An muicín taisce a bhfuil poll ar a bhun

Cheannaigh mé mo chéad charr i mí na Bealtaine seo caite. Citroën DS3 beag atá inti agus tá dath galánta dúghorm uirthi. Is breá liom an tsaoirse a bhaineann le mo charr féin a bheith agam agus bhain mé an-sult as mo chéad bhabhta tiomána ar an N17 le mo rogha ceoil ag réabadh as an raidió, ach ní hé sin le rá nach mbíonn fadhb ar bith agam agus mé ar chúl an rotha.

Thosaigh mé ag tiomáint nuair a bhí mé 17 mbliain d’aois ach, déanta na fírinne, níor chaith mé mórán ama sa charr nuair a bhí mé i mo dhéagóir. Fiú nuair a d’éirigh liom sa scrúdú, bhí mé níos sásta nach mbeadh orm ceacht tiomána eile a dhéanamh choíche. 

Rugadh agus tógadh mé faoi urchar méaróige de lár na cathrach agus bhí sé níos fusa dom siúl isteach sa chathair nó léim ar an bhus le haghaidh cúig bhomaite ná a bheith ag tiomáint thart ag lorg spás páirceála tráthnóna Sathairn. Ní raibh an t-airgead agam mo charr féin a cheannach ach an oiread agus mar sin de bhí mé ag roinnt cairr le mo dhaidí, rud a bhí deacair a oibriú amach in amanna agus a thosaigh cúpla achrann beag eadrainn thar na blianta!

Ba é an scéal céanna é nuair a thosaigh mé ag freastal ar an ollscoil i nGaillimh. Is cinnte nach raibh an t-airgead agam carr a cheannach agus mé i mo mhac léinn, agus bhí mé breá sásta ag baint sult as an saol i lár na cathrach gan a bheith buartha faoin trácht ná an pháirceáil ar champas a bhí i bhfad ródhaor ar scor ar bith.

Fuair mé áit ar chúrsa iarchéime anuraidh agus shocraigh mé nach raibh mé ag iarraidh a bheith ag brath ar an chóras iompar poiblí níos mó. Bhí mo sháith agam den turas fada a thóg seacht n-uair (!!) ar an bhus idir Doire agus Gaillimh. Cinneadh mór a bhí déanta agam i ndáiríre agus d’fholmhaigh mé achan uile phingin ó mo chuntas coigiltis le dul i dtreo mo chairrín.

Níl rud ar bith níos fearr ná an tsaoirse a bhaineann leis agus is breá liom go bhfuil mé ábalta dul áit ar bith ag am ar bith. Ní bhíonn brú orm a bheith ag cloí le hamchláir ná a bheith ag déileáil le málaí móra troma a thabhairt liom ar an bhus níos mó. Bíonn sé iontach áisiúil a bheith in ann tiomáint go dtí mo chuid ranganna ar an Cheathrú Rua gach lá fosta agus a bheith ábalta éisteacht le cibé rud is mian liom ar an raidió.

Tá rud amháin a chuireann mo gruaig ina seasamh ar chúl mo chinn, áfach, agus is é sin solas beag oráiste a fheiceáil ar an deais. Is measa arís má tá cling le cluinstin leis. Is iomaí uair atá ceann de na soilse beaga gránna sin feicthe agam agus bím réidh le caitheamh aníos achan uair.

Níl a fhios agam an í an éiginnteacht a dhéanann tinn mé ná an eagla atá orm roimh an gharáiste. Ní bhíonn a fhios agam cad é a bheidh romham agus ní bhíonn a fhios agam an mbeidh orm a dhearbhú go bhfuil mé bancbhriste i ndiaidh scairt a chur ar an mheicneoir.

Is é an garáiste an fhóibe is mó atá orm agus ní magadh ar bith é sin. Cuireann sé ar crith mé. Siúlaim isteach chuig an gharáiste ar nós páiste ag dul isteach ar a chéad lá ar scoil, nó ainmhí beag ag amharc ar phéire ceannsoilse ag teacht ina threo, ag dul a dhéanamh brúitín de.

Bím i mo sheasamh ann lán imní agus ag éirí chomh hoibrithe sin nach mbím ábalta an meicneoir a thuiscint. Shíl mé go raibh mé cleachta le Gaeilge Chonamara go dtí go raibh mé i mo sheasamh os comhair fear bocht i gCasla ag caint ar phillíní coscáin.  Bhuel, níl a fhios agam cé againn a d’éirigh níos corraithe an lá sin ach bhí orm sos beag a ghlacadh ina dhiaidh agus tá mé cinnte nach raibh seisean ag iarraidh casadh ar dhuine ar bith as an tuaisceart go deo arís.

Boinn phollta, soilse imithe, ceallra caite, scagairí nua, coscán láimhe briste (níl mé ag iarraidh labhairt faoin cheann sin). Níl ort é a rá ach tá bóithre Chonamara i ndiaidh a chur go bun na foighne mé. Buíochas le Dia na glóire gur tháinig mo Citroën beag slán as gach rud ach is ar éigean a tháinig mise. 

SCÉALTA EILE