An tú an Feirsteach is gnéasúla?

Tá an cuardach ar siúl le haghaidh an Ghaeil is gnéasúla i mBéal Feirste.

Mar chuid dá n-iarrachtaí chun cabhrú le táirgeoirí Palaistíneacha, tá comórtas nua á reáchtáil ag an eagras teanga Forbairt Feirste le teacht ar an fhear nó ar an bhean Ghaelach “is sexíáilte sa chathair”.

Tá fiontar sóisialta ag Forbairt Feirste darb ainm ‘Ceiliúr an Choilm’ a thacaíonn le daoine sa Phalaistín trí tháirgí ón tír ghafa a dhíol anseo in Éirinn.

Seolfar siopa speisialta de chuid an fhiontair seo go luath agus beidh sé d’onóir ag an Ghael is gnéasúla i mBéal Feirste bheith mar aoi ag an ócáid agus an chasóg lámhdhéanta Phalaistíneach seo (thíos) a chaitheamh le stíl.

gaeil-casog

Chun duine a mholadh don teideal ní gá ach foirm vótála a bhailiú ó oifig Forbairt Feirste, ón Chultúrlann nó ó ionaid eile i gCeathrú Ghaeltachta Bhéal Feirste, ainm an Ghaeil is gnéasúla, dar leat, a líonadh isteach agus punt a chur le do vóta.

Ainmneofar an duine leis an líon is mó vótaí mar an Gael is gnéasúla cois cuain agus fógrófar an buaiteoir ar 1 Deireadh Fómhair.

Rachaidh gach punt i dtreo ‘Ceiliúr an Choilm’, gheobhaidh an buaiteoir béile beirte sa Chultúrlann fosta agus, ar ndóigh, de réir nósanna na háite moltar do dhaoine vótáil go luath agus go minic!

Tuilleadh eolais ó forbairtfeirste.com

SCÉALTA EILE