‘An peaca marfach é an Sean-Tiomna a chur i gcomparáid le séasúr spóirt?’

Chríochnaigh mé an Sean-Tiomna an tseachtain seo. Caithfidh mé a rá go bhfuil mé thar a bheith sásta go dtáinig mé chomh fada seo. Ní hé nach bhfuil meas ar bith agam ar an stuif a scríobhadh sa Sean-Tiomna, tuigim go maith gur tharla go leor sular tháinig Íosa anuas as na flaithis agus go bhfuil baint ag cuid mhaith den mhéid atá sa Sean-Tiomna leis an gcreidimh Críostaí freisin. 

Gan trácht ar an tábhacht atá le tuiscint a bheith againn ar an gcúlra stairiúil agus spioradálta atá le teacht ár dTiarna agus fios a bheith againn ar an meon agus an tuiscint a bhí ag daoine ar an saol nuair a bhí Íosa ag labhairt leo.

Ach fós féin ní féidir a shéanadh, mar Chríostaí, gur mó an tionchar atá ag an méid a tharla i rith tréimhse Chríost ar domhan ar mo mheon féin i dtreo na spioradáltachta.

Cé go raibh fáithe ag labhairt de réir an mhéid a bhí Dia a rá leo roimhe sin, is cuntas é an Tiomna Nua, nó na soiscéalta ar a laghad, ar an am a chaith Dia féin ag maireachtáil inár measc. Tá sé ar nós cluiche ceannais a chur i gcomparáid le oíche thraenála; tá an dá rud tábhachtach agus ní bheadh muid ag an gcluiche ceannais murach an traenáil ach fós féin tá ceann acu níos tábhachtaí ná an ceann eile agus tá níos mó de thionchar ag an gcluiche ceannais ar na mothúcháin agus ar an gcaoi a fheictear an séasúr iomlán ag deireadh na bliana. 

(Níl a fhios agam an bhfuil peaca marfach déanta agam óna bheith ag cur mo mheoin spioradálta i gcomparáid le séasúr spóirt ach beidh mé ag coinneáil súil amach do Phapal Bull do mo dhamnú má tá.)

Ar aon chuma, rud amháin faoin Sean-Tiomna ná go bhfuil cuideanna móra de deacair a léamh. Tá go leor den “rug an té seo an té siúd” ann agus cé go bhfuil sé sin iontach don té atá ag iarraidh oidhreacht na nGiúdach a oibriú amach bhí sé cineál leadránach nuair a bhí leathanaigh iomlána de liostaí móra fada nach raibh ann ach “ainm mac ainm mac ainm…”.

Chomh maith leis sin, is é an fáth ar chuir Dia amach fáithe chun na Giúdaigh ná go raibh siad ag tréigean a gcreidimh dúchais agus ag briseadh dlíthe Dé. Mar sin, bhí go leor den stuif chéanna mar chuid mhaith de leabhra na bhfáithe: bhí Iosrael ag adhradh déithe eile. Tháinig fearg ar Dhia. Sheol sé fáidh. Tharla drochrud d’Iosrael mar chúiteamh ar a bpeacaí. Tháinig siad ar ais agus aiféala orthu gur fhág siad. Rinse and repeat mar a deir an Béarla agus tá cuid mhaith de leabhra na bhfáithe agat. 

Tá rudaí suimiúla agus tábhachtacha measctha isteach sna scéalta sin ach bhí mé i mo shuí i mo leaba go minic agus mo Bhíobla i mo ghabháil agam ag rá liom féin “tá an scéal seo léite cheana agam”. 

Sin é an fáth arbh iad Leabhar na hEagna, Leabhar na Seanfhocal agus Leabhar Síorach na leabhra ba dheise liom. Bhí ceachtanna le fáil astu. Bhí píosaí beaga críonnachta le fáil astu. Is breá liom Guí Sholaimh ach go háirid i dtreo na heagna agus amannta déarfaidh mé féin mar phaidir é nuair a theastaíonn cúnamh uaim le cinneadh deacair. (Eagna 9 má tá suim agat ann)

Maidir leis na fáithe, tá mé a cheapadh gurbh é Dainéil ba dheise liom astu sin. Thaitin sé liom mar gur faoi mhuinín as Dia a bhí sé seachas faoi pheacaí na nGiúdach. (Agus is é an leagan Béarla a thugtar ar m’ainm é… seachas Donald ach ní maith liom an t-ainm sin níos mó má thuigeann tú leat mé)

Anois ná ceap gur ceann mé a chreideann nach bhfuil an domhan ach cúpla mile bliain d’aois. Caithfear a chuimhneamh gur béaloideas a bhí i gcuid mhaith de na scéalta seo ach go háirid sular ionsaigh na Bablónaigh Iosrael. Nuair a bhí siad faoi chois na Bablóine scríobh siad síos a gcuid scéalta, rud a bhí réasúnta neamhchoitianta don am, le faitíos go gcaillfí iad an fhad agus a bhí siad chomh scaipthe sin. Mar sin, mar a bhíonn le píosa ar bith béaloidis, ní féidir glacadh leis go bhfuil chuile fhocal 100% fíor. 

Is é an léargas atá agamsa air ná gur scríobhadh na leabhra seo bunaithe ar an stair ach le béim níos mó curtha ar fhírinne spioradálta ná mar a bhí curtha ar fhíricí beachta.

Ach tá mé ag súil go mór leis an Tiomna Nua a léamh. Tá an cineál dinglis seo le n-aireachtáil i mo chroí agus i mbéal mo chléibhe agus mé ag smaoineamh air. ‘Sceitimíní’ a deir siad taobh amuigh de Chonamara cheapfainn.

SCÉALTA EILE