Tá an scríbhneoir, aistritheoir agus fear léinn Feargal Ó Béarra tar éis bháis. Bhain Feargal cáil amach i measc léitheoirí na Gaeilge le blianta beaga anuas mar gheall ar na leaganacha athchóirithe de scéalta na Sean-Ghaeilge a réitigh sé leis an gcomhlacht foilsitheoireachta Leabhar Breac.
Chuir sé amach leagan nua de Thromdhámh Ghuaire faoin teideal An Tromdámh, leabhar a bhain Gradam Uí Shúilleabháin amach ag Oireachtas na Gaeilge in 2019. Bhí an leabhar sin ar ghearrliosta Ghradam Leabhar Gaeilge na Bliana ag na Irish Book Awards an bhliain chéanna. Anuraidh a foilsíodh a leagan de Bhuile Shuibhne, faoin teideal Mé Suibhne.
Tógadh Feargal Ó Béarra i mBoth Chuanna i nGaeltacht Chois Fharraige agus ba in Ollscoil na Gaillimhe agus sa Ghearmáin a bhain sé a chéimeanna amach. Chaith sé tamall i mbun taighde agus ina theagascóir ollscoile sna Stáit Aontaithe, sa Ghearmáin, i gCeanada, san Iorua, agus anseo in Éirinn. Ba sa Bheilg a chaith sé an blianta deireanacha a shaoil agus é ag obair ina aistritheoir i gComhairle an Aontais Eorpaigh.
Chuir Feargal an-spéis i litríocht na Sean-Ghaeilge, na Nua-Ghaeilge Moiche, agus na Nua-Ghaeilge Clasaicí. D’fhoilsigh Coiscéim Glórtha Ár Sinsear: Béaloideas Oirdheisceart na Gaillimhe in 2005, leabhar a scríobh sé féin agus Pádraig Ó Baoill. An bhliain dar gcionn foilsíodh An Old Irish Primer, leabhar léinn atá in úsáid go fóill ag scoláirí na Sean-Ghaeilge in ollscoileanna in Éirinn agus thar lear.
Bhí an Ghearmáinis ar a thoil ag Feargal freisin agus scríobh sé féin agus Arndt Wigger leabhar sa teanga sin faoi chúrsaí bádóireachta in iarthar na hÉireann faoin teideal Bádóireacht: Bootsbau und Seefahrt in der westirischen Tradition. Anuas air sin, scríobh sé na scórtha ailt agus léirmheasanna faoi stair na dteangacha Gaelacha.
Maireann a bhean Méabh agus a gclann.