An sean, an nua & an bun os cionn

Ina leabhar Instrumental a d’fhoilsigh James Rhodes anuraidh is é bunús an tsonais, dar leis, ná “… déan pé rud is mian leat a dhéanamh a chuireann sonas ort – fad is nach ngortaíonn tú daoine atá i do shaol. Ná déan an rud a shíleann tú gur cheart duit a dhéanamh, ná an rud a shíleann tú go gcreideann daoine eile gur cheart duit a dhéanamh…”

Mar sin cheannaigh mé péire bróg.

Chuir ceannach na mbróg sonas orm mar go bhfuil mo sheanphéire cineál seanchaite agus ag ligean isteach uisce.

Níor ghortaigh mé éinne nuair a cheannaigh mé na bróga (seachas mé féin – tá sáil mo choise deise is barraicíní mo choise clé i bpian).

Tá mé ag déanamh go dtógfaidh sé tamall go mbeidh mo chosa i dtaithí orthu.

Ach táim sásta cur suas leis an bpian.

Mí ó shin, idir dhá Nollaig a cheannaigh mé na bróga – an tréimhse fhada ait sin ina dtarlaíonn mórán (nó beagán) idir Lá Nollag agus Lá Nollag Beag.

Ach ní mhaireann liombó na laethanta leaisteacha ach seal agus ar Lá Nollag Beag baintear an crann Nollag anuas.

Rud traidisiúnta atá ann.

Ach cad is traidisúnta ann?

Ag tús na míosa seo thuairiscigh Tuairisc.ie go raibh an haischlib #NollaigNamBan ag treochtáil ar Twitter agus bhí alt ar NÓS faoi na himeachtaí éagsúla a bhí ar siúl timpeall na tíre le ceiliúradh a dhéanamh ar an lá sin.

Sa tslí inar cuireadh i láthair é ba dhóigh leat gur ceiliúradh ar an bhfeimineachas a bhí, go traidisiúnta, i Nollaig na mBan – d’eagraigh an tOireachtas féin sraith imeachtaí le ceiliúradh a dhéanamh ar an lá céanna agus íorónta go leor bhain siad leas as íomhá an-traidisiúnta – gúnaí cocktail éinne?

Leathchos crochta in airde go géilliúil bánúil éinne?

Bándearg éinne?

Oireachtas_Nollaig-na-mBan

Oíche Nollag Beag nó Oíche Chinn an Dá Lá Déag a bhíodh go traidisiúnta ar an bhféile seo.

Ach tá Nollaig na mBan anois sa bhféilire agus é ina lá ar leith do mhná.

Is maith sin.

Ligtear traidisiúin i léig is cumtar traidisiúin nua – sin a tharlaíonn… go traidisiúnta.

Déan nós, bris nós – sin mana na hirise seo – agus is cinnte go bhfuil nósanna á ndéanamh agus á mbriseadh an t-am go léir.

Is féidir le tíorántacht a bheith ag baint le traidisiún ach ar na saolta seo is amhlaidh go bhfuil sé den tábhacht go mbeadh gach rud nua – mura bhfuil sé nua tá sé sean agus má tá sé sean tá sé gan mhaith.

An tóiríocht don rud nua, don rud is úire – gach éinne ag baint na sála dá chéile chun an nasc is déanaí a roinnt sna meáin shóisialta – tá sin traidisúnta anois.

Níl gach seanrud shite agus níl gach rud nua nótáilte ach is cinnte go bhfuil rudaí nua nótáilte ag tarlú.

Tá Gaelgáirí tagtha ar an bhfód – ní raibh a leithéid ann cheana – agus níl siad ag cloí le riail ar bith, ach riail an ghrinn.

Tá casadh úr á bhaint ag Na Gaeil Óga as sean-mhúnla – díreach mar atá ag Imbolc, a rinne athmhúscailt ar sheanfhéile le ceiliúradh a dhéanamh ar an nua-smaointeoireacht.

Agus anois tá Gradaim Cheoil NÓS ann. Bhí sé úrnua agus iontach agus nótáilte go dtí a sé a chlog ar maidin.

Tá súil agam go mairfidh an traidisiún seo!

Maidir le mo bhróga de, bogfaidh an leathar iontu agus tá súil agam go ndéanfaidh siad damhsa neamhthraidisiúnta ag Ravelóid – mar go gcuirfidh sé sin sonas orm.

SCÉALTA EILE