceart, bhí mé den bharúil nach dtiocfadh leis na laethanta a bheith níos faide ná an obair a bheith níos déine ná mar atá in earnáil na meán.
Ceacht fiúntach foghlamtha anois agam!
Agus nuair atá gach rud ráite, déanta is díolta, sílim go bhfoghlaimíonn daoine go leor fúthu féin trí eispéireas diúltach nó nuair nach n-éiríonn leo rud a dhéanamh.
Mhol go leor daoine muid as a bheith cróga agus as triail a bhaint as an fhiontar cé go raibh sé deacair agus go raibh i gcónaí baol ann nach n-éireodh leis.
Bhí a fhios againn go raibh muid ag dul sa seans leis an ghnó úr ach d’aithin muid fosta go mbeadh sé tábhachtach plean cúltaca a choinneáil ar intinn agus fiontar uaillmhianach i gceist.
Mar shampla, más féidir an veain a dhíol agus obair neamhspleách eile a dhéanamh, laghdaítear an méid baoil atá ann san fhadtréimhse.
Tá sé ráite sna TED-chainteanna agus sa litríocht fhéinchabhrach nach bhfuil a leithéid de rud ann agus ‘teip’.
Ní aontaím leo.
I ndiaidh thaithí na bliana seo tá mé cinnte go bhfuil a leithéid ann.
Sin ráite, aontaím leis na saoithe agus na saineolaithe saoil a deir gur céim fhiúntach í gach uile iarracht a dhéanaimid i dturas fada foghlama an tsaoil seo, má theipeann orainn nó má éiríonn linn.
Creidim fosta gurbh fhiú paisean a bheith againn inár gcuid aislingí agus triail a bhaint as na fiontair uaillmhianacha in ainneoin na heagla.
Ní bheidh rath orainn i ngach uile rud a thriailfimid ar ndóigh ach tá gach seans ann go n-éireoimid níos fearr sa chéad iarracht eile.
An ceacht is fiúntaí atá foghlamtha agam ná gur daoine níos láidre mé féin agus m’fhear céile de thairbhe na hiarrachta atá déanta againn i mbliana.
Tháinig muid slán as agus tá mé sásta nach mbíonn faitíos orainn faoi dhúshláin.
Sin uilig ráite, b’fhearr liom bliain níos séimhe dúinn féin in 2017!
Guím gach rath oraibh uilig sa bhliain úr mar sin agus má tá aon togra ar bhur n-intinn atá fós le triail agaibh, tugaigí faoi.