Is é an nós is úire é.
Na rothlóirí beaga daite sin ar a dtugtar ‘fidget spinners’ agus atá á luascadh thart méara daoine óga fud fad na cruinne le cúpla mí anuas.
Ceapadh an rothlóir siar na 1990í ach níor tháinig sé chun cinn mar bhréagán mór-ráchairte go dtí tús na bliana seo, agus anois bíonn siad ar díol i bhformhór shiopaí na tíre.
Tá an focal ‘giongach’ nó ‘míshocair’ luaite leis na rothlóirí seo sa mhéid is go mbíonn daoine ‘ag útamáil’ leo, ach in ionad bheith gan mhaith gan úsáid, is dócha go bhfuil feidhm leis an útamáil chéanna.
Tá foireann taighdeoirí i SAM – féach ar fidgetwidgets.tumblr.com – ag iarraidh fáil amach cad iad na rudaí lena mbíonn daoine ag méirínteacht go rialta, agus ar an liosta atá cruinnithe le chéile acu go dtí seo tá rudaí coitianta ar nós pinn, clocha agus fáiscíní páipéirí.
Deir na daoine a chuaigh i dteagmháil leo go gcabhraíonn an mhéirínteacht leo a n-aird a dhíriú ar an tasc atá idir lámha acu nó bheith airdeallach i gcruinniú mór fada.
Dar le duine de na taighdeoirí, an Dr. Katherine Isbister ó Ollscoil California, nach bhfuil staidéar deifnídeach déanta ar an ábhar go fóill ach tá fianaise ann ó staidéar amháin gur chuidigh liathróidí struis le daltaí scoile bheith níos dírithe agus níos dearfaí i leith a gcuid oibre agus i leith a gcomhghleacaithe.
Is cinnte go mbíonn na bréagáin útamála seo níos éifeachtaí nuair a bhaineann siad leis an tadhall amháin – is é sin gur féidir méirínteacht leo nach amharc orthu – ach is dócha go bhfuil buntáistí áirithe, sa chomhthéacs cuí, le rothlóirí fosta.
Ní hiad is fearr le húsáid sa seomra ranga mar go mbíonn comhordú lámh agus súl de dhíth ach is féidir leo strus a laghdú agus daoine a choinneáil réchúiseach calm.
“Tá feidhm luachmhar le rudaí ar féidir linn útamáil agus méirínteacht leo,” arsa Isbister.
“Tá taighde eolaíochta fós le déanamh ach ní nós fánach iad.
“Is feiniméan leanúnach é a mbíonn beagnach gach duine ag dul dó ag pointe amháin nó eile.
“Díreach breathnaigh ar d’iompar féin agus tú ag do dheasc nó i gcruinniú agus feicfidh tú cad atá i gceist agam.”
Deir Isbister go leanfaidh sí féin agus a foireann lena dtaighde ar iompar méirínteachta, iad ar a ndícheall tuilleadh bréagán cliste a dhearadh a chuideoidh linn aird a choinneáil agus fanacht socair.
Go dtí sin, leanaigí libh ag luascadh na rothlóirí… ach ní ar scoil!