Aon rud uait? Téacsáil Dan

Seirbhís nua seachdta do BÁC

Tá seirbhís úr do mhuintir Bhaile Átha Cliath a ligfidh d’úsáideoirí téacs a sheoladh agus aon rud ar mhaith leo a fháil seachadta chuig a ndoras.

Bunaithe ar choincheap a cruthaíodh sna Stáit Aontaithe timpeall bliain ó shin, is féidir le muintir na hArdchathrach uimhir ghutháin agus cárta creidmheasa a chlárú le ‘Text Dan’, agus as sin ar aghaidh iarratas a sheoladh ag aon am.

Níl tú ag iarraidh do chuid siopadóireachta a dhéanamh? Gheobhaidh Dan duit é.

An ndearna tú dearmad bronntanas a fháil do bhreithlá do Mhamaí? Seol téacs chuig Dan.

Dar lena suíomh gréasáin, tá foireann oibrithe ann a ghlacfaidh le do théacs agus a chuirfidh ar aghaidh é chuig seachadóir sa chathair.

Tá sé saor in aisce teagmháil a dhéanamh le Dan ach gearrtar táille breise ort as an tseirbhís a úsáid.

Níl an tseirbhís ag feidhmiú go fóillín ach is féidir le húsáideoirí clárú ag textdan.com